Jump to content

John Lavery

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir Cuir in eagar ar Wikidata
John Lavery

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Márta 1856
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Eanáir 1941
84 bliana d'aois
Cill Chainnigh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisGalar
Áit adhlacthaReilig Putney Vale Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadémie Julian Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéal Feirste
Gníomhaíocht
Réimse oibreDearcealaíona agus péintéireacht
Gairmpéintéir, amharcealaíontóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPortráid
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Ghlac sé/sí páirt i
1932Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1932
1928Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1928
1924Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1924 Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileHazel Lavery (1909–1935) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteEileen Marion Lavery Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas


Find a Grave: 6532418 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba phéintéir as Béal Feirste é John Lavery (20 Márta 185610 Eanáir 1941). Cé gur fhág Lavery saothar mór suntasach ina dhiaidh, is iad na pictiúir a d’eascair as an ghrá a bhí aige dá bhean Hazel is mó a bhuanaíonn a chlú.[1]

timpeall na 1880idí
féinphortráid, 1928, Iarsmalann Uladh

Fuair John Lavery a chuid oiliúna mar ealaíontóir i nGlaschú, Londain, Páras agus sa choilíneacht ealaíontóirí i Grez-sur Loing sa Fhrainc.

Phós sé Kathleen MacDermott in 1889, ach tháinig an eitinn uirthi agus d'éag sí in 1891.

Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar Lavery i dtús an 20ú haois agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.[2]

Ar an 21 Iúil 1909 ag an Brompton Oratory (Caitliceach) phós Lavery spéirbhean as Chicago, Hazel Martyn, baintreach chomh maith agus bean álainn ar fad de réir cosúlachta.[3][4] Bhain an bheirt acu leis an uasaicme agus tharraing an bhainis suim ollmhór sna colúin cúlchainte ag an am.[5] Bhí an t-ealaíontóir giota maith níos sine ná í, 24 bliain níos sine agus cáil air mar phéintéir portráidí.

Ceapadh Lavery mar ealaíontóir oifigiúil an Chogaidh Mhóir sa bhliain 1917. Rinneadh ridire de sa bhliain 1918.[6]

Bhí áilleacht a mhná chéile ina fhoinse mhór tinfidh aige i rith a shaoil agus rinne sé breis is ceithre chéad pictiúr de Hazel, rud a spreag lucht magaidh le rá gur geall le feathal tráchtála ag Lavery aon teideal a thosaigh le ‘Hazel…..’.[2]

Bhí an bheirt acu báúil le gluaiseacht Rialtas Dúchais na hÉireann agus phéinteáil Lavery go leor de na daoine a bhí lárnach sa ghluaiseacht sin ar nós Éamon de Valera agus Mhícheál Uí Choileáin ar thug siad a dteach maorga i South Kensington ar iasacht dó agus dá chomhghleacaithe, nuair a bhí an Conradh Angla-Eireannach á phlé i 1921.[2]

Fuair Lavery bás le hadhairt i gCill Mogeanna, in aois 84 dó, ar an 10 Eanáir 1941.

  1. Beo, EAGRÁN 160, LÚNASA 2014, CÚINNE NA nEALAÍON, An Bhantiarna Lavery
  2. 2.0 2.1 2.2 Ciara Nic Gabhann (Lúnasa 2014). "An Bhantiarna Lavery" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-07-21.
  3. agus bean ar cuireadh a macasamhail ar airgeadra na hÉireann níos déanaí
  4. Pól Ó Muirí (23 Lúnasa 2022). "TAISTEAL: Páras agus an tSéin, agus, bhuel, Newcastle upon Tyne…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-07-21.
  5. Special to The New York Times (1909-07-22). "HAZEL MARTYN TRUDEAU WEDS; Chicago Woman Marries John Lavery, the Artist, in London." (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2024-07-21.
  6. https://en.wikisource.org/wiki/The_Times/1918/Honours/New_Year#John_Lavery "One of our best known artists. Member of the Royal Scottish Academy, the Royal Hibernian Academy, the Société Nationale des Beaux-Arts, Paris, and the Sécessions of Berlin, Munich, and Vienna. Chevalier of the Crown of Italy and of Leopold of Belgium. Born at Belfast in 1856; married in 1910 Hazel Martin, of Chicago."