Ernest Hemingway

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaErnest Hemingway

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Ernest Miller Hemingway
Beathaisnéis
Breith21 Iúil 1899
Oak Park, Illinois Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Iúil 1961
61 bliana d'aois
Ketchum, Idaho Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Tráma balaistíoch)
Áit adhlacthaKetchum Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síArdscoil Oak Park agus River Forest
James F. Byrnes High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheKey West, Florida
Páras
Ketchum
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreRoman à clef
Suíomh oibre Alassio Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcomhfhreagraí cogaidh, file, scríbhneoir, gearrscéalaí, drámadóir, úrscéalaí, iriseoir, scríbhneoir scripte, scríbhneoir próis Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1917 –  1961
SeánraPrós, iriseoireacht tuairimíochta agus cuimhní cinn
Faoi thionchar
TeangachaBéarla, an Fhraincis agus an Spáinnis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda, An Dara Cogadh Domhanda agus Cogadh Cathartha na Spáinne
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileHadley Richardson (1921–1927)
Pauline Pfeiffer (1927–1940)
Martha Gellhorn (1940–1945)
Mary Welsh Hemingway (1946–1961) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJack Hemingway
 ( Hadley Richardson)
Patrick Hemingway
 ( Pauline Pfeiffer)
Gloria Hemingway
 ( Pauline Pfeiffer) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairClarence Hemingway  agus Grace Hall Hemingway
SiblínLeicester Hemingway, Marcelline Hemingway Sanford, Madelaine Hemingway Miller, Carol Hemingway agus Ursula Hemingway
Croineolaíocht
Márta 1933-Deireadh Fómhair 1933Nazi book burnings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0002133 Allocine: 36026 Allmovie: p217464 TV.com: people/ernest-hemingway IBDB: 11003
iTunes: 2122513 Musicbrainz: 821e1b40-aa85-456b-b953-02ea722dc29a Discogs: 432081 Find a Grave: 1232 Cuir in eagar ar Wikidata
1918, leis an Chros Dhearg i Milan

Scríbhneoir, údar agus iriseoir Meiriceánach ab ea Ernest Miller Hemingway (21 Iúil, 18992 Iúil, 1961). Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta air

lena bhean nua Pauline Pfeiffer, 1927 i bPáras

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba dhochtúir é a athair agus b'eisean an dara as seisear clainne. Chaith sé a shaol mar ógánach i mbruachbhaile Siceago, Oak Park.

sa Spáinn, 1927

Thosaigh sé ag obair mar iriseoir don Kansas City Star i 1917. An bhliain ina dhiaidh sin chuaigh sé go dtí an Iodáil ag obair mar thiománaí otharchairr ar an bhfronta, áit a goineadh go dona é. Fuair sé dhá bhonn mar gheall air.

D'fhill sé ar SAM i 1919 agus phós sé Hadley Richardson sa bhliain 1921. Thug sé bóthar di agus phós sé Pauline Pfeiffer i bPáras i 1927. Cliúsaí ban, phós sé dhá uair eile. D'oibrigh sé mar iriseoir san Eoraip arís sa bhliain 1922, ag scríobh tuarascálacha ar an gcogadh idir an Ghréig is an Tuirc.

Hemingway le Ilya Ehrenburg agus Gustav Regler, den eite chlé, ag obair ar an scannán bolscaireachta, The Spanish Earth, sa Spáinn, 1937.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin, 1924, bhí sé ag iarraidh éirí as an iriseoireacht agus leabhair a scríobh. Chuaigh sé go Páras agus bhuail sé lena chairde Meiriceánacha arís, Ezra Pound agus Gertrude Stein. Bhí tionchar an-tábhachtach acu ar a chuid stíle. Foilsíodh The Torrents of Spring an bhliain dár gcionn.

An Spáinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé an-sásamh as turais thar lear i gcónaí agus chaith sé roinnt mhaith ama ann sa Spáinn sna 1920idí agus 1930idí.

Tá cáil ar Burguete fós toisc go bhfuil The Sun Also Rises (Fiesta, sa Spáinnis), úrscéal le Ernest Hemingway a foilsíodh sa bhliain 1926, suite i gcomharsanacht an bhaile.[1]

I gCúba lena 4ú bhean, Mary Welsh agus leon a fuair sé ar safari


Go háirithe, chonaic sé lena shúile féin uafás chogaíocht le linn Chogadh Cathartha na Spáinne, Scríobh séː

“I gcogaíocht an lae inniu, níl aon rud faoin bhás atá caoin ná cuí. Cuirfear chun báis thú mar a dhéanfaí le madadh agus gan aon chúis mhaith leis.”[2]

agus

'Is cuma cad é an gá a bheadh le cogadh, fiú an cogadh ceart. Is coir é an cogadh.;[3] Tá an t-úrscéal For Whom the Bell Tolls (Dá Bhuaileann an Cloigín) bunaithe ar thaithí Hemingway le linn Chogadh Cathartha na Spáinne.

Cúba[cuir in eagar | athraigh foinse]

ar a luamh Pilar, Cúba, 1950

For Whom the Bell Tolls (Dá Bhuaileann an Cloigín)

Rinneadh scannán cáiliúil den leabhar i 1943 le Gary Cooper i bpáirt Robert Jordan agus Ingrid Bergmann i bpáirt María. Bhuaigh Katina Paxinou, a raibh páirt Pilar aici, an gradam Oscar don ban-aisteoir taca is fearr. Tharraing an scannán clú idirnáisiúnta ar Hemingway.

Bronnadh an Duais Nobel na Litríochta air i 1954 tar éis dó The Old Man and the Sea a fhoilsiú dhá bhliain roimhe sin.

Sláinte mheabhrach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caffè Roma sul Muretto di Alassio, 1954

Bhí sé tugtha don ól ar feadh a shaol. Tháinig paranóia iomlán air, agus fadhbanna meabhairshláinte eile i mblianta deireanacha a shaoil.

Chuir sé lámh ina bhás féin sa bhliain 1961. Scaoil sé urchar leis féin ina bhaile i Ketchum, Idaho, agus in aois 60 dó.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Úrscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mícheál de Barra. "An bóthar go Santiago" (ga-IE). Cois Life. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-07-09. Dáta rochtana: 2021-07-02.
  2. Ciara Nic Gabhann (2010). "Ealaín Uafás na Cogaíochta" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-02.
  3. ttrocaire.org (2018). "Teacht Aniarː Acmhainn Oideachas Forbartha don Iar-bhunscoil". Dáta rochtana: 2021.