Jump to content

Peadar Ua Laoghaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Peadar Ó Laoghaire)
Infotaula de personaPeadar Ua Laoghaire

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Peadar Ó Laoghaire Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithAibreán 1839
Cluain Droichead Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Márta 1920
80 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Phádraig, Má Nuad Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, aistritheoir an Bhíobla, sagart Caitliceach, aistritheoir, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla, an Laidin agus an Ghaeilge
Saothar
Saothar suntasach
Síniú

Scríbhneoir próis agus sagart ab ea an tAthair Peadar Ua Laoghaire (nó Peadar Ó Laoghaire; 30 Aibreán 183921 Márta 1920).[1] Scríbhneoir bisiúil agus athbheochanóir mór le rá lena linn ba ea é Tá cáil nach beag ar shaothar an Athar Pheadair Uí Laoghaire mar gheall ar a shaibhre is atá sé ó thaobh na Gaeilge de agus mar gheall ar an léargas a thugtar ann ar chaint bheo Chorcaí ag tús an 20ú haois.[2] B'é an scríbhneoir é is mó a mhúin an teanga agus is troime a d’fhág a rian ar scríobh na Gaeilge i dtosach na hathbheochana.[3][4]

Saolaíodh Peadar Ua Laoghaire i Lioscaragáin, i bparóiste Chluain Droichid, Contae Chorcaí.[5] Tógadh le Gaelainn i nGaeltacht Mhúscraí é, rud a d'fhág gur chuaigh Gaelainn an cheantair sin go mór mór i bhfeidhm ar Ghaelainn na bhfoghlaimeoirí.

An réamhfhocal úd um, ná fuil beo ach i nGaelainn Mhúscraí, is cuid de Ghaelainn an mhaorlathais agus na dlí é inniu, agus is dócha gurbh as Gaelainn Uí Laoghaire a tháinig sé in úsáid chomh forleathan san.

Fuair sé bás in 1920 i gCaisleán Ó Liatháin, in aois 80 dó.

Léirigh Peadar Ua Laoghaire caint na ndaoine ina thimpeall mar a bhí sí, don chéad uair riamh.[2] Bhí an dá shaghas téacs ann an uair sin; teanga ársa Chéitinn agus an béaloideas a d’eascair ón gcaint bheo.[6] Rinne Ua Laoghaire iarracht ábhar liteartha a chur ar fáil bunaithe ar an gcaint bheo sin. Is mar sin a bhunaigh lucht na hathbheochana an nualitríocht.[2]

Séadna agus Mo Sgéal Féin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh Séadna ina shraithscéal in Irisleabhar na Gaeilge sna 1890idí sular cuireadh an scéal ar fad i gcló faoi aon chlúdach amháin sa bhliain 1904.

agus é á insint mar scéal chois tine ag triúr cailíní óga. Tá gearreagráin ann a bhfuil fráma sna scéalaíochta bainte díobh. Is é is príomhthéama don scéal ná an margadh a shocraigh an gréasaí Séadna leis an bhFear Dubh. Cé go bhfuil an scéal préamhaithe in ithir an bhéaloidis a chloiseadh an scríbhneoir ó na seanchaithe cois teallaigh le linn a óige, tá dlúthghaol aige fosta leis an miotas Gearmánach i dtaobh Faust.

Príomhalt: Séadna

Taobh amuigh de Séadna, scríobh Peadar Ua Laoghaire leabhar dírbheathaisnéise faoin teideal Mo Sgéal Féin, a áirítear ar bhunchlocha litríocht na Gaeilge chomh maith céanna.

Sa bhliain 1900, scríobh Ua Laoghaire an dráma Tadhg Saor. Léirigh Craobh na Paróiste Thuaidh de Chonradh na Gaelainne Tadhg Saor i Halla Mhuire, Corcaigh, Lá ’le Pádraig 1902 (tá cuntas ag Éamonn an Chnoic, nó Éamonn Ó Donnchadha, ar an léiriú sin in Banba, Bealtaine 1902).[7]

Taobh amuigh de Séadna, Mo Sgéal Féin agus Tadhg Saor, ailt, aistriúcháin agus athinsintí ar scéalta clasaiceacha ba mhó a tháinig ó pheann an Athar Pheadair, leithéidí an leagain Ghaeilge a rinne sé de Don Quixote.[8] Chuir sé Nua-Ghaeilge ar scéalta de chuid na seanlitríochta Gaelaí, cosúil le hEisirt agus An Cleasaí.

  • Ar nDóithin Arán, 1894
  • Mion-chaint: an easy Irish phrase book, compiled for the Gaelic League, 1899
  • Eólas ar áireamh, arithmetical tables in Irish, 1902
  • An Soísgéal as Leabar an aifrinn, 1902
  • Irish prose composition: a series of articles, including several upon the Irish autonomous verb, 1902
  • Aesop a Tháinig go hÉirinn, 1903
  • Sgothbhualadh, a series of articles in Irish reprinted from the "Leader", 1904
  • Séadna, 1904 (originally serialized in 1898)
  • An Craos-Deamhan, 1905
  • Mo Scéal Féin
    An Bealach Buidhe, a drama, 1906
  • Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne, 1906
  • Niamh 1907
  • Eisirt, 1909
  • Seanmóin agus trí fichid, sermons for every Sunday and holy day of the year, 1909-10
  • An sprid: Bas Dalláin: Tadhg Saor, three short plays, 1911
  • An Cleasaidhe, 1913
  • Caitilina, 1913
  • Aithris ar Chríost, 1914 (a translation into Irish of Thomas à Kempis' 'Imitatio Christi')
  • Sliabh na mban bhFionn agus Cúan Fithise, 1914
  • Lughaidh Mac Con, 1914
  • Bricriu, 1915
  • Na Cheithre Soisgéil as an dTiomna Nua, 1915 (a translation into Irish of the Four Gospels)
  • Mo Sgéal Féin, 1915
  • Guaire, 1915
  • Cainnt na nDaoine, 1917 (a phrasebook of conversational Irish)
  • Ag Séideadh agus ag ithe, 1918
  • An teagasg críosdaidhe, edited by Ua Laoghaire, 1920
  • Don Cíchóté, (A partial translation of Cervantes' novel Don Quixote, 1921
  • Gníomhartha na nAspol, 1922 (a translation into Irish of the Acts of the Apostles)
  • Lúcián, 1924
  • Sgéalaidheachta as an mBíobla naomhtha, 1924 ((stories from the Bible)
  • Críost Mac Dé, 1925
  • Sgealaidheacht na Macabéach, 1926 ((the stories of the Maccabees from the Apocrypha)
  • Séanna (atheagrán) eag. Caoilfhionn Nic Pháidín, 2016
  • Aodh Ruadh, an adaptation of the life of Aodh Ruadh Ó Domhnaill originally by Lughaidh O'Clery in the 17th century, 1929
  • Notes on Irish words and usages
  • Papers on Irish idiom : together with a translation into Irish of part of the first book of Euclid, by the late canon Peter O'Leary ; edited by Thomas F. O'Rahilly.
  • Cómhairle ár leasa, articles published in the "Leader"
  • Mo shlighe chun Dé : leabhar urnaighthe

Foilsíodh alt ina bhfuil 487 d'ailt agus de shaothair Ua Laoghaire le fáil in Celtica in 1954[11].

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. James McGuire agus James Quinn,. "Dictionary of Irish Biography". dib.cambridge.org. Cambridge University Press. Dáta rochtana: 2019-03-20.
  2. 2.0 2.1 2.2 Maitiú Ó Coimín (2 Márta 2016). "‘Léirigh sé caint na ndaoine ina thimpeall mar a bhí sí’ – leagan nua den ‘chéad úrscéal Gaeilge’ ar fáil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-21.
  3. "Ó LAOGHAIRE, Peadar (1839–1920)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2019-03-20.
  4. maynoothuniversity.ie (2017). "Olive Morrin, Special Collections & Archives". Dáta rochtana: 2019.
  5. "An tAthair Peadar Ó Laoghaire". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-22. Dáta rochtana: 2007-10-07.
  6. Kiberd, Declan (1984). "Caint na nDaoine mar Bhonn Liteartha". Dáta rochtana: 2022.
  7. www.ainm.ie. "Tadhg Saor". Dáta rochtana: 2018.
  8. Chuir sé Gaeilge a cheantair féin ar leagan giorraithe de scéal Don Quixote, nó Don Cíochótae, as Gaeilg. Tháinig eagrán nua den leabhar i gcló sna 2000idí
  9. "Cuid dá de shaothar Ua Laoghaire". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-11-28. Dáta rochtana: 2010-04-05.
  10. Saothar i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann: cuid díobh gan dáta.
  11. Fós le fáil ón Dublin Institute for Advanced Studies