John Boorman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
John Boorman
John Boorman Cannes 2014.jpg
Saol
Eolas breithe Shepperton, 18 Eanáir 1933 (89 bliain d’aois)
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Muintir
Páistí
Oideachas
Alma mater Salesian School, Chertsey (en) Aistrigh
Teangacha An Ghearmáinis
An Béarla
Gairm
Gairm scríbhneoir scripte scannáin, léiritheoir scannáin, stiúrthóir scannán agus stiúrthóir teilifíse
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
IMDb nm0000958

Stiúrthóir agus fear mór scannánaíochta is ea Sir John Boorman CBE, a rugadh i Surrey, Sasana, ar an 18 Eanáir 1933. Sasanach atá ann, agus é ina chónaí in Áth na mBó, Contae Chill Mhantáin.[1] B'iad a chuid príomhscannán Point Blank, Deliverance, Excalibur, Hope and Glory, The General agus Zardoz.[2][3]

1974
The Dave Clark Five, 1966

A Óige agus Tús a Ghairmréime[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh John Boorman i Shepperton i gcontae Surrey. B'iad Ivy Chapman agus George Boorman a thuismitheoirí. Cé nach raibh sé ina Chaitliceach, chuaigh sé ar scoil na Sailéiseach i Chertsey sa chontae céanna. Ar dtús, chuaigh sé le tirimghlantóireacht agus le hiriseoireacht mar shlí bheatha, ach ansin, fuair sé post leis an mBBC ag déanamh scannáin fhaisnéise.

Chuir an léiritheoir David Deutsch sonrú sa stiúrthóir óg éirimiúil, agus d'fhostaigh sé Boorman chun Catch Us If You Can a stiúradh. B'iad ceoltóirí na foirne úd The Dave Clark Five a rinne na príomhpháirteanna. San am sin - faoi lár na seascaidí - bhí an Dave Clark Five ag iarraidh an bua a bhreith ar na Beatles, agus an scannán ceaptha mar fhreagra ar A Hard Day's Night, ceolscannán na mBeatles.

Hell in the Pacific (1968).

Níor éirigh go rómhaith leis an gcéad scannán sna pictiúrlanna, ach ar a laghad, réitigh sé ród an stiúrthóra go Hollywood. Sa bhliain 1967, stiúir sé an chéad scannán do "mhonarcha na n-aislingí" thar sáile, Point Blank. B'iad Angie Dickinson agus Lee Marvin a rinne na príomhpháirteanna, agus imeachtaí an scannáin bunaithe ar úrscéal bleachtaireachta le Donald Westlake (a shínigh é féin mar Richard Stark).

The Exorcist TV series logo.png

Ag stiúrú an scannáin dó, chaith Boorman súil ar leith ar radharcra Los Angeles, ar Alcatraz - ní raibh an príosún míchlúiteach dúnta ach le cúpla bliain anuas san am, agus b'é seo an chéad scannán a ndearnadh codanna de ansin - agus ar shaol na cathrach go gairid roimh theacht na hipithe. Scéal díoltais atá ann go bunúsach, agus an laoch ag baint a shásaimh as na coirpigh eagraithe.

B'é Hell in the Pacific an chéad phríomhscannán eile a rinne Boorman, sa bhliain 1968. Sa scannán seo, faigheann saighdiúir Meiriceánach (Lee Marvin) agus Seapánach (Toshiro Mifune) iad féin in aon oileán beag amháin le chéile le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Sa bhliain 1970, rinne Boorman scannán amháin i Sasana, Leo The Last, a bhí go mór mór faoi thionchar na bhfaisean comhaimseartha scannánaíochta, go háirithe saothar an stiúrthóra Iodálaigh Federico Fellini. Fuair Boorman, fiú, an t-aisteoir clúiteach Iodálach Marcello Mastroianni "ar iasacht" ó Fellini le haghaidh an scannáin seo. D'éirigh leis an scannán go maith i bhFéile Cannes, ach mar sin féin, tá sé sábháilte a rá go bhfuil Leo The Last ligthe i ndearmad inniu.

Briseadh mór[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh an briseadh mór le Boorman leis an scannán úd Deliverance sa bhliain 1972. Cineál scannán uafáis atá ann. Sa scannán seo, téann ceathrar fear meánaicmeacha go dtí na Sléibhte Apaláiseacha lena laethanta saoire a chaitheamh ag bádóireacht. Is fuar an fháilte a fhearann muintir na háite rompu, ansin. B'iad Jon Voight, Burt Reynolds, Ned Beatty, agus Ronny Cox na haisteoirí a rinne páirteanna an cheathrair. Tháinig na mílte ag feiceáil an scannáin, agus bhí Boorman ar an ngearrliosta don Oscar.

I dtús na seachtóidí, bhí Boorman ag dréim le Tiarna na bhFáinní a scannánú, agus é, fiú, i dteagmháil le Tolkien féin. Níor éirigh leis an scéim, ach bhain sé leas áirithe as an obair ullmhúcháin a bhí déanta aige, nuair a chrom sé ar an scannán úd Excalibur (1981), a bhí bunaithe ar théamaí na hArtúraíochta.

Sa bhliain 1974, tháinig Zardoz ar an scáileán. Bhí an scannán seo bunaithe ar ábhar diostóipeach, agus b'é Seán Connery a rinne páirt an laoich. Scannán conspóideach é Zardoz i gcónaí. Tá daoine áirithe den bharúil go raibh gléasadh stáitse an scannáin áiféiseach, gan aon trácht a dhéanamh ar na cultacha "todhchaíocha" a chaith na príomhphearsana. Ón taobh eile de, áfach, tá siad ann a deir gur súil úr bhunúil ar an todhchaí chianmhar a bhí ann, an feistiú aisteach san áireamh.

Níor éirigh chomh maith céanna leis an scannán Exorcist II: The Heretic. Go bunúsach, scéal leantach a bhí ann don scannán cáiliúil uafáis ón mbliain 1973, The Exorcist. Ní raibh mórán ratha ar an gceann seo, agus ba dhóbair dó deireadh a chur le gairmréim Boorman mar fhear scannánaíochta.

Maidir le hExcalibur, b'iad Helen Mirren agus Nicol Williamson a roghnaíodh le haghaidh phríomhpháirteanna an chinn sin. Bhí fuath na ndaol ag an mbeirt seo dá chéile, agus iad an-mhíshásta leis go gcaithfidís comhoibriú, ach is é an cur chuige a bhí ag Boorman ná "an rud is measa leat ná do bhás b'fhéidir gurb é lár do leasa é", mar a déarfadh an seanfhocal Gaeilge. Mar a d'iompaigh an scéal amach, b'é an cur chuige ceart é, ó d'éirigh go gleoite leis an scannán. Rinneadh an scannán seo in Éirinn, áit a raibh cónaí ar Boorman faoin am seo, agus bhí a chlann ag cuidiú leis an stiúrthóir in oibreacha na scannánaíochta.

BAFTA

Dírbheathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

An scannán a rinne sé sa bhliain 1987 sa Ríocht Aontaithe, Hope and Glory, b'é an scannán ba mhó dírbheathaisnéise a rinne sé, nó is cur síos é ar imeachtaí a chéad óige i Sasana le linn an Blitz. Ghnóthaigh an scannán duais BAFTA dó, agus bhí sé ar an ngearrliosta don Oscar arís. Mar sin féin, níor éirigh go rómhaith leis an gcéad scannán eile a rinne sé, Where the Heart is. Coiméide a bhí ann a léiríodh sna Stáit Aontaithe, agus b'é ab ábhar dó ná saol an teaghlaigh mhífheidhmiúil.

2014

Roghnaigh Boorman a mhac féin, Charley Boorman, mar phríomhlaoch agus mar churadh éiceolaíochta sa scannán The Emerald Forest, a rinne sé sa bhliain 1985. Sa scannán seo, bhain Boorman úsáid as eilimintí "intráchtála" cosúil le cailíní nach raibh ach scriosán beag éadaigh orthu agus aicsean is sceitimíní, ach san am céanna, bhí teachtaireacht láidir éiceolaíochta ann. ina dhiaidh sin, scannánaigh Boorman cúpla scéal faoi dhaoine a fhaigheann iad féin ar an trá fholamh in áiteanna coimhthíocha nach féidir leo bheith compordach iontu: Beyond Rangoon (1995) agus The Tailor of Panama (2000).

Sa bhliain 2006, d'eisigh Boorman an scannán The Tiger's Tail. Tá imeachtaí an scéil suite in Éirinn i mblianta an Tíogair Cheiltigh.

Aitheantas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1999, ghnóthaigh Boorman duais an stiúrthóra is fearr i bhFéile Cannes leis an scannán The General, a bhí bunaithe ar imeachtaí saoil an choirpigh chlúitigh Martin Cahill.

Fuair sé "Lifetime Achievement Recognition" ón IFTA in 2010 agus rinneadh ridire de i Sasana sa bhliain 2022.[3][2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Agallamh le John Boorman (Donald Clarke). "John Boorman: ‘I have to take a measure of blame for Harvey Weinstein’" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-01-18.
  2. 2.0 2.1 "Deliverance director John Boorman knighted for services to film" (en). independent. Dáta rochtana: 2022-01-18.
  3. 3.0 3.1 "IFTA Academy | Irish Film & Television Academy | Irish Film & Television Awards". ifta.ie. Dáta rochtana: 2022-01-18.