Martin Cahill
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 23 Bealtaine 1949 Baile Átha Cliath, Éire |
Bás | 18 Lúnasa 1994 45 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Áit adhlactha | Reilig Chnocán Iaróm |
Gníomhaíocht | |
Gairm | gadaí ealaíne |
Coirpeach míchlúiteach as Baile Átha Cliath in Éirinn ab ea Martin Cahill (23 Bealtaine 1949 – 18 Lúnasa 1994), a bhí freagrach as roinnt coireanna a fuair aird mhór ó na meáin in Éirinn.
Thug na nuachtáin an leasainm The General air chun leabhal a sheachaint agus iad ag trácht ar na hainghníomhartha a bhíodh idir lámhaibh aige.
Deireadh lena ré
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 18 Lúnasa 1984, d'fhág Cahill a thí i Ráth Maonais (Swan Grove). Lámhachadh é i Raghnallach, ag crosbhóthar Oxford agus Charleston.
Creidtear gurb é an tIRA a rinne é. Chuir an tIRA i leith Cahill go raibh sé ag díol pictiúirí goidte leis na sceimhlitheoirí Protastúnacha.
De réir na teoirice eile, bhí beirt chomhchoirithe de chuid Cahill, Seán Mag Giollagáin agus Seán Mac Thréinfhir, tar éis sreang mhór díoltóireachta drugaí a chur ar bun. Thosaigh Cahill ag éileamh a chuid féin den bhrabús, rud nár thaitin leis an mbeirt eile.
Mar sin, chuaigh siad i dteagmháil leis an IRA, ag áitiú orthu siúd gurbh é Cahill an díoltóir mór drugaí agus go raibh sé ag iompórtáil héaróine. Bhí sé de pholasaí ag an IRA san am díoltóirí héaróine a mharú, agus mar sin, mharaigh siad Cahill. Ní féidir a rá, áfach, nach mbeadh páirtíocht choiriúil Cahill leis na Dílseoirí ina spreagadh breise acu le hé a mharú.
Scannán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1998, stiúraigh John Boorman scannán dar teideal The General, agus é bunaithe ar imeachtaí beatha Cahill. B'é Brendan Gleeson a rinne an phríomhpháirt. Thabhaigh an scannán duais an stiúrthóra ab fhearr do Boorman i bhFéile Scannánaíochta Cannes.
Tá príomhcharachtar an scannáin Ordinary Decent Criminals le Kevin Spacey bunaithe ar Cahill freisin.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |