Faust
| Cineál | duine ficseanúil pearsa fhinscéalach carachtar liteartha carachtar ceoldrámaíochta carachtar ceolamharclannaíochta carachtar béaloidis carachtar drámaíochta |
|---|---|
| Comhthéacs | |
| I saothar | Faust legend (en) |
| Dáta | |
| Inscne | fireann |
| Bás | 1540 (Féilire Ghréagóra) |

Mianach scéil ón nGearmáin is ea an miotas faoi Faust. Tá an mianach scéil seo bunaithe ar fhíor-dhuine stairiúil, fear darbh ainm Johann Faust, agus é beo sna blianta 1480-1541, a bheag nó a mhór. Astralaí, misteach agus rúndiamhróir taistil a bhí ann, agus bhí sé ina scéal i mbéal na ndaoine go raibh conradh de chineál éigin socraithe aige leis an diabhal. I ndiaidh a shaoil, níor coinníodh ach mearchuimhne air a d'iompaigh ina miotas faoi fhear a bhí chomh fiosrach is gur dhíol sé a anam leis an diabhal le fáil amach faoi rúndiamhrachtaí na hollchruinne.
Is iomaí sin casadh a baineadh as scéal Faust i rith na mblianta, ach is é dráma millteanach Johann Wolfgang von Goethe an leagan is tábhachtaí. D'athraigh Goethe an tuiscint ar charachtar Faust go mór, nó is é an chiall a bhain sé féin as ná gurbh é Faust an fear Renaissance a bhí tar éis é féin a shaoradh ó bhráca na hEaglaise. Leagan tábhachtach eile is ea Doktor Faustus, an t-úrscéal le Thomas Mann, a shuíonn scéal Faust i saol an Naitsíochais.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |