Jump to content

Coir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Coireacht)
Láithreacha coireanna
Láthair choire

Sa ghnáthchaint, is éard is coircoirpeacht - nó coiriúlachtcoireacht i dtéarmaí ginearálta - ann ná gníomh neamhdhleathach is inphionóis faoi ghnáth dhlíthe stáit nó údaráis eile.[1]

Ní  sainmhíniú simplí a nglactar go huilíoch leis sa dlí coiriúil nua-aimseartha don téarma "coir" ,[2] cé go raibh sainmhínithe reachtúla curtha ar fáil chun críocha áirithe.[3] 

Is í an bharúil is coitianta ná an tuairim gur chatagóir is ea coir a cruthaíodh de réir an dlí; i bhfocail eile, tá rud éigin ina coir má tá sí dearbhaithe mar san dlí ábhartha agus infheidhme sa dhlí. 

aois na freagrachta coiriúla

Moladh mar sainmhíniú go bhfuil coir nó cion (nó cion coiriúil) ina gníomh díobhálach ní hamháin don duine aonair nó daoine aonara ach freisin don phobal, sochaí nó don stát ("éagóir phoiblí"). Bíonn  gníomhartha den sórt seo toirmiscthe agus ina cion is inphionóis faoi dhlí.[4]

De réir Europol, braitear go bhfuil 0.7-1.2% d’olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh rannpháirteach i ngníomhaíocht amhrasach airgeadais, amhail sciúradh airgid atá nasctha leis an éilliú, gáinneáil ar airm agus ar dhaoine, mangaireacht drugaí, imghabháil agus calaois chánach, maoiniú na sceimhlitheoireachta nó gníomhaíochtaí aindleathacha eile. De réir figiúirí ó Europol, as an 1.1 milliún tuarascáil maidir le gníomhaíocht amhrasach arna dtuairisciú in 2019, rinneadh na húdaráis phoiblí iniúchadh breise ar 10% díobh (agus difríochtaí móra ann idir tíortha).[5]

De réir Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta déantar coibhéis 2.7% d’Olltáirgeacht Intíre an domhain a sciúradh gach bliain.

De réir taighde, b'é EUR 7 900 billliún méid an rachmais airgeadais a bhí i dtearmainn chánach in 2017, coibhéiseach le 8 % d’olltáirgeacht intíre an domhain. Mar thoradh air sin, bhí caillteanas ioncaim cánach de thart ar EUR 155 bhilliún in 2017 ar fud an domhain.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Oxford English Dictionary Second Edition on CD-ROM" (2009). Oxford: Oxford University Press. 
  2. Farmer, Lindsay: "Crime, definitions of", in Cane and Conoghan (editors), The New Oxford Companion to Law, Oxford University Press, 2008 (ISBN 978-0-19-929054-3), page 263 (Google Books).
  3. In the United Kingdom, for instance, the definitions provided by section 243(2) of the Trade Union and Labour Relations (Consolidation) Act 1992 and by the Schedule to the Prevention of Crimes Act 1871.
  4. Elizabeth A. Martin (2003). "Oxford Dictionary of Law". Oxford: Oxford University Press. 
  5. Johan VAN OVERTVELDT (2022). "TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN maidir le Páipéir Phandóra: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac | B9-0527/2021 | Parlaimint na hEorpa" (ga-IE). www.europarl.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-03-21.
  6. Rún ó Pharlaimint na hEorpa ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nochtaí eile (15 Meitheamh 2023). "Ceachtanna a foghlaimíodh ó Pháipéir Pandora agus ó nithe eile a tháinig chun solais.". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2025-03-21.