Aodh Rua Ó Dónaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aodh Rua Ó Domhnaill)
Infotaula de personaAodh Rua Ó Dónaill

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Aodh Ruadh Ó Domhnaill
(en) Red Hugh O'Donnell
Beathaisnéis
Breith30 Deireadh Fómhair 1572 (Féilire Ghréagóra)
Leifear Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Meán Fómhair 1602
29 bliana d'aois
Simancas Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaValladolid Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
Teaghlach
TeaghlachUí Dhomhnaill Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Ó Dónaill  agus Fionnuala Nic Dhónaill
SiblínRuaidhrí Ó Domhnaill agus Nuala Ní Dhónaill

Tiarna Thír Chonaill ab ea Aodh Rua Ó Dónaill (1572 - 10 Meán Fómhair, 1602) a bhí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana ó 1594 go 1603[1],[2].

léaráid ealaíontóra, glóirithe[3]

Óige agus príosúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Aodh Rua sa bhliain 1571. Mac le taoiseach Thír Chonaill, Aodh mac Mánusa Ó Dónaill, ab ea é. Fionnuala Nic Dhónaill An Inghean Dubh a bhí ar a mháthair.

Tógadh ar altramas é le Mac Suibhne, tiarna Fhánaid i dtuaisceart Thír Chonaill, i gCaisleán na dTuath (taobh istigh de Chuan na gCaorach).[4]

Sa bhliain 1587, d'fhuadaigh Sir John Perrot é agus Aodh Rua cúig mbliana déag d'aois chun stop a chur le comhaontas idir Muintir Dhónaill agus Muintir Néill. Chuir Perrot long a bhí lán d'fhíon go Loch Súilí.[5] Chuir an captaen teachtaireacht go Clann Mhic Suibhne go raibh fíon aige le díol agus go raibh fáilte rompu teacht ar bhord na loinge chun béile a bheith acu, agus an fíon a bhlaiseadh. Ghlac Chlann Mhic Shuibhne leis an gcuireadh, ach i ngan fhios dóibh, bhí slua de shaighdiúirí Sasanacha i bhfolach ar an mbád.

Caisléain Bhaile Átha Ciiath

Thuigeadar go tapaidh go rabhadar gafa, ach d'éirigh le Mac Suibhne saoirse gach duine a shocrú, trí airgead a íoc thar a gceann, ach amháin saoirse Aodh Uí Dhomhnaill. Ba chuma cé mhéad airgid a bhí Muintir Uí Shuibhne sásta íoc as saoirse Aoidh, bhí sé soiléir nach nglacfadh na Sasanaigh le hairgead, agus gur fuadaíodh Aodh, a bhí mar aidhm ag na Sasanaigh ó thús.

An Láithreach go Gleann Molúra

Cuireadh Aodh i bpríosún i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath, i dtúr Birmingham. I dTír Chonaill, Bheartaigh a mháthair (an t-Iníon Dhubh) saoirse a mic a fháil agus Tír Chonaill a choimeád faoi smacht go dtí go mbeadh Aodh saor arís.

D'éirigh le Aodh éalú ar feadh tamaill sa bhliain 1590, ach rug na Sasanaigh air.

'An Taoiseach Gaelach', le Maurice Hannon (1999), ar an N4, gar do Mhainistir na Búille, Co Ros Comáin. Tharla Cath an Chorrshléibhe (1599) 2km ón áit seo.[6]

Le cabhair ó Aodh Ó Néill, d'éalaigh Aodh Rua arís i mí Eanáir sa bhliain 1592 in éineacht le beirt mhac le Seán Ó Néill. Sin an t-aon uair amháin a d'éirigh le héinne éalú ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Bhí siad fuar fliuch agus iad caillte i sléibhte Chill Mhantáin. Fuair Art Ó Néill bás sna sléibhte agus bhí Aodh Rua i bponc ar feadh tamaill. Shroich sé an daingean a bhí ag Fiacha Mac Aodha Ó Broin i nGleann Molúra. Dóite ag an sioc, chaill Aodh Rua a orda coise

Cogadh na Naoi mBliana[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a d'fhill Aodh ar Chúige Uladh, d'éirigh a athair as mar thaoiseach. Tháinig Aodh i gceannas ar mhuintir Dhónaill agus ar Thír Chonaill.

Castillo de Simancas

Faoin mbliain 1594, bhí Aodh Óg Uí Dhomhnaill ina cheannaire ar na Gallóglaigh in aghaidh Shasana le linn Chogadh na Naoi mBliain. Comhghuaillithe ab ea é féin agus Aodh Ó Néill nuair a thosaigh Cogadh na Naoi mBliana.

Sár i bhfad d'éirigh leis an dá Aodh smacht a fháil ar Uladh, agus ar Shligeach go luath i dhiaidh sin. Fuair siad an ceann is fearr ar na Sasanaigh ag cathanna ag Béal Átha na mBrioscaí, Cluain Tiobraid agus sa Chorrshliabh.[7]

Sa bhliain 1601 tháinig a gcomhghuaillithe, na Spáinnigh, i dtír chun chabhrú leo, ach bhí siad rófhada ó dheas, i gCionn tSáile. B'éigean do na hÉireannaigh dul go Cionn tSáile, ach buadh orthu ag Cath Chionn tSáile.

Oilithreacht, achainí chabhrach agus bás anabaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Aodh Rua Ó Domhnaill a dhéanamh creiche i dTuamhain i 1599 agus thóg leis cuid d’eallach an fhile, Maoilín Óg.[8] D’impigh Maoilín air go dtiocfadh an fhilíocht saor ón gcreach agus tugadh an t-eallach ar ais dó. Chuir Maoilin i gcuimhne d’Aodh Rua i rann go raibh an chreach inghlactha i ndíoltas na hargana a rinne Ó Briain ar Aileach 400 bliain roimhe sin.[8][9]

D’fhág Aodh Éire tar éis na Nollag sa bhliain 1602.[10] Chuaigh sé go dtí an Spáinn chun cabhair breise a fháil, is cosúil, chun achainí a iarradh ar Rí Pilib III cuidiú a thabhairt do na Taoisigh Ghaelacha a bhí ag troid in éadan na Sasanach.

Tháinig sé i dtír in A Coruña na Gailíse agus fuair sé cuireadh castáil leis an rí i Valladolid, 450 ciliméadar soir ó dheas.[11]

Thaistil Aodh agus a lucht coimhdeachta an an gCamino Francés soir go dtí Astorga. Bhí socrú déanta go bhfanfadh Aodh Rua i Mainistir Bheinidicteach San Martín Pinario. Sa bhaile seo freisin a chas Aodh Rua Ó Domhnaill ó dheas i dtreo Valladolid, agus cúirt an Rí, go gairid roimh a bhás. Ach níor éirigh leis a cheann scríbe a bhaint amach. Cailleadh é ar an 10 Meán Fómhair, 1602, i gCaisleán Simancas, 17 ciliméadar ó Valladolid.

Bás anabaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Aodh bás i gcaisleán Simancas sa bhliain 1602 (10km soir ó Valladolid). Bhí sé 29 mbliana d'aois nuair a bhásaigh sé.

Adhlacadh Aodh i Mainistir na bProinsiasach sa bPlaza Mayor i Valladolid,[12][13][14] a thuairiscítear ar dtús sa Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, le Lughaidh Ó Cléirigh.[15]

Chuir Rí na Spáinne, Pilib III na Spáinne, ionradh eile ar Éirinn ar ceal nuair a chuala sé an nuacht.

Tháinig a dheartháir Ruairí Ó Dónaill i gcomharbas air.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur dúradh ag an am gur mar thoradh ar ionfhabhtú ó phéist ribíneach (an plá bhúbónach) a bhásaigh Aodh Rua, síleann go leor daoine gur thug spiaire as Gaillimh, James Blake, nimh dó.[16]

Níl aon tuairisc ón am a thug le fios gur tháinig Blake ná aon strainséir eile i gcomhluadar Uí Dhomhnaill sula bhfuair sé bás. Lena chois sin, d'ainneoin amhras na Spáinneach faoi Blake, níor cúisíodh ná ciontaíodh riamh é sa chás. Mar sin de, maireann an mhistéir faoi bhás an taoisigh óig.[11]

Cuimhneachán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1991, i gcaisleán Simancas, nochtadh leac chuimhneacháin ina onóir, ar a scríobhadh, "...fuair Aodh Rua Ó Domhnaill, Prionsa Thír Chonaill, bás sa Chaisleán seo i Simancas agus é ar a bhealach go Valladolid le cabhair mhíleata bhreise a lorg ar Rí Pilib III tar éis briseadh chath Chionn tSáile in Éirinn ar fhórsaí na Spáinne agus na hÉireann ag arm Shasana."[17]

I mBealtaine na bliana 2022 theip ar thochailt a deineadh faoi bhun Banco de Santander i Valladolid (an áit ina meastar a cuireadh Aodh Rua) teacht ar thaisí phrionsa Thír Chonaill.[11]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mícheál Mac Craith - ‘Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill: Beathaisnéis de chuid an Renaissance’, Irisleabhar Mhá Nuad, 1994
  2. Ó CLÉIRIGH, Lughaidh (c.1580–c.1630) Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1409
  3. irishstoryteller.com/ (2009-02-18). "redhugh.html". web.archive.org. Dáta rochtana: 2024-01-10.
  4. "Heritage Ireland: Caisleán na dTuath". web.archive.org (2017-02-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-02-24. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  5. "Aodh Rua Ó Domhnaill | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  6. Foras na Gaeilge. "Ealaín Phoiblí in Éirinn". Dáta rochtana: 2021.
  7. "Aodh Rua Ó Domhnaill | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  8. 8.0 8.1 "MAC BRUAIDEADHA, Maoilín Óg (?–1602)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  9. Tá an dán in Annála Ríoghachta Éireann faoin mbliain 1599 agus in Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh.
  10. Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007
  11. 11.0 11.1 11.2 Breandán Delap / Nuacht RTÉ (2024-01-09). "Feallmharú nó ionfhabhtú ba chúis le bás Aodha Rua i 1602?" (as ga-IE). 
  12. "Bowing to a regal past". www.irishtimes.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  13. "Memory of Red Hugh O’Donnell honoured in Valladoloid - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  14. "Spanish dig closes in on burial site of Irish lord Red Hugh O'Donnell" (en). the Guardian (2020-05-27). Dáta rochtana: 2021-09-10.
  15. "Part 12 of Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-15.
  16. Britannica[nasc briste go buan]
  17. "Resting-place of Red Hugh" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-08-15.