Cath an Chorrshléibhe (1599)
Cogadh na Naoi mBliana | |
---|---|
![]() ![]() | |
Cineál | cath |
Dáta | 15 Lúnasa 1599 |
Comhordanáidí | 53° 59′ 51″ N, 8° 18′ 44″ O / 53.9975°N,8.312222°W |
Áit | Mainistir na Búille |
Tír | Ríoghacht Éireann |

Tharla Cath an Chorrshléibhe (Battle of Curlew Pass) ar 15 Lúnasa 1599 sa Chorrshliabh, gar do Mhainistir na Búille (ar theorainn Ros Comáin / Sligeach).[2] Bhí Cogadh na Naoi mBliana ar siúl ag an am; d'éirigh na clanna deireanacha de chuid na nGael amach in éadan na Sasanach. Bhí Aodh Rua Ó Domhnaill ag cosaint teorainn thiar na nUladh in aghaidh ruathair Robert Devereux ('Earl of Essex').

Rinne arm, faoi stiúir Aodha Rua Uí Dhomhnaill, luíochán ar fhórsaí Sasanacha, faoi stiúir Conyers Clifford, nuair a bhí fórsaí na Corónach ag máirseáil trí mham sa Chorrshliabh. Bhí an lá leis na Gaeil.
Dhícheannadh Clifford agus cuireadh corp an ridire i Mhainistir na Tríonóide suite i lár an oileáin Loch Cé i ndiaidh Cath an Chorrshléibhe.[3]
An suíomh inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Baile fearainn sléibhtiúil atá sa Chorrshliabh inniu agus áirítear suíomh catha, bóthar seanda agus leacht cuimhneacháin i measc séadchomharthaí an bhaile fearainn.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh na Naoi mBliana
- Bhí ról ag Uí Dhubhda sa chath, ag cuidiú le hAodh Rua Ó Domhnaill
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Foras na Gaeilge. "Ealaín Phoiblí in Éirinn". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ nó Cath Bhearnas an Chorrshléibhe b'fhéidir
- ↑ Ó hAisibéil, Liam (NUI Gaillimh) (2013). "Logainmneacha Mhainistir na Búille". Dáta rochtana: 2021.