An Caisleán Nua (Baile Átha Cliath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Infotaula de geografia políticaAn Caisleán Nua
Newcastle Dublin 5564w.jpg
Edit the value on Wikidata

Suíomh
 53°18′N 6°30′W / 53.3°N 6.5°W / 53.3; -6.5
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
An Caisleán Nua

Is ceantar i ndeisceart Bhaile Átha Cliath é An Caisleán Nua (Béarla: Newcastle).


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cosúil gur thosaigh sráidbhaile An Chaislean Nua Liamhna mar shuíomh séipéil Luath-Chríostaí. Tá cur síos ar limistéar shráidbhaile an lae inniu chomh maith lena chúlchríoch i Leabhar na gCeart on 12ú céad mar mhaoin de chuid Ioruaigh Bhaile Átha Cliath, nó na Lochlannaigh]]. Tar éis theacht na n-Angla-Normannach thóg siad an móta, caisleán cré comhdhéanta de dhumha le barr cothiam, ar a mbeadh struchtúr adhmaid de chineál éigin. Is é an móta seo an struchtúr lonnaíochta is sine atá ar marthain sa sráidbhaile. Ó shin leith cuireadh an t-ainm An Caisleán Nua, leis an ainm traidisiúnta Gaelach Liamain nó Lymerhin agus is é Lyons an leagan truaillithé den ainm sin. Feictear an t-ainm gcáipéisí meánaoiseacha mar Novum Castrum De Luan.

Sa bhliain 1215 ghlac na Sasanaigh seilbh ar an talamh timpeall ar an gCaisleán Nua agus bhunaigh siad mainéar ríogach ar an suíomh seo in éineacht le Cromghlinn, An Eiscir agus Teach Sagard. Tógadh an chéad tséipéal sa mhainéar, a bhí mar shéipéal an pharóiste ina dhiaidh sin, in aice an mhóta. Tógadh an séipéal atá anois ann ina áiti go deireanach sa 14ú céad nó go luath sa 15ú céad. Tá túr cónaithe don sagart greamaithe leis. Cuireadh an fhuinneog ornáideach ar an taobh thoir den séipéal leis go deireanach sa 15ú céad. San 18ú céad tógadh Teach Gléibe breá in aice an tséipéil atá fos ann lena chuid talún féin timpeall air.

Tríd an tréimhse meánaoiseach bhí an mainéar i gcónaí i mbaol ionsaithe ó na hÉireannaigh a bhí ag scriosadh amach óna mbunáiteanna sléibhe. Chun misneach morálta a chruthú bhronn an choróin stádas buirge ar an gCaisléan Nua, cé nach raibh ar ach sráidbhaile. Faoi dheireadh an 14ú céad tógadh se thúrtheach daingnithe. Is é an túr atá greannaithe leis an séipéal an t-aon cheann atá fós go hiomlán ina sheasamh. Bhí dhá thúrtheach sa ghort ós comhair séipéal Eaglais na hEireann tráth. Thart ar 300 méadar siar ó dheas on tséipéal tiocfaidh tú ar fhothracha túrthí eile in aice an bhóthair.

Sa bhliain 1613 ardaíodh stádas An Chaislean Nua go dri buing pharlaiminteach le 12 bhuirgerseach saor aici. Chuir an bhuirg Beirt-chorphalta go parlaimint na hEireann, an méid céanna agus a bhí ag Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath agus ag Cathair Bhaile Átha Cliath, go dtí go mbaineadh an ceart sin di (disenfranchised) ag an Aontas sa bhliain 1800. Ó shin i leith tháinig meath ar an sráidbhaile go dtí gur tógadh an Séipéal Caitleachach sa bhliain 1813, rud a chruthaigh fócas nua don áit.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]