Ríocht Dheasumhan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilRíocht Dheasumhan

Suíomh

PríomhchathairCill Airne Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deContae Chorcaí
Contae Chiarraí Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1118
Díscaoileadh1596

Ríocht stairiúil i n-iardheisceart na hÉireann ba ea Deasumhain nó Deasmhumhain. Bunaíodh sa bhliain 1118 í ag rí Tadhg Mac Cárthaigh, nuair a roinneadh go hoifigiúil Ríocht na Mumhan i nDeasumhain agus i dTuamhan le Conradh Ghleann Maghair. Bhí inti Contae Chorcaí agus formhór de Chontae Chiarraí. Faoi cheannas Mhic Cárthaigh a bhí sí, agus i measc clann eile sa ríocht, bhí Uí Shuilleabháin agus Uí Dhonnabháin.

Mac Cárthaigh
Claíomh Nuadha

Chloígh na hAngla-Normannaigh taobh oirthir Dheasumhan sa 12ú haois agus d'éirigh siad ina nIarlaí Dheasumhan, faoi cheannas FitzGerald agus Fitzmaurice

Ghéill rí Dheasumhan, Diarmaid Mac Cárthaigh, do Anraí II Shasana, ach mhair an taobh iarthair mar ríocht Ghaelach leath-neamhspleách. A bhuíochas le bua Fhínghin Mhic Cárthaigh in éadan na nAngla-Normannach i gCath Callainn sa bhliain 1261, caomhnaítear neamhspleáchas Dheasumhan.

I ndiaidh Chogaidh na Naoi mBliana sna 1590í, thángthas Deasumhan mar chuid de Ríocht na hÉireann.

Bhunaigh ríthe Dheasumhan suíomhanna amhail is Caisleán na Blarnan, Caisleán Bhaile Uí Chairbre, Mainistir Mhucrois agus Cill Chré.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]