Leopold Bloom
| Cineál | duine ficseanúil carachtar liteartha |
|---|---|
| Cruthaithe ag | James Joyce |
| Léirithe ag | Zero Mostel, Milo O'Shea agus Stephen Rea |
| Comhthéacs | |
| I saothar | Ulysses |
| Bunaithe ar | Odaiséas |
| Dáta | |
| Ainm breithe | Leopold Paula Bloom |
| Ainm cleite | Henry Flower |
| Leasainm | Poldy agus Mackerel |
| Speiceas | na Giúdaigh |
| Inscne | fireann |
| Slí bheatha | fógróir agus réalteolaí |
| Fostóir | The Freeman’s Journal |
| Airde | 69.5 in |
| Meáchan | 158 lb |
| Cónaithe | Baile Átha Cliath |
| Breith | 1866 |
| Muintir | |
| Céile | Molly Bloom |
| Leanaí | Milly Bloom (en) |
| Eile | |
| Ball de | máisiúnachas |
Is é Leopold Bloom an príomhcharachtar i leabhar cáiliúil James Joyce, Ulysses. Comhlíonann sé ról Odaiséas agus é ag taisteal thart i mBaile Átha Cliath ar feadh lae. Déantar an lá seo a cheiliúradh gach bliain ar an 16 Meitheamh (an dáta a d'úsáid Joyce sa leabhar) agus tugtar Lá Bloom air in ómós don charachtar úd.
Beathaisnéis Fhicseanúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Bloom sa bhliain 1866. Mac le Rudolf Virág (Giúdach as Szombathely na hUngáire) a tháinig go hÉirinn, thiontaigh ina Phrotastúnach, d'athraigh a ainm go Rudolph Bloom agus chuir lámh ina bhás féin) atá ann. Ellen Higgins, Protastúnach Éireannach a mháthair. Níl sé timpeallghearrtha. Bhí cónaí orthu i Sráid Clanbrassil i bPortobello. Thiontaigh Leopold ina Chaitliceach chun Marion (Molly) Tweedy a phósadh ar an 8 Deireadh 1888. Rugadh iníon, Millicent (Milly), dóibh sa bhliain 1889; cailleadh a mac Rudolph (Rudy), a rugadh i mí na Nollag 1893, nuair nach raibh ach 11 lá slánaithe aige. Tá an teaghlach ina gcónaí i 7 Sráid Eccles i mBaile Átha Cliath.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |