Corón na hAragóine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Corona de Aragón
Corona d'Aragón
1162-1716
Bratach Armas
Bratach Armas
Suíomh
Príomhchathair Zaragoza agus Barcelona
Teanga(cha) Cancelleria Reial, An Laidin, an Chatalóinis agus An Aragóinis
Rialtas
{{{teidil_na_gceannairí}}}
Monarcacht
{{{ainmneacha_na_gceannairí}}}
{{{fonótaí}}}

Bhí Coróin na hAragóine (An Aragóinis: Corona d'Aragón, Laidin: Corona Aragonum), ina mhonarcacht ilchodach, déantar tagairt dó, sa lá atá inniu ann, mar Chónaidhm de Ríochtaí aonair rialaithe ag rí amháin le haontas pearsanta agus ríoraíoch le Ríocht na hAragóine agus le Chontae Barcelona. Nuair a bhí sé in ard a réime, san 14ú agus 15ú céad, bhí Corónach de Aragon ina thalasalathach (stát le ríochtaí muirí) ag rialú cuid mhór d'oirthear na Spáinne, codanna de dheisceart na Fraince, agus "Impireacht" de chuid) na Meánmhara lena n-áirítear na hOileáin Bhailéaracha, an tSicil, An Chorsaic, An tSairdín, Málta, Deisceart na hIodáile (ó 1442) agus páirteanna na Gréige (go dtí 1388). Ní raibh comhbhaill na Corónach aontaithe go polaitiúil ach amháin ag leibhéal an rí, a bhí i mbun na bhfearann uilig de réir a ndlíthe féin. Bheadh cistí a chruinniú faoi gach struchtúr cánach, ag déileáil ar leithligh le gach Corts nó Cortes. I dtéarmaí comhaimseartha, meastar uaireanta gur fheidhmigh tailte éagsúla de chuid na Corónach (den chuid is mó Ríocht na Aragon, Prionsacht na Catalóine agus Ríocht Valencia) níos mó mar Chónaidhm de chultúir seachas mar thír amháin. Sa chiall seo, ní mór gan Coróin na hAragóine a mheascadh le ceann amháin dá chomhchodanna, Ríocht na hAragóine, as a thógann sé a ainm.