Gailearaí Náisiúnta na hÉireann
Sonraí | |
---|---|
Ainm gearr | NGI |
Cineál | músaem náisiúnta dánlann eagraíocht neamhbhrabúis |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1854 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Stiúrthóir/bainisteoir | Caroline Campbell (stiúrthóir dánlainne) |
Táscaire eacnamaíoch | |
Ioncam iomlán | 13,477,489 € (2020) |
Suíomh gréasáin | nationalgallery.ie |
Is i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann ar a dtugtar freisin Dánlann Náisiúnta na hÉireann[1]) tá an bailiúchán náisiúnta d'ealaín na hÉireann agus na hEorpa. Tá sé suite i lár Bhaile Átha Cliath le bealach isteach amháin ar Chearnóg Mhuirfean, in aice le Teach Laighean, agus ceann eile ar Shráid an Chláraigh.
Is de thoradh Achta Parlaiminte sa bhliain 1864 a bunaíodh Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, agus osclaíodh don phobal é sa bhlíain 1864. Is í an Dochtúir Caroline Campbell an stiúrthóir reatha .
Tá tuairim is 2,500 olaphictiúr, 5,000 líníocht agus 5,000 prionta ann chomh maith le méid beag dealbhóireachta.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1853 reáchtáladh taispeántas, an Taispeántas Mór Tionsclaíoch (Béarla: Great Industrial Exhibition), ar faichí Theach Laighean i mBaile Átha Cliath. I measc na dtaispeántas is mó a raibh tóir aorthu, bhí taispeántas substaintiúil de shaothair ealaíne a d'eagraigh agus a fhrithgheall an maighnéad iarnróid William Dargan. Nocht díograis na sluaite cuairteoirí meas láidir poiblí ar an ealaín, rud a spreag an cinneadh bailiúchán buan ealaíne poiblí a bhunú mar ómós buan buíochais do Dargan. Ba é an t-abhcóide John Edward Pigot (1822–1871), mac le David Richard Pigot, Príomh-Barún an Státchiste Éireannaigh, a bhí taobh thiar den togra. Bhí sé ar dhuine de na chéad ghobharnóirí sa ghailearaí [2]. Déanann façade (Gaeilge:aghaidh) an Ghailearaí Náisiúnta aithris ar fhoirgneamh Stair an Dúlra d' Ard-Mhúsaem na hÉireann, a bhí beartaithe cheana féin don taobh eile de Theach Laighean. Ba é Francis Fowke a dhear an foirgneamh féin, agus é bunaithe ar phleananna luatha ag Charles Lanyon, agus cuireadh i gcrích é agus osclaíodh é sa bhliain 1864.[3]