Cogadh na Naoi mBliana (Éire)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cogadh na Naoi mBliana)
1600

Sa bhliain 1594, thosaigh cogadh, Cogadh na Naoi mBlianaAn Cogadh Naoi mBlianaCogadh Naoi mBlian,[1][2][3] a mhair ar feadh naoi mbliana. Uaireanta glaotar Réabhlóid Thír Eoghain air (Tyrone Rebellion i mBéarla) nó Cogadh an Dá Aodh, ón cheannaire Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, agus Aodh Rua Ó Dónaill, taoiseach Thír Chonaill. Bhí an cogadh idir na nGael agus na Sasanaigh.

Ar feadh naoi mbliana choinnigh comhghuaillithe an Tuaiscirt cúl ar phleananna plandála na Sasanach. Cé go raibh arm Shasana i bhfad níba mhó ná arm na nGael, chaill na Sasanaigh cath i ndiaidh catha.

Faoi threoir straitéiseach Uí Néill agus díograis agus diongbháilteacht Uí Dhomhnaill, éirí amach éifeachtach a bhí ann. Aodh Ó Néill agus Aodh Rua Ó Dónaill a bhí i gceannas ar fhórsaí na Ghaeil agus bhí cúpla comhghuaillí acu, mar shampla Ó Súilleabháin Béir ina measc, agus fórsaí eile i gCúige Mumhan.

Bhí na Gaeil ag cur i gcoinne riail na Sasanach, go háirithe mar a bhain sí le cúrsaí creidimh agus sealúchais, de réir mar a bhí monarcacht na Sasanach ag iarraidh an Athrú Creidimh a chur i bhfeidhm in Éirinn.

Sir Charles Blount c 1594

1594-1600[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thosaigh an cogadh i gCúige Uladh ach de réir a chéile scaip an réabhlóid ar fud na tíre, go háirithe i Cúige Mumhan, agus go tailte Uí Dhónaill i gCúige Chonnacht.

Le Mag Uidhir Fhear Manach lena dtaobh, ghlac siad seilbh ar a gcuid tailte féin agus níos faide ar shiúl.

Sa deireadh thiar, theip orthu ina n-iarracht. Bhí cumhacht Shasana, go háirithe ar muir agus ó thaobh airtléire, ró-láidir agus tháinig cabhair ó Rí na Spáinne ró-mhall agus ró-shuarach.

Cuireadh ceannairí nua anonn as Sasana, an Tiarna Mountjoy agus George Carew. D'éirigh leo sin Cúige Mumhan a chur faoi chois.

Robert Devereux, 2nd Earl of Essex, circa 1596

Bheartaigh ceannairí Uladh ar a gcuid saighdiúirí a thabhairt aduaidh. Thimpeallaigh siad na Sasanaigh, ach ní raibh taithí ag na Gaeil ar an gcineál cogaíochta a cleachtadh ar thalamh oscailte na Mumhan. Bhí bua éasca ag marcshlua Shasana orthu. Chúlaigh na hUltaigh abhaile agus lean orthu ag troid ar feadh cúpla bliain eile.

1601[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a tháinig an chabhair a bhí iarrtha ag Ó Néill ón Spáinn go Cionn tSáile, bhí arm Shasana ábalta iad a chur faoi léigear láithreach.

Troideadh Cath Chionn tSáile i gContae Chorcaí, sa bhliain 1601, nuair a bhuail arm Shasana na tiarnaí Gaelacha agus fórsaí Spáinneacha.

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1601, chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh.

George Carew, Earl of Totnes

1602[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tar éis briseadh ar na Gaeil, i leithinis Bhéara, Contae Chorcaí, ar an 31 Nollaig 1602, theith Donal Ó Súilleabháin agus a mhuintir. Mar sin, thosaigh tréigean agus mórshiúil ó Bhéara go Breifne, gníomh gaisce agus teip thubaisteach ag an am chéile.

1603[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamas coróin Shasana mar ba dhual dó. Tugadh Séamas I air, mar Rí Shasana.

Ghéilleadar do na Sasanaigh sa bhliain 1603, agus tháinig deireadh leis an chogadh. Rinne Ó Néill conradh síochána leis na Sasanaigh ag an Mainistir Mhór.

Iarmhairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

B'éigean do na nIarlaí teitheadh ina dhiaidh sin go dtí an Mór Roinn, rud a rinne siad sa bhliain 1607, agus ar a dtugtar Imeacht na nIarlaí. De bharr Teitheadh na nIarlaí i 1607 chuir na Sasanaigh Phlandáil Uladh ar bun.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. "Téarmaí Staire". Acmhainn.ie. Dáta rochtana: 5 Lúnasa, 2012.
  2. "Stair na hEireann a ligean le sruth le fonn agus le failli". The Irish Times (3 Márta 2003). Dáta rochtana: 5 Lúnasa, 2012.
  3. Stair-Sheanchas Éireann, Cuid a haon, le Mícheál Ó Siochfhradha, l. 121