Sarah Purser
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 22 Márta 1848 Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Bás | 7 Lúnasa 1943 95 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire ![]() |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Académie Julian ![]() |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Baile Átha Cliath ![]() |
Gairm | péintéir ![]() |
Seánra | Portráid |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
![]() | Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Ba ealaíontóir Éireannach í Sarah Henrietta Purser (22 Márta 1848 – 7 Lúnasa 1943).
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Sarah Purser i nDún Laoghaire, i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1848. Bhí sí mar cheann de 11 páistí agus bhí sí gaolta leis an péintéir cáiliúil Frederick W Burton (1816-1900).
Nuair a theip ar comhlacht gráin agus muileáil a hathair agus d'imigh sé go Meiriceá, bhog sí go Baile Átha Cliath lena mháthair. Bhí talún aici san ealaín agus mar sin,chuaigh sí ag staidéar sa Scoil Ealaín i mBaile Átha Cliath (glaoitear an NCAD air anois.)
Rinne sí an cinneadh leanúint lena traenáil i bPáras agus le bheith ina péintéir portráid proifisiúnta. Fuair sí cabhair airgeadais óna deartháireacha (thart ar £30) agus rinne sí staidéar ag an Academie Julian i bPáras 1878-79, ina raibh stiúideo ag barr an foirgnimh díreach le haghaidh mná.
Bhí Sarah ag obair le mná eile as a lán tíortha eile; an Bhreatain, an Spáinn, Críoch Lochlann agus an Fhrainc. Na cairde is fear a ndearna sí ann ná Louise Breslau, dalta ón Eilvéis agus Marie Bashkirtseff, dalta ón Rúis. Bhí Sarah agus Louise mar cairde ar feadh an chuid eile dá saol.

Ag aois 30, bhí Sarah níos sine ná an chuid is mó de na daltaí eile agus ní raibh sí saibhir. Tar éis thart ar 6 mhí, d'fhill sí ar BÁC ach uaireanta rachfadh sí ar ais go dtí an Fhrainc ar cuairt. Thar na blianta bhuail sí le daoine cáiliúla, mar shampla Maud Gonne. Sheol siad a lán litreacha lena chéile agus tá mórán de na litreacha sin coimeádta i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis na Sarah Purser Papers. Cuireann Breslau síos faoi na healaíontóirí ar fad sa Fhrainc a bhí éileamh orthu ag an am agus labhraíonn sí faoi bualadh le Degas.

Déanann sí cur síos ar na píosaí ealaín a bhí sa Salon a rinne Degas, Monet, Sargent agus ealaíontóirí eile. Deireann beathaisnéis Purser, Elizabeth Coxhead go raibh seans ann go raibh aithne pearsanta ag Sarah ar na hImpriseanaí ach níl fianaise ina litreacha ach labhair sí go minic faoi na phéintéirí Fraincise mar Degas agus Manet. Bhí an suim aici iontu. Tá mórán dena céad cúpla portráidí an-dorcha mar an stíl comhaimseartha Fraincise mar a chleachtaigh Carlos-Duran agus ar scoil, i stíl Breslau agus d'úsáid sí péint dhubh mar a rinne cúpla duine, Lavery agus Hill go hiondúil.

Nuair a bhí Sarah ar ais i mBaile Átha Cliath fuair sí a lán coimisiún le haghaidh portráidí. Cúpla duine a rinne sí portráid de ná W.B. Yeats, Jack B. Yeats, Maud Gonne, Douglas Hyde agus John Kells Ingram. Rinne sí a lán péintéireacht eile chomh maith le portráidí mar "Le Petit Déjeuner" atá ag crochadh sa Dánlann Náisiúnta i BÁC agus "An Irish Idyll" atá sa Dánlann Uladh.
Thuill Sarah thart a £30,000 le haghaidh na portráidí ar fad. Rinne Sarah a healaín a chur ar taispeáint go forleathan in Éirinn agus i Londain; ag an Royal Hibernian Academy, an Cumann Ealaíne na Mínealaín Éireannach, i mBaile Átha Cliath; ag an Acadamh Ríoga, Dánlann Grosvenor, Cumann Mínealaín agus Gailearaí Nua, i Londain; agus Dánlann Ealaíne Walker i Learpholl. I 1886, bhunaigh sí an Club Ealaíne Baile Átha Cliath, agus sa bhliain 1890 toghadh an RHA í mar an comhalta onórach, HRHA. Go dtí a bás, chónaigh sí ar feadh na mblianta i dTeach Mespil, teach ardmhéara Seoirseach le síleáil plástair álainn ar Bóthair Mespil, ar bruach na Canála Móire. Leagadh Teach Mespil nuair a fuair Sarah bás agus tógadh árasáin ar an suíomh. Tá sí curtha i Reilig Mount Jerome. Bhí Sarah 95 bliain d'aois nuair a fuair sí bás.

An Túr Gloine[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1903, bhunaigh sí An Túr Gloine, stiúideo comharchumann le haghaidh gloine dhaite ar 24 Sráid Pembroke i mBaile Átha Cliath. Bhí eolas Purser faoi gloine meánaoiseach na Fraince agus na Breataine, mar aon lena naisc sóisialta agus scileanna eagrúcháin, fíorthábhachtach do rath an comharchumann. Tá an stiúideo mar chuid den Ghluaiseacht Ealaíon agus Ceardaíocht ach tá sé insilte chomh maith leis an spiorad nua-aimseartha don athbheochanachas Éireannach. Bhí cáil idirnáisiúnta ar Éire ansin mar an gloine-dhaite agus bhí seo den chuid is mó mar gheall ar ráthúlacht an Túr Gloine. Bhí a lán ealaíontóirí mar Harry Clarke bainteach leis an áit seo.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Portrait of Kathleen Behan" (en). onlinecollection.nationalgallery.ie. Dáta rochtana: 2022-08-19.