Ulysses (úrscéal)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharUlysses

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarJames Joyce Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Fhrainc, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Troisième République agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann, 1922 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1914
FoilsitheoirShakespeare and Company agus Sylvia Beach
Foilsithe iThe Little Review (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuidTelemachus (en) Aistrigh
Cyclops (en) Aistrigh
Sirens (en) Aistrigh
Wandering Rocks (en) Aistrigh
Nausikaa (en) Aistrigh
Circe (en) Aistrigh
Oxen of the Sun (en) Aistrigh
Eumaeus (en) Aistrigh
Ithaca (en) Aistrigh
Scylla and Charybdis (en) Aistrigh
Aeolus (en) Aistrigh
Proteus (en) Aistrigh
Nestor (en) Aistrigh
Lestrygonians (en) Aistrigh
Calypso (en) Aistrigh
Hades (en) Aistrigh
Lotus-eaters (en) Aistrigh
Penelope (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Seánralitríocht nua-aoiseach, litríocht thurgnamhach, ficsean liteartha, meitificsean, ficsean srathaithe agus dírbheathaisnéis Cuir in eagar ar Wikidata
18 clár Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaBaile Átha Cliath
James Joyce Tower and Museum (en) Aistrigh
Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Sandymount Strand (en) Aistrigh
Reilig Ghlas Naíon
The Freeman’s Journal
Davy Byrne's pub (en) Aistrigh
Deilginis
An Chabrach (Baile Átha Cliath)
Sráid Grafton
Droichead Uí Chonaill
Colún Nelson
An tOspidéal Náisiúnta Máithreachais
#7 Sráid Eccles Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Gradam a fuarthas100 Leabhar na hAoise de réir Le Monde
20th Century's Greatest Hits: 100 English-Language Books of Fiction (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Musicbrainz: 67e71930-7053-448a-8326-6917f683a4ea Cuir in eagar ar Wikidata

Is úrscéal Béarla le James Joyce é Ulysses (Uiliséas teideal an aistriúcháin Ghaeilge). Áirítear i measc na n-úrscéalta is fearr a scríobhadh sa Bhéarla riamh é. Tá teideal an leabhair bunaithe ar an leagan breac-Laidine ar ainm an laoich sin i nGréigis Odysseus (Odaiséas na Gaeilge).[1][2]

Ba í Sylvia Beach, úinéir an tsiopa leabhar Shakespeare and Company i bPáras a d’fhoilsigh é ina iomláine ar an 2 Feabhra 1922
Lámhscríbhinn de chuid Joyce

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is i bPáras in 1921 a chríochnaigh Joyce Ulysses agus is léir an tionchar a bhí g na havant-gardists ar Joyce, mar sh. Ezra Pound, Gertrude Stein, Picasso a bhíodh ag crochadh thart sna caiféanna i Montparnasse ag an am.[3] Foilsíodh an sárshaothar nua-aoiseach den chéad uair i bhfoirm sraithe sa Little Review idir 1918 agus 1920, rud a thug deis do na húdaráis i Meiriceá agus i Sasana cosc a chur ar an úrscéal sular éirigh le Joyce é a chríochnú fiú.[4]

28 Bealtaine 1922: Léirmheas sa New York Times. 'James Joyce's Amazing Chronicle'

Ar dtús, cuireadh cosc ar an leabhar toisc gur samhlaíodh go raibh sé an-ghraosta go deo, Faoi dheireadh, foilsíodh Ulysses sa bhliain 1922; ba í Sylvia Beach, úinéir an tsiopa leabhar Shakespeare and Company i bPáras a d’fhoilsigh é ina iomláine ar an 2 Feabhra 1922.

Níor cuireadh cosc ar Ulysses in Éirinn, ach ní raibh an leabhar le díol in Éirinn roimh na 1960idí.[5]

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá beagnach míle leathanach in Ulysses agus tá thart ar 265,000 focal roinnte ar 18 n-eipeasóid ann. Tá teideal gach caibidil ionann le teideal gach caibidil san Odaisé, leabhar miotaseolaíochta na sean-Ghréige.

Tagann ‘Ulysses’, leagan Laidine den ainm Odysseus, ó mhiotais na Gréige. Tá creatlach an scéil bunaithe ar scéal Odysseus, fear a chuaigh ag taisteal timpeall agus ar bhain a lán timpistí de sular fhill sé ar an mbaile.

plaic i mBÁCː eipeasóid 7

Tá eachtraí uile an leabhair bunaithe ar lá amháin sa bhliain 1904 (An 16 Meitheamh), agus le tamall de bhlianta anuas tugtar 'Bloomsday' ar an lá sin, i gcuimhne ar Leopold Bloom, príomhcharachtar an leabhair is déantar imeachtaí an leabhair agus an t-údar féin a cheiliúradh i mBaile Átha Cliath agus cathracha eile. Tosaíonn an scéal sa Túr Martello i gCuas an Ghainimh in aice Dhún Laoghaire. (Tá músaem saor in aisce ann anois). Buck Mulligan agus Stephen Dedalus (Ó A Portrait of the Artist as a Young Man) a chastar leis na léitheoirí ar dtús.

In Eipeasóid 4 feictear Leopold Bloom, duine de phríomhcharachtair an leabhair, fear de shliocht leath-Ghiúdach.

Lch 189, amhrán

In Eipeasóid 18 feictear Molly Bloom ag smaoineamh siar ar a saol agus buaic nó súnás nó orgasam á bhaint aici ag deireadh thiar. Tugtar ‘sruth comhfheasachta’ nó ‘stream of consciousness’ ar an bprós seo nach bhfuil mórán poncaíochta ann. Dar le roinnt ba óna bhean, Nóra Barnacle, a d’fhoghlaim Joyce an cleas seo.

Ciútaí liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úsáideann an téacs réimse mór stíleanna agus teicnící liteartha ceannródaíocha.

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíothas den tuairim nach raibh Ulysses gona tagairtí doiléire agus 30,000 focal éagsúla inaistrithe.

Rue Cardinal Lemoine - Paris V

Gearmáinis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leopold Bloom, le Joyce

Ba é Georg Goyert sa bhliain 1927 a d’aistrigh ar dtús Ulysses go teanga eile, an Ghearmáinis. "Gravitätisch kam der dicke Buck Mulligan..." is mar a d'aistrigh sé tús na céad abairte. Ní thagann na haidiachtaí ceann i ndiaidh a chéile. Chloígh Goyert go dlúth leis an gcuid inaistrithe den téacs ach rinne sé roinnt earráidí. Cáineadh é as gan saothar ealaíne a dhéanamh den aistriúchán a chuirfeadh ealaíontacht an bhunsaothair in iúl don léitheoir.

40 bliain ina dhiaidh sin thug Hans Wollschläger faoi aistriúchán nua a dhéanamh. "Stattlich und feist erschien Buck Mulligan...' is ea mar a d'aistrigh Wollschläger an tús. Tagann na haidiachtaí i dtosach báire.[6] Bhí na haidiachtaí "stately" & "plump" ní ba chruinne ó thaobh na brí de ag Goyert ach rithim agus tuin na teanga an sprioc ag Wollschläger. Ina iomláine deirtear gur fearr mar íomhá an bhunsaothair i scáthán na Gearmáinise an t-aistriúchán a rinne Wollschläger.

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilseacháin Inis Gleoire’ a d’fhoilsigh leagan Gaeilge de réir a chéile i mBéal Feirste, dream ar deacair teacht ar aon eolas ina dtaobh.[7] 'Uiliséas' is teideal don aistriúchán Gaeilge sin. Tháinig imleabhair de na caibidlí éagsúla amach idir na blianta 1987 agus 1991.[8] Ba ea iad Séamas Ó hInnéirghe, Breasal Uilsean, Séamas Ó Mongáin agus Breasal Ó hInneirge a d'aistrigh ón mBéarla é.

Mar seo a thosaíonn sé sa Ghaeilge:

Go hosgardha, tháinig Buck beathuighthe Mulligan ó cheann an staighre, ag breith scála sobail leis ar a raibh scáthán agus altán ina luí crosach. Bhí a ghléas-fhallaing bhúidhe gan chrios spréidhte in airde go réidh ina dhiaidh ar aithleá séimh na maidine. Thóg sé an scála in airde agus thúscan:

Introibo ad altare Dei. Ina sheasamh, ghliúcuigh sé síos an caischéimire dorchcha agus scáirt sé amach go garbh-ghlórach:

-Gabh aníos...

Caighdeánú déanta ag Alan Titley.

Go hoscartha, tháinig Buck beathaithe Mulligan ó cheann an staighre, ag breith scála sobail leis ar a raibh scáthán agus altán ina luí crosach. Bhí a ghléasfhallaing bhuí gan chrios spréite in airde go réidh ina dhiaidh ar aithleá séimh na maidne. Thóg sé an scála in airde agus thúschan: Introibo ad altare Dei.

Seo críoch an leabhair:

sea agus na sráideanna aite uilig agus na tithe bándearga gorma buí agus na hinscighmí róis agus na fóirdris agus na crobhanna dearga agus na cactais agus Giobráltar le linn mo ghirseoige mar a raibh mé i mo bhláth an tsléibhe sea nuair a chuir mé an rós i mo chiabh mar a ndéanadh na cailíní Andalúsaíacha nó an gcaithfidh mé dearg sea agus an chaoi ar phóg sé mé faoin mhúr Múrach agus smaoin mé d'aile nach cuma seisean ná duine eile agus ansin d'iarr mé air le mo shúile chun iarrata athuair agus sea agus d'iarr sé orm ansin go n-abróinn sea le sea a rá mo bhláth an tsléibhe thug mé i mo bhaclainn ar dtús é sea agus tharraing síos chugam é go raibh sé in ann mo chíocha a aireachtáil faoin bholtnas go léir sea agus bhí a chroí ag rith ar séarsa agus sea dúirt mé sea déanfaidh mé sea.

  • Aistriúchán ar thús ‘Ulysses’ ag Máire Ní Fhinneadha.[9]

IMRAM[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Eoin P.O Murchú eagar ar na haistriúcháin Ghaeilge a rinneadh ar shaothar Joyce mar chuid dá thaighde PhD. Bhí na sleachta seo as Ulysses mar chuid de sheó IMRAM ’Sea,’Sea,’Sea sa bhliain 2019.[10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "‘Dath ealaíonta nua d’fhilí na nGael: smaoisghlas’ – tús ‘Ulysses’ i nGaeilge do Lá Bloom" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-06-16). Dáta rochtana: 2023-06-16.
  2. Colm Tóibín (2022-05-10). "Is beag focal nó íomhá nó ainm a ligeann Joyce thairis gan ceol a bhaint as…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-16.
  3. Éilís Neary (2021-06-16). "Anseo i bPáras atá go leor de rúin Bloomsday" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-16.
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (2022). "5 Feabhra 2022 (Baile Átha Cliath) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-14.
  5. "Book censorship in the Republic of Ireland" (as en) (2021-10-28). Wikipedia. 
  6. Fergus Ó Néill (2017). "https://twitter.com/FMJONeill" (ga-IE). Twitter. Dáta rochtana: 2023-06-16.
  7. Eoin P. Ó Murchú. "Ulysses: Lig ort gur léigh tú an leabhar!" (ga). NÓS. Dáta rochtana: 2020-06-17.
  8. James Joyce (1989). "Uiliséas Caibidil a trí-déag /". Foillseacháin Inis Gleoire,. 
  9. Máire Ní Fhinneadha (2022-06-16). "Tús ‘Ulysses’ i nGaeilge – ‘Seo amach an Boc beathaithe stáidiúil Mulligan…’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-16.
  10. Méabh Ní Thuathaláin (18 Deireadh Fómhair 2019). "’Sea, ’Sea,’Sea …- Ulysses as Gaeilge ag IMRAM" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-16.