Aodh Rua Ó Dónaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aodh Rua Ó Dónaill

Tiarna Thír Chonaill ab ea Aodh Rua O Dónaill (1572 - 10 Meán Fómhair, 1602) a bhí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana ó 1594 go 1603.

Óige agus príosúnacht[athraigh | edit source]

Rugadh Aodh Rua sa bhliain 1571. Mac le taoiseach Thír Chonaill, Aodh mac Mánusa Ó Dónaill, ab ea é. Fionnuala Nic Dhónaill An Inghean Dubh a bhí ar a mháthair. Tógadh ar altramas é le Mac Suibhne, tiarna Fhánaid i dtuaisceart Thír Chonaill. Sa bhliain 1587, d'fhuadaigh Sir John Perrot é agus é cúig mbliana déag d'aois chun stop a chur le comhaontas idir Muintir Dhónaill agus Muintir Néill.

Cuireadh i bpríosún é i gCaisléain Bhaile Átha Ciiath sa bhliain 1587. D'eirigh leis éalú ar feadh tamail sa bhliain 1590, ach rug na Sasanaigh air. Le cabhair ó Aodh Ó Néill, d'éalaigh sé arís i mí Eanáir sa bhliain 1592 in éineacht le beirt mhac le Seán Ó Néill. Bhí siad fuar fliuch agus iad caillte i sléibhte Chill Mhantáin sular shroich siad an daingean a bhí ag Fiacha Mac Aodha Ó Broin i gCill Mhantáin. Fuair Art Ó Néill bás sna sléibhte agus bhí Aodh Rua tinn ar feadh tamaill. Tháinig biseach air ach chaill sé ordóga na gcos toisc go raibh siad siocdhóite. Sin an t-aon uair amháin a d'éirigh le héinne éalú ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Cogadh na Naoi mBliana[athraigh | edit source]

Nuair a d'fhill Aodh ar Chúige Uladh, d'éirigh a athair as mar thaoiseach. Tháinig Aodh i gceannas ar mhuintir Dhónaill agus ar Thír Chonaill. Comhghuaillithe ab ea é féin agus Aodh Ó Néill nuair a thosaigh Cogadh na Naoi mBliana. Fuair siad an ceann is fearr ar na Sasanaigh ag cathanna ag Béal Átha na mBrioscaí, Cluain Tiobraid agus Béal an Átha Bhuí. Sa bhliain 1601 tháinig a gcomhghuaillithe, na Spáinnigh, i dtír chun chabhrú leo, ach bhí siad ró-fháda ó dheas, i gCionn tSáile. B'éigean do na hÉireannaigh dul go Cionn tSáile, ach buadh orthu ag Cath Chionn tSáile.

I nDiaidh Chath Chionn tSáile[athraigh | edit source]

Chuaigh Aodh go dtí an Spáinn chun cabhair breise a fháil. Fuair sé bás sa bhliain 1602, áfach. Deirtear gur mharaigh spiaire é i mValladolid, ach deirtear freisin anois go mb'fhéidir gur mharaigh péist ribíneach é. Tháinig a dheartháir Ruairí Ó Dónaill i gcomharbas air.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]