Cuileann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoCuileann
Ilex Cuir in eagar ar Wikidata

yerba mate Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhdrúp Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAquifoliales
FineAquifoliaceae
GéineasIlex Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochIlex aquifolium Cuir in eagar ar Wikidata

Crann nó tom síorghlas is ea cuileann a fhásann 10 m ar airde, dúchasach don Eoraip.

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An choirt airgeadach liath.
  • Na duilleoga leathrúil snasta ar an taobh uachtarach le himill thonnacha spíonacha.
  • Na bláthanna ceathairpheitealach bán, caora dearga ina ndiaidh, agus fireannaigh is baineannaigh ar chrainn dhifriúla.
  • Bíonn duilleoga ildathacha nó caora buí ar chuid mhaith de na crainn shaothraithe.[1]
An Nollaig

Nollaig[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fástar go forleathan é mar mhaisiúchán, don Nollaig go háirithe.

Bhaineadh na Rómhánaigh leas as an gcuileann agus iad ag comóradh Saturnalia (lean na Críostaithe an nós ar a mbealach féin).[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Cuileann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 191.
  2. Seosamh Ó Cuaig (22 Nollaig 2019). "Dlúthchuid den Nollaig an cuileann, an t-eidhneán agus an drualus" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-12-17.