Valladolid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Valladolid
Valladolid

Lár na Cathrach

Valladolid Valladolid


Suíomh

41°39′ Thuaidh 4°43′ Thoir

Rialtas
Tír An Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach Caistíl agus León
Méar Oscar Puente (PSOE)
Déimeagrafaic
Achar 197.91 cm²
Daonra 521,130
Dlús daonra 1,514/km²
Airde 698m
www.valladolid.es/

Is í Valladolid de facto príomhchathair chomhphobail féinrialaithe na Caistíl agus León sa Spáinn agus í mar phríomhchathair chúige Valladolid chomh maith. Tá sí súite ar abhainn an Pisuerga agus taobh istigh den réigiún Ribera del Duero, sa agus mar chuid de réigiúin stairiúl Caistíl. Bhí thart ar 521,130 ina gcónaí ann sa bhliain 2017, sé sin an 13ú bardas is mó sa Spáinn agus an cathair is mó in iarthuaisceart na tíre.

Sanasaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deirtear go dtáinig ainm na háite ón Laidin : VALLIS, "Gleann"; agus an focal Ceilteach: TOLITUM, "suíomh le buaile dhá abhainn". Cialaíonn sé freisin "cathair sa scamall"[1]. Tá ceangailt ag a ainm leis an ainm Araibise don chathair بلد الوليد a ciallaíonn An Cathair de Walid.

Glaotar Pucela uirthi freisin, leasainm, nach bhfuiltear cinnte cá as a tháinig sé, ach b'fhéidir go bhfuil sé ceangailte leis na ridirí a chuaigh le "Juana de Arco".

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghabh na Muraigh an ait sa 10ú haois. D'fheabhsaigh an cunta Pedro Ansúrez an sráidbhaile sa 11ú haois; sa 15ú haois bhí sé mar ait chónaithe do ríthe Castilla agus mar phríomhchathair Ríocht na Spáinne go dtí 1561, nuair a bhog Pilib II an phríomhchathair go Maidrid. Fuair Criostóir Colambas bás i Valladolid sa bhliain 1506 i dteach a bhfuil mar iarsmalann dó. Rinne Pilib III príomhchathair arís di, idir 1601 agus 1606. Adhlacadh Aodh Rua Ó Dónaill sa bhliain 1602 i Mainistir na bProinsiasach sa bPlaza Mayor.[1][2]

I measc Séadchomharthaí an chathair tá, an ardeaglais neamhchríochnaithe, Eaglais Santa Maria la Antigua, an Plaza Mayor (rinneadh cóip den chearnóg seo i Maidrid agus áiteanna eile ar fud an domhain Spáinnigh), an Iarsmalann Dealbhóireachta Náisiúnta, in aice le hEaglais Naomh Pól, ait a raibh an cnuasach ba mhó de dhealbha adhmaid polacrómataigh sa Spáinn, agus dámh dlí d'Ollscoil Valladolid, tá aghaidh an Ollscoil seo ar cheann de na oibreacha Narciso Tomei a bhfuil fágtha. Tá an iarsmalann Eolaíochta in aice abhainn na Pisuerga. Tá an t-aon teach de Miguel de Cervantes a bhfuil fós ag seasamh suite i Valladolid fosta. Cé nach bhfuil an ardeaglais críochnaithe, bhí ardeaglais Valladolid deartha ag Juan de Herrera, a bhí mar ailtire do El Escorial.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]