Cath Chionn tSáile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cath Chionn tSáile
Cogadh na Naoi mBliana
Cath Chionn tSáile

Léigear agus Cath Chionn tSáile

Dáta: 2 Deireadh Fómhair 1601- 3 Eanáir 1602
Áit: Cionn tSáile Contae Chorcaí, Éire
Toradh: Bua do Ríocht Shasana
Céilí comhraic
Ríocht Shasana Tiarnaí Gaelacha
  • Ríocht na Spáinne
Ceannasaithe
Charles Blount
George Carew
Richard Leveson
Donogh O'Brien
Aodh Ó Néill
Juan del Águila
Aodh Rua Ó Dónaill
Richard Tyrell
Slua
11,800 coisithe
857 marcshlua
Gaeil
6,000,
Spáinnigh
3,500
Taismigh
~6,000 (dé bharr galar agus tréigean den chuid is mó) Gaeil
~1,200 (idir marbh agus curtha chun báis)
Spáinnigh
100 marbh, 3,400 géillte

Troideadh Cath Chionn tSáile i gContae Chorcaí, sa bhliain 1601, nuair a chloígh arm Shasana na tiarnaí Gaelacha agus fórsaí Spáinneacha.

Ba é an cath ba mhó ó thaobh Chogadh na Naoi mBliana, agus freisin mar chuid den Cogadh Angla-Spáinneach (1585 -1604).

Bhí an Bhanríon Eilís I ag iarraidh an tír a chuir faoi chois, ach throid na tiarnaí Gaelacha ina haghaidh, go háirithe Aodh Ó Néill, Aodh Rua Ó Dónaill, agus Ó Suilleabháin.

Tháinig tháinig b'fhéidir 3,400 saighdiúir, faoi Don Juan de Aguila agus Don Diego Brochero, i dtír ar an 2 Deireadh Fómhair, 1601 i gCionn tSáile.[1] Thóg na Spáinnigh an baile ach, d'fhan siad ann, agus tar éis tamaill bhí siad timpeallaithe ag na Sasanaigh. Bhí ar Eilís I Shasana agus na tiarnaí tuaisceartacha teacht ó dheas chun buaileadh leo, rud a rinne siad go luath i ndiaidh an t-eolas a fháil.

Ar an 24 Nollaig, bheartaigh siad ar na Sasanaigh a ionsaí. Bhí orthu siúil go barr Chnoc Ard Mháirtín, ag súil le cabhair ó na Spáinnigh. Ar an mbealach is dóigh, go raibh ceo ar an mbealach agus ní raibh Ó Dónaill in ann teacht ar an gcnoc in am.

Bhí Ó Néill ar barr an chnoic agus cheap sé go raibh cuma tréan ar na Sasanaigh (in ionad iontas a bheith orthu) agus chúlaigh sé thar dhá abhainn agus réitigh sé a chuid fórsaí i tercios.

Níl sé soiléir céard go díreach a tharla, ach is cosúil gur tháinig na Sasanaigh orthu agus gur scaip marcaithe na nÉireannach tar éis an dara ionsaí.

Níor chorraigh na Spáinnigh. Is cosúil nach raibh arm na nÉireannach smacht go leor le troid faoin aer, agus nach raibh siad fiú tiomanta don troid.

Freisin, tá locht ar na Spáinnigh dá bharr; teacht i dtír sa deisceart, fad is a bhí príomh airm na hÉireann sa tuaisceart, an brú a chuir siad ar na hÉireannaigh troid, in ionad fán go dtí go bhfuair airm na Sasanach bás de bharr galair agus ocrais.

B'éigean dóibhsean teitheadh ina dhiaidh sin go dtí an Mór Roinn, rud a rinne siad sa bhliain 1607, agus ar a dtugtar Imeacht na nIarlaí.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Battle of Kinsale (2) - History of Ireland and Her People". www.libraryireland.com. Dáta rochtana: 2019-10-02.