An Chorsaicis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Corsaicis)
Infotaula de llenguaAn Chorsaicis
corsu

Cineálteanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais151,000 (2013)
Dúchasach doan Chorsaic agus an tSairdín
Stáitan Fhrainc agus an Iodáil
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
Italo-Romance (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Leibhéal leochaileachta3 cinnte i mbaol
Cóid
ISO 639-1co
ISO 639-2cos
ISO 639-3cos
Glottologcors1241
Ethnologuecos
UNESCO340
IETFco
Endangered languages3171

Is teanga Rómánsach í an Chorsaicis. Tugtar lingua corsacorsu (fuaimniú:[ˈkɔrsu] nó [ˈkorsu]) uirthi sa teanga féin. Tá dlúthghaol ag an gCorsaicis leis an Iodáilis. Labhraítear an teanga sa Chorsaic (An Fhrainc) agus sa tSairdín (An Iodáil). Tá breis is 31,000 cainteoirí dúchasacha ag an teanga sa Chorsaic féin, ach is féidir dearcadh ar chanúintí Thuaisceart na Sairdíne, an teanga Gallurese agus an teanga Sassarese mar chanúintí de chuid na Corsaicise, agus na canúintí seo á labhairt ag breis is céad míle duine ar fad. Úsáidtear an aibítir Laidineach sa teanga.

Canúintí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chorsaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dhá chanúint mhór ag an gCorsaicis sa Chorsaic. Labhraítear SupranacciuCismuntincu i dtuaisceart an oileáin agus labhraítear SuttanacciuPumuntincu i ndeisceart an oileán. Meastar gur idirchanúint í canúint Ajaccio.

Tá canúint an tuaiscirt níos cosúla leis an Iodáilis atá á labhairt sa Tuscáin. Tá canúint an deiscirt níos cosúla leis an tSicilis nó an tSairdínis.

An Chorsaicis i gComparáid leis an bhFraincis agus an Iodáilis[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Chorsaicis An Fhraincis An Iodáilis An Ghaeilge
Benvinuta Bienvenue Benvenuto Fáilte
Mi chjamu... Je m'appelle... Mi chiamo... ...is ainm dom
Parlate Irlandese? Parlez-vous Irlandais? Parla Irlandese? An bhfuil Gaeilge agat?
Scusatemi Excusez-moi Mi scusi Gabh mo leithscéal
Bonghjornu  Bonjour Buongiorno Dia duit
Grazie Merci Grazie Go raibh maith agat

Mar theanga Rómánsach, tá go leor cosúlachtaí idir an Chorsaicis agus na teangacha Romansacha eile, go hairithe an Iodáilis. Go stairiúil, chreidtí gur canúint de chuid na hiodáilise í an Chorsaicis. Sa lá atá inniu, tá an teanga scríofa an-chosúil leis an Iodáilis ach tá an teanga labhartha beagáinín difriúil. Deirtear go bhfuil an dá theanga intuigthe ag cainteoirí a chéile.

Chomh maith, úsáidtear cúpla "litir" ar leith sa Chorsaicis: chjghj agus sg.

Polasaí an rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar leibhéal na bunscoile, múintear an teanga ar feadh trí uaire in aghaidh na seachaine, ach is ábhar roghnach í ar leibhéal na hiarbhunscoile.[1]Tá sí riachtanach áfach acu siúd a thagann go hOllscoil na Corsaice le léann a fhoghlaim. Is ceadmhach an teanga a úsáid leis na húdaráis agus leis na cúirteanna, agus í le feiceáil ar na comharthaí poiblí chomh maith.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]