Fionnuala Nic Dhónaill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 haois Albain |
Bás | luach anaithnid (>1610) |
Áit chónaithe | Cill Mhic Réanáin Mongavlin Castle (en) |
Tréimhse oibre | (Floruit: 16 haois) |
Eile | |
Teideal uasal | Banríon |
Teaghlach | Clann Domhnaill |
Céile | Aodh Ó Dónaill |
Páiste | Aodh Rua Ó Dónaill, Nuala Ní Dhónaill, Cathbharr Ó Dónaill, Ruaidhrí Ó Domhnaill, Máire Ní Dhónaill |
Athair | James MacDonald, 6th of Dunnyveg (en) agus Agnes Campbell |
Siblín | Alexander Carragh MacDonald of Glenarm (en) , Aonghus Mac Dónaill, Archibald MacDonald, 7th of Dunnyveg (en) , Coll MacDonald, Ranald MacDonald of Smerby (en) agus Donald Gorm MacDonald of Carey (en) |
Bean uasal Ghaelach as Albain agus banríon Thír Chonaill in Éirinn ba ea Fionnuala Nic Dhónaill (fl. 1570 – 1608). Thugtaí an Iníon Dubh uirthi i nGaeilge nó Inghean Dubh i nGaeilge na hAlban. Ba í iníon Sheumais Mhic Dhòmhnaill agus Ùna Chaimbeulach í, agus ba í an dara bean ag Aodh mac Mhaghnusa Uí Dhónaill, Rí Thír Chonaill í, agus máthair an chinn fheadhna Aodh Rua Ó Dónaill, an chéad Iarla Thír Chonaill.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]I gCúirt na Stiúbhartach in Albain a tógadh an Iníon Dubh, agus ba mhór an tairbhe di a cairde gaoil chun saighdiúirí a fháil ó Albain tar éis di Aodh mac Mhaghnusa Uí Dhónaill a phósadh, rud a thit amach timpeall 1570.[1] Bhí ceathrar mac aici, an bheirt ríthe deireanacha ar Thír Chonaill ina measc: Aodh agus Ruairí. Nuair a d'éirigh a fear céile siabhránach agus é ina sheanduine, ba ise a tháinig i gceannas ar an ríocht.
Fuadaíodh an mac ba shine aici, Aodh Rua, in 1587 agus cuireadh i bpríosún i gCaisleán Bhaile Átha Cliath é. Lean an Iníon Dubh uirthi ag cosaint a chirt ar cheannas na ríochta. In 1588 chruinnigh sí buíon Albanach chun Aodh Ó Néill, mac a dearthár An Calbhach Ó Domhnaill, a mharú mar gheall ar iarracht a rinne sé ceannas a ghabháil. Mar a deir Annála Ríochta Éireann:
“ |
Do-rónadh fuirre-si sin, uair ro ionnsaighsiot an t-aireccal i m-baoí Aodh, & ro gabhsat ag á dhiúbhracadh do shaighdibh & do pheiléraibh go f-farccaibhsiot marbh gan anmain, & ro marbhadh bheós amaille fris an ro badh tairisi lais dia shain-muintir.[2] |
” |
- [Rinneadh é sin ar a son, óir d’ionsaigh siad an t-aireagal ina raibh Aodh, agus ghabh siad á dhiúracadh de shaigheada agus de philéir gur fhág siad marbh gan anam é, agus maraíodh maille leis a raibh dá shainmhuintir ba thairisí dó.]
In 1591 rinne Domhnall Dubh Ó Dónaill, mac a fir chéile ón gcéad phósadh aige, iarracht an ceannas a ghabháil.
“ |
Bá saoth mór & bá galar menman lá h-ingin t-Semais mic Domhnaill, Domnall do bheith for an abairt sin ar omhan lé a rochtain i c-cendus Cenel c-Conaill ar bélaibh a meic Aodh Ruadh bái i l-laimh i n-Ath Cliath cecib tan nó dhéonaighfadh Dia dó tocht a cuimreach conadh aire sin ro tionóileadh lé a m-baoí fomhámaighthe dia fior do Chenél c-Conaill .i. O Dochartaigh cona thionól, Mac Suibhne na t-Tuath Eoghan Ócc cona sochraite, Mac Suibhne Fanat cona sochraide go sochaidhe móir d'Albanchaibh a maille friú.[3] |
” |
- [Ba shaoth mór agus ba ghalar meanmnan le hiníon Shéamais Mhic Dhomhnaill go mbeadh Domhnall á dhéanamh sin, ar eagla go dtiocfadh sé i gceannas Chineál Chonaill ar bhéala a mic Aodh a bhí i láimh i mBaile Átha Cliath, cibé uair a dheonódh Dia dó teacht as cuibhreach, agus sin é an fáth ar thionóil sí a raibh dílis dá fear de Chineál Chonaill .i. Ó Dochartaigh lena thionól, Mac Suibhne na dTuath (Eoghan Óg) lena shochraid, Mac Suibhne Fanad lena shochraid, agus sochaí mhór d’Albanaigh maille leo.]
Mharaigh na boghdóirí Albanacha Domhnall agus mórán eile ag an Doire Leathan laistiar de Ghleann Choluim Cille.[4]
Is iomaí iarracht a rinne sí Aodh Rua a shaoradh go dlíthiúil sular éírigh leis éalú as Caisleán Bhaile Átha Cliath in 1592. Ina dhiaidh sin thug sí airgead do Niall Garbh Ó Dónaill, an t-éilitheoir deiridh a bhí fágtha, agus d’áitigh sí ar a fear céile an ceannas a ligean lena mac. Is dócha gur socraíodh roimh ré ar Aodh a thoghadh mar cheann feadhna na nDónallach in 1592, rud arbh í an Iníon Dubh ba chionsiocair leis.[5]
Deireadh saoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith sí tamall ina dhiaidh sin ina cónaí i gCill Mhic Réanáin. In 1608, nuair a bhí gach mac dá cuid marbh tar éis Imeacht na nIarlaí, chuir sí feall i leith a cliamhain, Niall Garbh, agus cuireadh i bpríosún i dTúr Londan é.[6]
Ní fios cén uair a fuair sí bás. Is cosúil gur chaith sí deireadh a saoil i gCaisleán Mongavlin, daingean beag cois an Fheabhail, go díreach taobh theas de Bhaile Suingean i gCeantar an Lagáin in oirthear Dhún na nGall.
Craobh ghinealaigh na nDónallach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Aodh mac Mhaghnusa Uí Dhónaill. = 1, as Éirinn = 2, Fionnuala "an Iníon Dubh" Nic Dhónaill (pósadh ~1570) | | __|______________________________________ |_________________________________________________________________ | | | | | | | | | | | | | | | | | | | | | | | | Donnchadh Domhnall Ruaidhrí Siobhán iníon Nuala Aodh Ruadh Rudhraighe Maghnus Mairghead Máire Cathbarr (Scaite) m.1590 m.1575 m.1591 fl.1579 fl.1592 1571-1602 m.1608 fl.1608 m.1662 fl.1608 | | Domhnall Óg
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ An Phoblacht
- ↑ Annála Ríochta Éireann, M1588.15: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html
- ↑ Annála Ríochta Éireann, M1590.6: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html
- ↑ Annála Ríochta Éireann, M1590.6: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html
- ↑ Morgan, Hiram, Tyrone's Rebellion, Boydell & Brewer, 1999, Rochester, NY, ISBN 0-85115-683-5
- ↑ An Phoblacht