Iarla Dheasmhumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Éire sa bhliain 1450, le hIarlacht Dheasmhumhan san iardheisceart

San aimsir a caitheadh, bhí Iarltacht Dheasmumhan (Béarla: Desmond) i seilbh tiarnaí na hÉireann, ar an gcéad dul síos mar theideal lasmuigh den chóras tiarnais agus níos déanaí mar chuid de Thiarnas na hÉireann..[1]

Líníocht de Mhuiris Mhic Gearailt, Tiarna Llansteffan, uaidhsean a shíolraigh an mhuintir -Teaghlach na nGearaltach in Éirinn, ó  lámhscríbhinn 'Expugnatio Hibernica', cuntas ar an ionradh, sa bhliain 1169, ar Éirinn, scríofa ag nia Mhuiris, Giraldus Cambrensis sa bhliain 1189.

Ba le sliocht Thomáis Mhic Mhuiris Mhic Ghearailt, Tiarna Ui Conghaile Barúntacht bhunaidh Dheasmhumhan i gCúige Mumhan. An mac is óige de Mhuiris Mac Gearailt, Tiarna Llansteffan ab ea Tomás, ina thacaí lárnach do Risteárd de Clare, Dara hIarla Phembróic (Strongbow) ina ionradh ar Éirinn sa bhliain 1169. Bunaitheoir an ríshleachta Chambra-Normannach 'Teaghlach Mhic Gearailt' in Éirinn, ab ea Muiris . Ós rud é gur de shliocht an mhic is óige de Mhuiris, ba ógchraobh de chuid na nGearltach in Éirinn í; bhunaigh deartháir mór Thomáis,Gearóid Mac Muiris Mac Gearalit, 1ú Tiarna Uíbh Fhailí an chraobh shinsearach, sé sin an Teaghlach Chill Dara. D'éirigh le mac Thomáis, Seán Mac Thomáis Mac Gearailt a bheith ina chéad Iarla Dheasmumhan, nuair bhfuair sé, de bharr a hómós agus a sheirbhís, deontas sa bhliain 1259 de thailte na nDéise agus na Deismhumhan ón Phrionsa Éadbhard Shasana. Sula ndeachaigh na tailte go hÉideard, ba le Tomás MAc Antaine iad, athair de chuid bhean chéile Sheáin, Mairéad Mhic Antaine (Béarla: Margery FitzAnthony). [2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Teimpléad:Harvnb
  2. Teimpléad:Harvnb