Sa dara leath den 17ú céad déag, d'aistrigh úineireacht na talún go hIarla na Mí, agus chuir sé sin an talamh ar léas do chlanna cáiliúla i mBaile Átha Cliath. Tógadh teach, Teach Chnoc Iaróm, ar cheann de na ceapaigh seo, agus túgadh ar léas é do John Keogh.
Sa bhliain 1834 tar éis gur theip ar iarracht reilig a bhunú i bPáirc an Fhionnuisce, cheannaigh Comhlacht Ginearálta Reiligí Bhaile Átha Cliath an sealúchas "for establishing a general cemetery in the neighbourhood of the city of Dublin" ('le reilig ghinearálta a bunú i gcomharsanacht chathair Bhaile Átha Cliath').[3]
Sir Charles Cameron (1830–1921), a bhí i gceannas ar Roinn na Sláinte Poiblí do Bhardas Bhaile Átha Cliath ar feadh 50 bliain, maraon lena mhic, Charles J. agus Ewen Henry
James Campbell, 1st Baron Glenavy (1851–1931), dlíodóir, polaiteoir agus, Ard-Seansailéir na hÉireann
Ethel Kathleen French (née Moore, 1871-1891), ealaíontóir agus maisitheoir, céad bhean chéile Percy French. Bhásaigh sí i mbreith clainne a céad pháiste.
Edward Gibson, 1st Baron Ashbourne (1837–1913), dlíodóir agus Lord Chancellor of Ireland
Robert Graves (1796–1853), ollamh leighis agus scríbhneoir
Thomas Kirk (1781–1845), dealbhóir, a rinne dearadh ar mhásailéam mhuintir Butler atá sa reilig chomh maith[6]
Joseph Sheridan Le Fanu (1814–1873), scríbhneoir agus eagarthóir, mar aon lena bhean chéile, Susanna Bennett, a hathair agus a beirt deartháireacha sa bhoghta céanna.
David Marcus (1924–2009), scríbhneoir Giúdach Éireannach, eagarthóir
John Skipton Mulvany (1813–1870), ailtire a rinne dearadh ar roinnt séadchomharthaí sa reilig seo, ina measc séadchomhartha mMahony agus boghtaí Perry agus West vaults[6]
Tá ceapach mhór ann do bhaill den Constáblacht Ríoga na hÉireann agus den Póilíní Chathair Átha Cliath.[4] Tá taisí de chuid na nUgóineach Francach ó Reilig Naomh Peadar, Rae Pheadair (san áit a bhfuil CCFÓ Bhaile Átha Cliath lonnaithe anois), a leagadh sna 1980dí, agus ó reiligí Naomh Bríghid agus Naomh Tomás curtha sa reilig.[4][9]
I measc na ndaoine a cuireadh ann le deireanas tá Martin Cahill an coirpeach cáiliúil (1949–1994) ar a dtugtaí An ginearál. Rinneadh loitiméireacht ar leac a uaighe cuid mhaith agus briseadh ina dhá leath í, agus bhí an chuid ar barr de ar lár. Bogadh a chorp ó shin go huaigh gan ainm. [fíoras?]
↑Scríobh James Joyce in Ulysses,"Then Mount Jerome for the protestants. Funerals all over the world everywhere every minute. Shovelling them under by the cartload doublequick. Thousands every hour. Too many in the world". Caibidil 6, eipeasóid Hades,