Odaiséas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Odaiséas

De réir na miotaseolaíochta, bhí Odaiséas ina rí ar Ithaca roimh thús na staire scríofa sa Ghréig. Ba é Odaiséas laoch an Odaisé (dán eipiciúil de chuid Hóiméair) (Gréigis: Ὀδυσσεύς; Laidin: Ulyssēs, Ulixēs). Tá ról lárnach ag Odaiséas san Iliad agus sna dánta epiciúla eile sna Timthrialla Eipiciúla (scéalta Chogadh na Traí).

Ithaca, fear céile Phenelope, athair Thelemachuis agus mac Laërtes agus Anticlea a bhí in Odaiséas. Bhí cáil air mar gheall ar a ghliceas is ar a sheiftiúlacht agus is dá bhrí sin a chuirtear an buafhocal Odaiséas Glic air. Is é an scéal is cáiliúla atá bainte le Odaiséas ná An Odaisé, scéal a dhéanann cur síos ar a tharla ar thuras Odaiséais agus é ag teacht abhaile i ndiaidh dó bheith ag troid i gCogadh na Traí ar feadh deich mbliana, agus bob Chapaill Adhmaid na Traí a bhualadh.