An tAcadamh Ibeirneach Ríoga

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn tAcadamh Ibeirneach Ríoga
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineáldánlann
scoil ealaíne
cumann léinn Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh5 Lúnasa 1823
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Duine ábharthaHoman Potterton Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán869,235 € (2020) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinrhagallery.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Is institiúid ealaíne in Éirinn é An tAcadamh Ibeirneach Ríoga[1] (Béarla: Royal Hibernian Academy of Arts, nó RHA), a bunaíodh i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1823. Cosúil le go leor institiúidí Éireannacha eile, ar nós Acadamh Ríoga na hÉireann, choinnigh an tAcadamh an focal “Ríoga” ina ainm tar éis bhunú an tSaorstáit i mí na Nollag 1922.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bunaíodh an RHA tar éis do 30 ealaíontóir Éireannach achainí a chur faoi bhráid an rialtais le haghaidh cairt chorpraithe. De réir na litreacha paitinne ar an 5 Lúnasa 1823, bunaíodh The Royal Hibernian Academy of Painting, Sculpture, and Architecture, a chuimsigh Scoil Náisiúnta Ealaíne chomh maith.[2] Ba é William Ashford, an péintéir tírdhreacha, an chéad uachtarán. Sa bhliain 1824, toghadh an t-ailtire Francis Johnston ina uachtarán. Chuir Johnston ceanncheathrú ar fáil don Acadamh ar Shráid na Mainistreach Íochtarach ar a chostas féin.[3] D'eagraigh an tAcadamh taispeántas ealaíne den chéad uair i mBealtaine 1825, agus lean siad ar aghaidh go bliantúil as sin amach. Tháinig rath ar na taispeántais agus ar an Acadamh, agus faoi dheireadh an 19ú haois ba é an phríomhinstitiúid ealaíne in Éirinn. Dódh Teach an Acadaimh go talamh in 1916 le linn Éirí Amach na Cásca; cailleadh breis is 500 píosa ealaíne, ina measc, píosaí leis na healaíontóirí Jack Butler Yeats, Madeline Green, agus John Lavery.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “an tAcadamh Ibeirneach Ríoga” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-02-06.
  2. Wright, George Newenham (1825). "An Historical Guide to the City of Dublin". Baldwin, Cradock, and Joy. 
  3. de Courcy, J.W. (1996). "The Liffey in Dublin". Gill & Macmillan. ISBN 0-7171-2423-1. 
  4. McCormack, W.J. (2001). "The Blackwell Companion to Modern Irish Culture". Wiley-Blackwell. ISBN 978-0-631-22817-2.