Lughaidh Ó Cléirigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLughaidh Ó Cléirigh
Beathaisnéis
Breithc. 1580
Contae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Básc. 1630
49/50 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, file Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre(Floruit: 1603–1616)
TeangachaAn Ghaeilge

File agus staraí ba ea Lughaidh Ó Cléirigh (ní fios a dháta breithe ná dáta a bháis ach gníomhach idir 1603 – 1616).[1] Tá clú air mar údar an tsaothair Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Lughaidh i dTír Chonaill, duine de chúigear mac le Maccon Ó Cléirigh, file cúirte Uí Dhomhnaill, agus col ceathrar leis an staraí mór le rá, Mícheál Ó Cléirigh.[2] Teaghlach léinn cháiliúil ba ea muintir Uí Chléirigh agus i dTír Chonaill bhíodar i seirbhís chlann Uí Dhomhnaill le dhá chéad bliain anuas. De chuid an ghlúin dheireanach a fheictear i nginealaigh Uí Chléirigh den 17ú haois iad Lughaidh agus a dheartháireacha.[2]

Díreach roimh Plandáil Uladh, bhí Lughaidh ina choisteoir agus choimisinéir sna suirbhéanna talún i nDún na nGall.

Bhí Lughaidh i láthair ag Iomarbhá na bhFilí a tharla idir na blianta 1616 agus 1624.[3] Deirtear gur chum Ó Cléirigh ceithre cinn de na tríocha dán scríofa ag na filí.[2]

Chreid Seán Ó Donnabháin, an staraí de chuid na 19ú haoise gur athair an annálaí Cú Choigcríche Ó Cléirigh ba ea Lughaidh, agus tá an-mheas anois ann faoi seo. Ní fios cathain a fuair Lughaidh bás.

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá clú agus cáil ag Ó Cléirigh údar an tsaothair Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, ceannaire Gaelach i gCogadh na Naoi mBliana. Bhain Annála na gCeithre Máistrí an-leas as mar fhoinse.

Déantar trácht sna hAnnála ar a shaothar ach amháin mar 'leabhar Lughdach Uí Chléirigh'.[2] Óir gur doiléir é seo, bhí luath scoláirí den tuairim gurbh é Cú Choigríche Ó Cléirigh an t-údar. Dúirt Seán Ó Donnabháin amhlaidh ina eagráin desna hannála sa bhliain 1851, óir gur chreid sé gur scríobh Lughaidh téacs eile.[2] Bhí Eoghan Ó Comhraí an chéad duine a luaigh Lughaidh mar údar Beatha, ag moladh nach raibh Cú Choigríche ach ina scríobhaí.[2]

Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill is composed in an ornate and archaic form of Irish. Ní ionadh é go bhfuil ollchlaontacht Sin na nGall ann. Caomhnaítear an téacs i lámhscríbhinn comhaimseartha abhainn, Acadamh Ríoga na hÉireann ARÉ LS 23 P 24, scríofa ag Cú Choigríche.[4] D'eagraíodh (agus aistríodh go Béarla) an téacs don chéad uair ag Denis Murphy sa bhliain 1895. Foilsíodh eagrán níos mó in dhá imleabhar ag Paul Walsh sna blianta 1948 agus 1957.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Diarmuid Breathnach agus Máire Ní Mhurchú. “Ó CLÉIRIGH, Lughaidh (c.1580–c.1630) | ainm.ie” (ga). An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge (Ainm.ie). Dáta rochtana: 2024-02-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 2.5 "Lughaidh Ó Cléirigh". Oxforddnb.com. Dáta rochtana: 2015-05-17.
  3. "Digital materials for the study and appreciation of Anglo-Irish Literature". Ricorso.net. Dáta rochtana: 2015-05-17.
  4. "LS 23 P 24". isos.dias.ie. Dáta rochtana: 2022-12-22.
  5. "Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2015-05-17.