James Hoban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
James Hoban circa 1800

B'ailtire Éireannach é James Hoban (t. 1758 - 8 Nollaig, 1831), a dhear roinnt foirgnimh poiblí in Éirinn agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá. An t-éacht is mó a rinne sé ná an Teach Bán i Washington, D.C.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tháinig Hoban ar an saoil i mBaile Mhic Dháith, baile beag in aice le Callainn, Contae Chill Chainnigh, agus tógadh é ar eastát an Iarla Bhaile Mhic Dháith ag Gráinseach Chuffe, áit inar fhoghlaim sé ceird na cearpantóireachta. Ina dhiaidh sin, fuair sé a chuid oideachais san ailtireacht ag Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.

Teach Stáit Carolina Theas, Columbia

Tar éis Réabhlóid Mheiriceá, d'fhág Hoban BÁC agus chuir sé faoi i Meiriceá.

Ailtireacht[athraigh | athraigh vicithéacs]

Chuir Hoban bun le gairmréim mar ailtire i Philadelphia sa bhliain 1781.

An bhliain dar gcionn, thaisteal Hoban go dtí Carolina Theas, agus dhear sé roinnt foirgnimh ann, Teach Stáit Carolina Theas i gColumbia ina measc.

Sa bhliain 1792, b'é Hoban an buaiteoir i gcomórtas a cuireadh ar siúl chun dearthóir an árais uachtaránachta nua a roghnú, an Teach Bán mar a tugadh air níos déanaí.

Bhí plean Hoban bunaithe ar Theach Laighean i mBaile Átha Cliath[1], ach rinne sé foirgneamh dhá stór de, tar éis iarratas ó George Washington. Tógadh an foirgneamh idir na blianta 1793 agus 1800.

An Teach Bán, líníocht ailtireachta a rinne Hoban timpeall 1793.

Bhí Hoban ar duine de na h-ailtirí maoirseachta a bhí ag obair ar Chnoc an Chaipeatóil i Washington, ag cur i gcrích scéimeanna a bhí deartha ag Dr. William Thornton.

Chaith Hoban an chuid eile dá shaol i Washington, D.C., ag obair anois is arís ar fhoirgnimh poiblí agus scéimeanna rialtais eile, bóithre agus droichid ina measc.

Dhear Hoban Rossenarra House in aice leis an tsráidbhaile Cill Mogeanna i gContae Chill Chainnigh chomh maith, sa bhliain 1824.

Bhásaigh Hoban i Washington, D.C. ar an 8 Nollaig 1831.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]