Ríocht Éireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Thugtaí Ríoghacht Éireann (Ríocht na hÉireann ) (Béarla: The Kingdom of Ireland) ar Éirinn sa tréimhse idir fógairt Anraí VIII mar Rí na hÉireann ag Acht Choróin na hÉireann 1542 (Béarla:The Crown of Ireland Act 1542) agus Acht an Aontais sa bhliain 1800. Ba thiarnas an choróin í roimhe sin. Rith Parlaimint na hÉireann Acht an Aontais 1800 a chuir deireadh air féin agus an Ríocht.[1] Rith Parlaimint na Breataine Móire an t-acht freisin. Bhí éifeacht eile ag an acht, sé sin bunú Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ar an chéad lá den bhliain 1801, ag aontú corónacha na hÉireann agus na Breataine Móire. Sna blianta tosaigh, bhí aitheantas teoranta an Ríocht na hÉireann. Cé gur aithin roinnt cumhachtaí Protastúnacha san Eoraip Anraí agus a oidhre Éadbhard mar monarch na hÉireann, ní dhearna aon chumhacht Chaitliceach an gníomh céanna sin. D'aithin an Pápa Pól IV Anraí, an Bhanríon Máire, mar Banríon na hÉireann sa bhliain 1555.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Eisíodh ''Laudabiliter'' bulla de chuid an Phápa Aidrian IV sa bhliain 1155 a dheonaigh an teideal Dominus Hibernae (Laidin le haghaidh "Tiarna na hÉireann") ar an Rí Ainsivíneach Anraí II Shasana. Thug Laudabiliter údarás don rí Éire a ionsaí, chun an tír a thabhairt isteach ar an tír ag dul isteach i réimse tionchair na hEorpa. Mar chúiteamh, ceanglaíodh ar Anraí pingin in aghaidh an rolla cánach teallaigh a íoch ar aghaidh don Phápa. Bhí sé seo athdhearbhaithe ag comharba Aidrian an Pápa Alastar III sa bhliain 1172.

Nuair a chuir an Pápa Cléimeans VII rí Shasana Anraí VIII faoi choinnealbhá, sa bhliain 1533, bhí seasamh bunreachtúil an tiarnas in Éirinn éiginnte. Bhí Anraí briste amach ón Suí Naofa, agus é dhearbhaithe aige gurb é féin ceann na hEaglaise i Sasana. Bhí achainí curtha aige faoi bhráid na Róimhe chun neamhniú a phósta, leis an Bhanraíon Caitríona, a fháil dó. Dhiúltaigh Cléimeans VII iarratas Anraí agus, ina dhiaidh, dhiúltaigh Anraí flaitheas fanta ar Éirinn na hEaglaise Caitlicí a aithint , agus cuir an Pápa Pól III é faoi choinnealbhá arís, go déanach sa bhliain 1538. Ritheadh ​​an tAcht Tréasa (Éire) 1537 (Béarla: Treason Act (Ireland) 1537) chun gníomhú in aghaidh seo.

I ndiaidh teipe ar Éirí Amach Thomáis an tSíoda sna blianta 1534-1535, bhí roinnt ratha mhíleata in aghaidh roinnt clann sna 1530í déanacha, ag an Fear Ionaid Grey, agus thug sé faoi an mheicníocht dlíthiúil Géilleadh agus Athbhronnadh a chur i bhfeidhm, orthu siúd sa bhí sásta a gcuid sealúchas a ghéilleadh don rí, agus ansin iad a bheith athbhronnta mar talamh ruílse faoi chairt ríoga. Faoi 1540, bhí chuma na síochána ar an chuid is mó d'Éirinn faoi rialú riarachán an rí i mBaile Átha Cliath; ach níor mhair sin ar feadh i bhfad.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Teimpléad:Citation