Teach Laighean
Teach Laighean | ||||
---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Diúc Laighean | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Pálás agus teach parlaiminte | |||
Ailtire | Richard Cassels | |||
Foirgníocht | 1748 | |||
Croineolaíocht | ||||
1745 | foirgníocht | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Pallaidiachas | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Baile Átha Cliath, Éire | |||
| ||||
Gníomhaíocht | ||||
Úinéir | an tOireachtas | |||
Sealbhóir | an tOireachtas Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath Diúc Laighean | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | irlgov.ie… | |||
Foirgneamh stairiúil é Teach Laighean, atá suite ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath, Poblacht na hÉireann. Tá tithe an Oireachtais (rialtas na hÉireann) lonnaithe ann sa lá atá inniu ann, mar a bhí tithe Saorstát Éireann níos luaithe.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is iar-áras cónaithe diúcach é, ina raibh Diúc Laighean ina chónaí suas go dtí tús an 19ú haois.
B'ailtire Éireannach é James Hoban, a dhear an Teach Bán, a phlean bunaithe ar Theach Laighean i mBaile Átha Cliath.[1]
Tar éis bhunú an tSaorstáit in 1922, roghnaíodh seanfhoirgnimh an RDS de Theach Laighean (a aistríodh chuig úinéireacht an stáit in éineacht le bailiúcháin na hinstitiúide sin in 1877) mar ionad na parlaiminte nua (Dáil).[2] Bhí gá le spás a aimsiú d'fhoireann an Mhúsaeim a bhíodh i dTeach Laighean roimhe seo agus glacadh seilbh ar ghailearaithe taispeántais éagsúla i Sráid Chill Dara don aidhm seo.
An Foirgneamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is beag athrú atá tagtha ar Fhorhalla Theach Laighean ón uair a dearadh é i ré Sheoirseach an 19ú haois. Tá Portráidí d’Art Ó Gríofa, de Mhícheál Ó Coileáin, d’Éamon deValera, de Chathal Brugha, de William T. Cosgrave & den Uachtarán Reatha ar taispeáint ar na ballaí.
Ba é Forsheomra an tSeanaid Proinnhalla an chéad urláir ar dtús agus fónann sé anois mar bhealach isteach chuig Seomra an tSeanaid agus mar Limistéar Fáilte do Phiardaí a thagann ar cuairt. Tá portráidí de Robert Emmet agus de Wolfe Tone ar na ballaí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nasic sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Eolas ar oireachtas.ie Curtha i gcartlann 2018-05-10 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "White House History | "James Hoban, Architect of the White House"". web.archive.org (2014-05-04). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-05-04. Dáta rochtana: 2021-08-31.
- ↑ "Stair an Mhúsaeim | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2021-08-31.