B'fhéidir gurbh é Amhlaoibh Ó Súilleabháin (1780-1838), múinteoir agus mangaire línéadaigh, an t-áitritheoir ba chlúití. Scríobh sé dialann as Gaeilge sna blianta 1827-35 ina bhfuil cur síos cruinn ar shaol an bhaile i nGaeilge na háite, agus an teanga á lagú san áit ag an am. Bhaist sé Callainn an Chlampair ar an mbaile. Bhí Callainn ar ceann de na bailte ba bhoichte in Éirinn ag an am, agus míchlú ar an mbaile dá dheasca sin. Tá dialann Amhlaoibh ar ceann de na mionchuntais is fearr a scríobhadh ar shaol na linne, go háirithe ar an gcúis is gurb í an tsúil dhúchasach a chaitear air.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.