Eleanor Knott

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Scoláire mór Gaeilge ba ea Philippa Marie Eleanor Knott (1886 – 1975). Ar 18 Samhain 1886 is dócha a rugadh í. B’iníon í le John Freeman Knott, máinlia agus dochtúir. I mBaile Átha Cliath a bhí cónaí orthu.

I rith 1905-8 bhí sí i mbun saoririseoireachta d’irisí in Éirinn. A tuismitheoirí a ghríosaigh í chun Gaeilge a fhoghlaim. Cheannaigh sí Simple Lessons Uí Ghramhnaigh in aois a ceithre bliana déag agus d’fhreastail ar rang Gaeilge a bhí ag Willie Pearse, deartháir Phádraig Mhic Phiarais.

An ardoiliúint sa Ghaeilge a bhí uirthi fuair sí i Scoil an Léinn Ghaelaigh í, agus chaith sí tamall i mbun obair rúnaíochta na Scoile. Ba dhóigh léi gurbh éigean do dhaoine eolas na Gréigise agus na Sanscraite a bheith acu sula dtabharfaidís faoin tSean-Ghaeilge. Bhí saothar sa dán díreach in eagar aici féin faoi cheann trí bliana.

I 1910 a tháinig Foclóir d’Eisirt óna láimh. Rinne sí sárobair do Mhuintir na Leabhar Gaeilge faoi stiúir Norma Borthwick ar théacsanna de chuid an Athar Peadar Ó Laoghaire agus dá bhrí sin ceapadh í mar dhuine den mheitheal a bhí i mbun an fhoclóra san Acadamh Ríoga.

Bhí sí ar bhunaitheoirí an Chumainn um Leitiriú Shimplí, agus is minic a scríobh sí chun na nuachtán ag moladh chóras litrithe an Chumainn.

I 1922-6 d’fhoilsigh Cumann Na Scríbheann Gaeilge a heagrán de dhánta Thaidhg Dhaill Uí Uiginn. Thug an scoláire mór D.A. Binchy ardmholadh don réamhrá – “by far the best account of the life, training, conventions, strength and weakness of the Irish bardic order as a whole”. D’fhoilsigh sí roinnt leabhar eile agus a lán aistí in irisí léannta.

I 1932 ghnóthaigh sí céim M.A.. Bhí sí ar fhoireann Choláiste na Tríonóide ó 1928 amach agus i 1939 bunaíodh ollúnacht sa tSean-Ghaeilge di. I 1939 bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. honoris causa uirthi. Bhí sí ar an gcéad bhean a glacadh mar bhall den Acadamh Ríoga, rud a tharla i 1949, cé gurbh éigean na rialacha a athrú chuige. D’éirigh sí as an Acadamh i 1955 agus í 69 mbliana d’aois.

Bhí comhfhreagras flúirseach idir í féin agus scoláirí, scríbhneoirí agus foilsitheoirí a bhí chun tosaigh i saol na Gaeilge. Orthu sin bhí Osborn Bergin, Richard Best, Norma Borthwick, Eibhlín Ní Choill (Eleanor Hull), Carl Marstrander, Lambert McKenna, William Moloney, James O’Keefe, Peadar Ó Laoghaire, Tomás Ó Rathile, Margaret O’Reilly agus Edmund Quiggin.

Theip radharc na súl uirthi, rud a d’fhág dall í ar feadh beagnach 20 bliain. Fuair sí bás i 1975 sa Molyneaux Home for the Blind. Cuireadh í i gCnocán Iaróm.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Knott, Eleanor (1886–1975): An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge [1]

Réamhrá, Eleanor Knott Collection, Acadamh Ríoga na hÉireann [2]

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tadhg Dall Ó Huiginn: The Bardic Poems of Tadhg Dall Ó Huiginn (1550-91), dhá imleabhar. Irish Texts Society 1922, 1926

An introduction to Irish syllabic poetry of the period 1200–1600, with selections, notes and glossary. Cork University Press, 1928; an dara heagrán 1934 [1935]. Athchló 1957, 1994, 2005. ISBN: 1-85500-048-2

Irish Classical poetry: Commonly Called Bardic Poetry. Cultural Relations Committee of Ireland. 1960

Early Irish Literature (le Gerard Murphy). Routledge & K. Paul, 1966.