Jump to content

Iomarbhá na bhFilí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Conspóid liteartha in Éirinn Ghaelach de chuid na 17ú haoise ba ea Iomarbhá na bhFilí (níos sine Iomarbhágh na bhFileadh), a mhair ón mbliain 1616 go dtí 1624, agus buacphointe aici is dócha sa bhliain 1617. Scríobh príomh-fhilí na tíre rannta conspóideacha in éadan a chéile agus i dtacaíocht a bpatrúin faoi seach.

Díospóireacht chrua a bhí ann ag an Iomarbhá maidir le buanna dhá leath na hÉireann: an Leath Choinn sa tuaisceart faoi cheannas mhuintir Éirimóin; agus an Leath Mhogha sa deisceart, faoi cheannas mhuintir Éibhir Fhionn.

Scríobhadh 30 rann ag an Iomarbhá, a foilsíodh don chéad uair ag Cumann na Scríbheann nGaedhilge sa bhliain 1918, eagraithe ag Láimhbheartach Mac Cionnaith, a luaigh an obair a rinne Eleanor Knott ar na haistriúcháin Bhéarla.