James Joyce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
James Joyce
James Joyce by Alex Ehrenzweig, 1915 cropped.jpg
Saol
Ainm iomlánJames Augustine Aloysius Joyce
Eolas breitheRáth Garbh, 2 Feabhra 1882
NáisiúntachtÉire
Áit chónaitheavenue Charles-Floquet
avenue Charles-Floquet
Teanga dhúchaisan Béarla
BásZürich, 13 Eanáir 1941
Áit adhlacthaReilig Fluntern
Cúis bháis (Peireatóiníteas)
Muintir
AthairJohn Stanislaus Joyce
Céile/CéilíNora Barnacle  (1931 -  Eanáir 13, 1941)
Páirtí/PáirtitheNora Barnacle
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materColáiste Belvedere
Coláiste Choill Chluana Gabhann
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
(1898 - 1902)
TeangachaAn Iodáilis
An Laidin
an Fhraincis
an Béarla
An Ghearmáinis
An Danmhairgis
Gairm
Gairmfile, úrscéalaí, múinteoir, údar, scríbhneoir, iriseoir, léirmheastóir liteartha agus scríbhneoir próis
Airde71 in
Áit oibrePáras, Trieste agus Zürich
Saothar iomráiteachDubliners
A Portrait of the Artist as a Young Man
Ulysses
Finnegans Wake
Pomes Penyeach (en) Aistrigh
Exiles
Stephen Hero (en) Aistrigh
Daoine le tionchar air/uirthiGiambattista Vico
Gluaiseacht ealaínelitríocht fhicseanúil
filíocht
psychological fiction (en) Aistrigh
Bildungsroman (en) Aistrigh
stream of consciousness (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
IMDbnm0004656
jamesjoyce.ie
Discogs ID81774
James Joyce signature.svg

Scríbhneoir a rugadh i mBaile Átha Cliath in Éirinn ab ea James Augustine Aloysius Joyce (gaelaítear a ainm mar Séamus Seoige scaití). (2 Feabhra 188213 Eanáir 1941).

Ba i mBéarla a scríobh sé a chuid saothair, ach feictear ina mhórshaothair ar nós Ulysses (1922) agus Finnegans Wake (1939) go raibh an-eolas aige ar nua-theangacha na hEorpa, beagán Gaeilge san áireamh, chomh maith le Laidin, Gréigis, Fraincis, Spáinnis, Iodáilis agus mórán eile nach iad.

Tá easaontas i measc lucht litríochta ar fheabhas chuid den scríbhneoireacht sna leabhair sin, mar go bhfuil an teanga casta, le meascán teangacha, agus mar gur i bhfoirm sruth smaointe atá cuid mhór de.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaith Joyce cuid mhór dá shaol san Eoraip, i bPáras na Fraince, i Zürich na hEilvéise, agus i dTrieste na hIodáile sa chuid ba mhó.

Fuair sé post i mbanc sa Róimh fosta ach b'fhuath leis an chathair úd agus d'fhill seisean agus a theaghlach go Trieste i ndiaidh tamaill ghairid.

B'as Gaillimh a bhean, Nora Barnacle. Bhí iníon agus mac acu.

Deireadh a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghoill an glácóma air, agus é ag druidim le deireadh a shaoil ach go háirithe, agus bhí an-deacracht aige léamh profaí a dhéanamh ar a chuid leabhar.

Fuair sé bás i Zürich nuair a tháinig cóma air i ndiaidh obráid ar othras bréifneach.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cinnte go raibh an-tionchar ag an stíl sin ar údair eile, agus go bhfuil an-éacht déanta aige i gcuid dá chuid cur síos.

Dubliners, 1914

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

ULYSSES, sínithe ag Hemingway

Ulysees[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cur síos ar lá amháin i saol fhir óig an chuid is mó de Ulysses, agus ceiliúrann lucht liteartha Bhaile Átha Cliath agus a gcairde Lá Bloom (Bloomsday) ar 16 Meitheamh in ómós do laoch an leabhair, Leopold Bloom.

Príomhalt: Ulysses

I measc saothair eile James Joyce tá:

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí caidreamh casta crosta ag James Joyce leis an nGaeilge. Mar shampla, deir Stephen sa Portrait of the Artist as Young Man go mbeadh an Béarla i gcónaí mar “an acquired speech” aige.[1]

Dúirt Buck Mulligan in Ulyseesː

‘He’s English and he thinks we ought to speak Irish in Ireland. Sure we ought to, the old woman said, and I’m ashamed that I don’t speak the language myself. I’m told it’s a grand language by them that knows it’

Agus é ar an ollscoil i mBaile Átha Cliath, chláraigh Joyce le cúrsa a bhí á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge agus thug cúpla bliain ag foghlaim na teanga, an t-aon iarracht ‘foirmeáilte’ a dhein sé an teanga a shealbhú. Ba é Pádraig Mac Piarais a bhí ag teagasc ins na ranganna ar a bhfreastail Joyce agus ní róthógtha a bhí an Seoigheach lena chur chuige ná, go deimhin, leis na ranganna féin. Mheas an Piarsach gur den riachtanas é “to exalt Irish by denigrating English”; chuir an meon sin fearg ar Joyce.[1]

Scríobh deartháir Joyce,Stanislaus faoin suim a chuir ‘Jim’ sa teanga timpeall an ama seo agus ar an urraim a thug sé di. De bharr a chumais, ba dheacair a shamhlú go bhféadfadh mórán dua bheith ag Joyce féin i mbun Gaeilge a fhoghlaim. D’fhoghlaim sé an Ioruais, mar shampla, chun go mbeadh ar a chumas saothar Ibsen a léamh sa teanga inar céadcheapadh é.[1]

Níl an chuma air go ndein Joyce puinn staidéir breise ar an nGaeilge sna blianta beaga i ndiaidh dó Éire a fhágáil in 1904. Ach tá fianaise ann gur threisigh a spéis sa teanga agus ina saíocht de réir mar a chuaigh sé in aois.[1]

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur i mBéarla a scríobh an Seoigeach, maíonn Thomas Kinsella go bhfuil saothar Joyce mar chuid de shnáithe leanúnach traidisiúin litríochta na hÉireann: ‘…Yeats stands for the Irish tradition as broken; Joyce stands for it as continous, or healed – or healing – from its mutilation’.[2][3]

Ach is díol suntais a laghad suime ar an mórgóir a bhíonn ag scoláirí Joyceacha sa Ghaeilge agus i litríocht na Gaeilge, “an extraordinary situation” i gcás Finnegan’s Wake, dar le Diarmuid Curraoin, “when one considers that, firstly, the author declares in the book Irish to be the second language of the ‘Wake’ and secondly, that there is hardly a page of the novel which does not contain at least one Irish language element”.[2]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Seán Tadhg Ó Gairbhí (16 Meitheamh 2015). "James Joyce agus an Ghaeilge: ‘You are an Irishman and you must write in your own tradition’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-16.
  2. 2.0 2.1 Seán Tadhg Ó Gairbhí (2015). "James Joyce agus an Ghaeilge: ‘You are an Irishman and you must write in your own tradition’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-12-29.
  3. Siobhan Long. "A song for Nora Barnacle: ‘James Joyce wouldn’t have been the writer he was without her’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-12-29.
  4. aistriulitriochta.ie. "Bunachar na nAistriúchán" (ga). Aistriú Litríochta. Dáta rochtana: 2020-07-10.