An Leabhar Branach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharAn Leabhar Branach
Cineálcnuasach filíochta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaGaeilge Chlasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata

Cnuasach dánta sa Nua-Ghaeilge Mhoch, a tiomnaíodh go luath sa 17ú haois, is ea an Leabhar Branach. Tá ann filíocht molta do chlann Uí Bhroin, agus tuath acu darbh ainm Gabhal Raghnaill i gContae Chill Mhantáin.[1][2][3] Scríobhadh na dánta féin idir na blianta 1550 agus 1630, tréimhse achrainn i nÉirinn le hÉirithe Amach Dheasmhumhan, Cogadh na Naoi mBliana agus Éirí Amach Uí Dhochartaigh ar siúl.[4][5]

Éire sa bhliain 1500. Feictear críocha Uí Bhroin san oirthear, léirithe Ó Broin.

Léirmheas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dar leis an scoláire Seán Mac Airt, a d'fhoilsigh leagan den chuntas sa bhliain 1944:[6][4][7]

"the Leabhar Branach, apart from its linguistic value, is important in that it affords us some insight from an Irish standpoint into the life and fortunes of a sept bordering an Pháil, during an interesting if unhappy era of our history."

Abair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobhadh na dánta go formhór ag filí Mhic Eochaidh/Eochadha.[8][2][9] Scríobhadh roinnt acu ag Eochaidh Ó hEodhasa.[10]

Tá roinnt desna dánta tiomanta do Fhiach mac Aodha Ó Broin (1534–1597).[11][12] Deirtear gurbh í a bheadh chéile Róis Ní Thuathail:

"a blazing meteor, wine of grape, flower of women... She glows with the fire of youth. She is the life and death of heroes."[13]

Lámhscríbhinní[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an bhunlámhscríbhinn anois caillte. Rinneadh cóip di sa bhliain 1622 ag an bhfile, Brian Mac Giolla Phádraig, agus is a bhuí leis go maireann na dánta fós. Rinne Hugh O'Daly cóip de leagan Bhriain, agus caomhnaítear seo i gColáiste na Tríonóide. Tá cóip eile déanta ag Mícheál Ó Broin sna 1720í le fáil anois san Houghton Library, Harvard University.[14][15]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]