An Chorsaic
| Corsica (co) | |||||
|
|||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
| Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
| Príomhchathair | Ajaccio | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 351,276 (2022) | ||||
| • Dlús | 40.47 hab./km² | ||||
| Teanga oifigiúil | an Fhraincis | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Southern defence and security zone (en) | ||||
| Achar dromchla | 8,680 km² | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an Mheánmhuir | ||||
| Pointe is airde | Monte Cinto (en) | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 11 Eanáir 1970 | ||||
| Éarlamh | Divota | ||||
| Eagraíocht pholaitiúil | |||||
| Comhlacht feidhmiúcháin | Executive Council of Corsica (en) | ||||
| Comhlacht reachtach | Comhthionól na Corsaice | ||||
| • Ceannaire an rialtais | Gilles Simeoni (2015–) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
| Cód ISO 3166-2 | FR-20R, FR-H agus FR-COR | ||||
| Cód NUTS | FR83 | ||||
| Cód réigiúin INSEE | 94 | ||||
| Eile | |||||
| Suíomh gréasáin | isula.corsica | ||||
Is í an Chorsaic (Corsaicis: Corsica, Fraincis: Corse) an ceathrú hoileán is mó sa Mheánmhuir (i ndiaidh na Sicile, an tSairdín agus na Cipire). Tá sí suite amuigh ó chósta thoir na hIodáile agus thoir theas ón Fhrainc, agus taobh ó thuaidh d'oileán na Sardíne.[1]
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí 339,000 duine ina gcónaí ar an oileán sa bhliain 2019.[2] Is iad Ajaccio agus Bastia an dá chathair is mó san oileán.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Napoleon Bonaparte ann sa bhliain 1769, i bpríomhchathair an oileáin, Ajaccio. An teach ina raibh a mhuintir ina chónaí san am, is é sin Maison Bonaparte, is músaem é inniu.

Teangacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is í an Fhraincis is mó a labhraítear san oileán inniu, ach tá a dteanga féin ag muintir na Corsaice, an Chorsaicis, cé nach bhfuil sí ó dhúchas ach ag céatadán beag ag bunadh an oileáin inniu.
Is iad na canúintí úd Gallurese agus Sassarese i dTuaisceart na Sairdíne na teangacha is mó gaol leis an gCorsaicis, agus deir cuid de na teangeolaithe go bhfuil siad - an teanga Gallurese ach go háirithe - níos cóngaraí don Chorsaicis ná don tSairdínis.
Tá cosúlachtaí go leor idir cás na Gaeilge in Éirinn agus cás na Corsaicise sa gCorsaic.[3]
Riaracháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Áirítear an Chorsaic ar réigiún de chuid na Fraince, cé gurb é an stádas atá ag an oileán sa dlí ná collectivité territoriale, is é sin, "tiomsaitheacht chríche". Ciallaíonn sin mar shampla go bhfuil "dáil" nó "parlaimint" na Corsaice, an Assamblea di Corsica, níos cumhachtaí ná mar a bhíonn na tionóil réigiúnacha sa Fhrainc de ghnáth. Náisiúnaithe den uile chineál is ea formhór na bhfeisirí i dTionól na Corsaice. Tá stádas theanga na Corsaicise ar cheann de na ceisteanna móra atá ag déanamh imní dóibh, chomh maith le talamh a bheith á cheannach ar an mórchóir ag eachtrannaigh.[4] Thug Stát na Fraince cluas bhodhar nó alabhodhar riamh dóibh, áfach, i dtaca leis an dá cheist seo. Chuaigh roinnt náisiúnaithe i muinín an fhornirt ag amanna éagsúla ó na 1950í, tráth a fuair go leor tíortha eile neamhspleáchas ón bhFrainc, ach cur chuige éadairbheach a bhí riamh ann.

Sna blianta 1975-2018 bhí an t-oileán roinnte ina dhá chúige, mar atá, Haute-Corse ("Uachtar na Corsaice") agus Corse-du-Sud ("Corsaic Theas"), agus ba í Bastia príomhchathair Haute-Corse.
Tháinig deireadh leis an deighilt seo sa bhliain 2018, áfach, agus is aon aonad riaracháin amháin é an t-oileán arís.
Leasú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2023 i dTionól na Corsaice in Aiaccu, bhí sé molta ag Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron "saghas éigin neamhspleáchais" a lamháil don Chorsaic, ach gur chuid den Fhrainc a bheadh sa Chorsaic i gcónaí faoin "saghas éigin neamhspleáchais" a bhí i gceist aige. D'iarr an tUachtarán Macron ar pholaiteoirí sa Chorsaic agus i Rialtas na Fraince dlí nua a dhréachtú i gcomhar le chéile le dúil stádas bunreachtúil na Corsaice a leasú.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Diarmuid Johnson. "Corsica – Oileán faoi Rún" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-08-23.
- ↑ "Living in Corsica: Things to Do and See in Corsica, France | Christie's International Real Estate" (en). www.christiesrealestate.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-04. Dáta rochtana: 2023-10-05.
- ↑ Maitiú Ó Coimín. "‘Namhaid na Poblachta an fhéiniúlacht teanga’ Stádas oifigiúil diúltaithe don Chorsaicis ag Macron" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-08-23.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-09-28). ""Saghas éigin neamhspleáchais" don Chorsaic á mholadh ag Macron" (as ga-IE).
