Gleann Cuilinn (Baile Átha Cliath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Gleann Cuilinn
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Dublin Magnified.png
Daonra (2006) 13006 (189 sa sráidbhaile féin)
Airde: 276 m
Contae: Contae Bhaile Átha Cliath
Cúige: Laighin
Droichead Ghleann Cuilinn

Sráidbhaile i nDeisceart Chontae Bhaile Átha Cliath na hÉireann is ea Gleann Cuilinn (Béarla: Glencullen). Baile fearainn é i ndeóise sibhialta Chill Tiarnáin, atá i mBarúntach agus Aontas Dhlí na mBocht Ráth an Dúin, ceantar Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Tá an sráidbhaile lonnaithe ar an R116, 276 méadar os cionn na farraige (906 troigh) agus fágann sin gurb é ceann de na sráidbhailte is airde in Éirinn é.[1]

Logainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá roinnt den tuairim gur as muintir Cullen, atá fós líonmhar go leor ar an mbaile, a ainmníodh an baile, cé gur ón gcrann cuilinn a cheaptar a thagann sé de ghnáth. Tugadh Gleann Chuilinn sa Ghaeilge agus Glancullen as Béarla air, scaití.

Gleann Cuileann in Áiteanna Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bailte Fearainn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sé bhaile fearainn ann, mar atá; Baile an Rí, Béarla: ​Kingston An Baile Breac, Ballybrack, An Baile Nua Beag, ​Newtown Little, An Baile Nua, ​Newtown, Baile Shéamais, ​Jamestown, An Ghléib, ​Glebe.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá tuama dinge ón gCré-umhaois ag Baile Éamainn Dhuibh ar fhána oirthir Bhinn Dá Charraig. Tugtar Uaigh an Fhathaigh air go h-áitiúil. Is seomra dronuilleogach é roinnte i dtrí chuid, timpeallaithe ag colbha u-chruthach de dhá bhalla atá líonta le clocha. Rinne Seán P. Ó Riordáin agus Ruaidhrí De Valera an tuama a thochailt sna 1940idí agus aimsíodh cnámha créamtha, casúr cloiche snasta, breochlocha agus potadóireacht. Is séadchomhartha náisiúnta atá ann.

Tá gallán tábhachtach ag Newtown Hill agus tá carn cré adhlactha atá ann ón treimhse chéanna le tuama dinge Bhaile Éamainn Dhuibh. [2]

Laistíos de Bhinn Dá Charraig atá ceann de shainchomharthaí tíre Bhaile Átha Cliath Theas Binn Trí Charraig, gona chrainn chumarsáide, roinnt acu atá le feiscint as Gleann Cuilinn.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba as Gleann Cuilinn don pholaiteoir Christopher Fitzsimon, garmhac do Dhónall Ó Conaill. I Lúnasa na bliana 1841 tharla don bhaile bheith ag lár ghluaiseacht na corraíola in aghaidh rialtas Robert Peel nuair a tionóladh comhairle na comhaireachta ag suí Fitzsimon. Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Viscount Morpeth agus Frederick Romilly. Le linn Éirí Amach na bhFíníní sa bhliain 1867 ghéill an naonar bpóilín a bhí i mBeairic an bhaile go Poblacht na hÉireann. [5]

Féile na bhFraochán[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'eagraítí The Frauchan Festival (Féile na bhFraochán i nGaeilge ) Mí Iúil ar an mbaile sna seachtóidí agus ochtóidí. D'eagraítí an fhéile timpeall ar Thabhairne Johnnie Fox's. Cuireadh stop leis an bhféile tar éis gur maraíodh Patricia Furlong, bean óg ann ar an 24 Iúil, 1982. D'aimsigh feirmeoir corp leathnocht na mná i gcúinne páirce cúpla céad slat ón tabhairne. Bhí a buataisí bainte di is iad in aice a coirp. Tachtadh í lena cuid éadaí féin.[3]

Siamsaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Radharc de Shráidbhaile Ghleann Cuilinn, agus Tábhairne Johnnie Fox ar dheis

Ag lár an bhaile tá Teach Tábhairne Johnnie Fox a bunaíodh sa bhliain 1798, bliain an Éirithe Amach Éireannaigh a raibh Theobald Wolfe Tone i gceannas air. Maítear gurb é an Teach Leanna Traidisiúnta is airde sa tír é agus creidtear seo go forleathan, cé nach fíor seo. Deirtear gur úsáid ceannairí Éirí Amach na Cásca é mar áit le casadh ar a chéile.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Leabharlann pháirt-aimseartha lonnaithe i bhfoirgneamh Carnegie a tógadh siar sa bhliain 1907. Tá Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig, bunscoil náisiúnta, lonnaithe sa bhaile.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an Cumann CLG Réaltaí na hÉireann (Béarla: Stars of Erin) lonnaithe i nGleann Cuilinn. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1903 agus tá comórtas uile-Éireann na gclubanna buaite acu faoi dhó. Bhuaigh siad Corn Paddy Mulligan sa bhliain 2010.

Tá galf-chúrsa 9 bpoll agus cúrsa ghalf dhá mhaide 18 poll lonnaithe ar an mbaile.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seirbhís de chuid Bus Átha Cliath i nGleann Cuilinn. Téann an bus 44B ón stad Luas i nDún Droma go Gleann Cuilinn.

Litríocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déantar mórán tagairtí do Ghleann Cuilinn i leabhar chuimhní cinn Dennis Kennedy, leabhar dar teideal Square Peg.[4] Luann Samuel Beckett an sráidbhaile ina chuid scríbhinní.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]