Fiach mac Aodha Ó Broin
Cuma
(Athsheolta ó Fiach MacAodha Ó Broin)
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Fiach mac Aodh Ó Brion |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 1534 (Féilire Ghréagóra) Síol Éalaigh |
Bás | 8 Bealtaine 1597 62/63 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Teaghlach | |
Páiste | Féilim Ó Broin |
Laoch Laighneach agus taoiseach mór mhuintir Bhroin, bhí Fiach mac Aodha Ó Broin nó Fiach MacHugh O'Byrne (1534[1] – 8 Bealtaine 1597) ina thaoiseach ar Chill Mhantáin.[2] Bhí cáil na troda air.
Tá clú ar a fhriotaíocht i gcoinne riail na Sasanach agus a chabhair le héalú Aodh Rua Ó Dónaill.
Sheas Mac Aodha Ó Broin an fód in aghaidh Shasana agus bhris sé arm an Tiarna Grey i nGleann Molúra ar 25 Lúnasa 1580.
Baineadh a chloigeann de ar 8 Bealtaine 1597.
Laochas agus miotas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag Éireannach nár chuala tuairisc ar an taoiseach. Baineann a scéal le scéalta móra gaisce an nGael.[3] I rith an chatha sa bhliain 1580, rothlaíodh carraigeacha móra síos ar na Sasanaigh ó shleasa an ghleanna, deirtear. Ach is deacair é a chreidiúint.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ c.1544 ar dib.ie ach tá a fhios againn go raibh sé i mbun troda sna 1560idí agus clann air nuair a bhí sé óg
- ↑ "O'Byrne, Fiach MacHugh | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-24.
- ↑ Vivian Uibh Eachach - Fiacha mac Aodha Ó Broin( Leabhar Breac) ☀; ISBN 978-0-898332-16-9