Cú Choigríche Ó Cléirigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Staraí Éireannach ba ea Cú Choigcríche Ó Cléirigh (Béarla: Peregrine O'Clery) (beo 1624–1664).

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le Diarmaid Ó Cléirigh, ba ea Cú Choigcríche, agus mar sin ina chol seachtar le Mícheál Ó Cléirigh, a chabhraigh sé leis ag tiomsú Annála na gCeithre Máistrí.

Chreid [[Paul Walsh] áfach gur mhac é le Diarmad mac An Chosnamghaigh mhic Concoigríche mhic Dhiarmada Ó Cléirigh, a d'éag sa bhliain 1552. Deartháir le Tuthal (bás 1512) agus Giolla Riabhach (bás 1527) ba ea an Diarmaid úd. Bhí Mícheál Ó Cléirigh gaolta le Tuathail mar mhac Donnchadha mhic Uilliam mhic Thuathail.

Chreid Seán Ó Donnabháin, an chéad eagarthóir nua-aimseartha na nAnnál, gur mac le Lughaidh Ó Cléirigh, file agus staraí, cé go bhfuil amhras anois ann faoin tuairim seo.[1]

Rinne an bheirt Uí Chléirigh obair sna hannála ar na blianta 1332–1608. Scríobh Cú Choigcríche an chóip de Bheatha Aodha Rua Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh is luaite atá fós ar marthain. Scríobh sé freisin san ar Mháire deirfiúr Aodha Rua, a d'éag sa bhliain 1662, atá caomhnaithe anois sna Lámhscríbhinní Phillips ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[2]

Is dóigh gur thug Cú Choigcríche roinnt ábhair do Dhubhaltach Mac Firbhisigh, a chuir seisean arleathnach 299 i Leabhar na nGinealach isteach.

Is ea príomhshaothar féin ná Leabhar Ginealach Uí Chléirigh.

Fuair sé bás i nGort na hEilte, i nGleann Hoiste ag bun Néifinn Bhig, suite os cionn Loch Bhéal Trá. Thiomsaigh sé a leabhair dá mhic, Diarmaid agus Seaán.

Creidtear gurb iad sliochtaigh Chú Choigcríche ná muintir Uí Chléirigh as An mBreaclach, Gleann Hoiste, Buiríos Umhaill, Contae Mhaigh Eo.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Pádraig Ó Móghráin, O'Clerys in west Mayo, ll. 70–73, in Measgra i gCuimhne Mhichíl Chléirigh, eag. S. O'Brien, 1944.
  • Nollaig Ó Muraíle, The Celebrated Antiquary: Dubhaltach Mac Fhirbhisigh (c.1600-1671) - His Life, Lineage and Learning,, An Sagart, Maigh Nuad, 1996, ll xix, 12, 20–1, 27, 59, 172, 176, 183, 214, 234–6, 275, 327–8; athchló 2003. ISBN 1-903896-05-3; ISSN 0790-8806.
  • An Br. Angelo Mac Shamhais, OSF, Notes on Cú Choigcríche Ó Cléirigh One of the Four Masters, Cathair na Mart 2001 (Journal of the Westport Historical Society), ll. 27–44,
  • Irish Leaders and Learning through the Ages, eag. Nollaig Ó Muraíle, Four Courts Press, Baile Átha Cliath, 2003. ISBN 1-85182-543-6

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Oxford, Cú Choigcríche Ó Cléirigh, 2004, le Nollaig Ó Muraile
  2. Phillips LS 23068 (NLÉ G 167)