Síol Éalaigh
![]() | ||||
---|---|---|---|---|
![]() ![]() | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Chill Mhantáin ![]() | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 65 m ![]() | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 1416551 |
Baile in oirdheisceart na hÉireann, i ndeisceart Chontae Chill Mhantáin is ea Síol Éalaigh (Béarla: Shillelagh).[1] Tá Síol Éalaigh i bparóiste dlí Charn an Bhua. Bhí 278 duine ina gcónaí sa bhaile sa bhliain 2002.


Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]“Sliocht duine darbh ainm Éalach” an bhrí atá le “Síol Éalaigh”. Ach deirtear go bhfuil ainm an bhaile nasctha leis an mbata siúil ón gcrann sceach a thugtar an tsail éille air as Gaeilge, nó shillelagh as Béarla. Ceapann daoine eile, áfach, gur comhtharlú é gur cuireadh an leagan céanna i mBéarla ar ainm an bhaile agus ar an mbata.

Leagadh Síol Éalaigh amach mar chuid d’eastát FitzWilliam siar san 17ú haois. Ina aice, tá Teach Coolattin[3] (arna dhearadh ag John Carr agus tógtha timpeall ar an bhliain 1800), lár eastát Mhuintir FitzWilliam san am.
Osclaíodh stáisiún traenach i Síol Éalaigh ar an 22 Bealtaine 1865. Cuireadh stop leis an tseirbhís phaisinéirí agus earraí ar an 24ú Aibreán 1944, agus chuaigh an stáisiún as feidhm ar fad ar an 20 Aibreán 1945.


Rinneadh scannánú ar "An Taibhse", an chéad fhadscannán uafáis Ghaeilge, i mí na Samhna 2021 i Coolattin House[3] in aice le Síol Éalaigh.[4]
An baile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá coill dharach Thom na Feannóige (Béarla: Tomnafinnoge) suite i Síol Éalaigh, an choill dharach is mó dá bhfuil fágtha in Éirinn inniu. Tá an dá dhair Chorcaí atá in Éirinn le feiceáil sa bhaile.
Tá craobh de Chumann Lúthchleas Gael i Síol Éalaigh agus is spéirghorm agus dúghorm na dathanna atá acu. Tá Coolattin Golf Club, cúrsa 18 poll, i gcóngar an tsráidbhaile. Tá Síol Éalaigh suite ar Shlí Cualann Nua, ceann de na bealaí siúil fada is mó tóir orthu in Éirinn.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Síol Éalaigh/Shillelagh | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-09-19.
- ↑ "Coollattin House" (as en) (2025-03-25). Wikipedia.
- ↑ 3.0 3.1 "Coollattin House" (as en) (2025-03-25). Wikipedia.
- ↑ Jenna Goulding (2025-03-14). "An Taibhse: an chéad scannán uafáis as Gaeilge – An Páipéar" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-03-27.