Uí Bhroin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Armas Uí Bhroin

Clann de shliocht Bhrain mac Maoil Mhórdha, rí Laighean, ball d'Uíbh Fhaoláin Uí Dhúnlainge is ea Uí Bhroin. Le linn ionradh na Normannach ar Éirinn lonnaigh siad i gContae Chill Mhantáin.

Léarscáil d'oirdheisceart na Laighean sa 16ú haois; feictear críocha Uí Bhroin mar Críoch Branach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí lárionad na géige is tábhachtaí de chuid Uí Bhroin suite ag Baile na Corra Thuaidh/Theas, agus na críocha thart timpeall Críoch Branach, faoina smacht.[1]

Le linn Éirithe Amach Dheasmhumhan, thug an gaiscíoch Aodh Ó Broin tacaíocht d'Iarla Dheasmhumhan, agus d'éag sé i rith an dara héirí amach.[1] Tháinig a mhac Fiach i gcomharbacht air agus i dteannta le tiarna na Páile lord James Eustace, choinnigh siad orthu in éadan na Sasanaigh. Cuireadh arm mór faoi Fhear Ionad na hÉireann, Iarla Grey de Wilton, chun iad a chur faoi chois, ach rinneadh luíochán rompu agus cloíodh iad i gCath Ghleann Molúra ar an 25ú Lúnasa 1580, inár cailleadh 800 fear. Thug Fiach cuidiú d'Aodh Rua Ó Domhnaill chun éalú as Caisleán Átha Cliath sa bhliain 1591. D'fhan Aodh Rua le Fiach ag Baile na Corra.

Sa bhliain 1595, forghabhadh Baile na Corra ag garastún Túdarach, ach chuir Fiach an ruaig orthu agus dhóigh sé an dún.[1] Rinneadh feall ar Fhiach agus maraíodh é ag fórsaí an Fhear Ionaid ag Fán an Iarainn ar an 8ú Bealtaine 1597.

Bronnadh críocha a athair ar mhac Fhéich, Féilim, le litreacha paitinne ag Eilís I tar éis dó géilleadh di. Chaill sé a chríocha, any, faoi Shéamas I.[1] Bhí sé ina theachta Parlaiminte do Contae Chill Mhantáin sa bhliain 1613. Fuair sé bás sa bhliain 1630.

Tá garghaol go deo idir Uí Bhroin agus Uí Thuathail.

Tiomsaíodh an Leabhar Branach, cnuasach dánta in ómós Uí Bhroin, go luath sa 17ú haois.

Armas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Armas: Gules a chevron idir trí lámh three deasa, gearrtha ag caol na láimhe, airgead
  • Suaitheantas: murúch le cíor agus scáthán dualdaite.
  • Mana: Laidin: certavi et vici (throid mé agus bhuaigh mé).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Byrne-Rothwell, Daniel (2010). "The Byrnes and the O'Byrnes". Colonsay: House of Lochar. OCLC 662635040. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 "Ó Broin". Dáta rochtana: 2a Deireadh Fómhair 2010.

Teimpléad:Laigin