Ríocht Navarre
Ríocht Navarre | |||||
---|---|---|---|---|---|
Reino de Navarra (es) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Pamplona agus Navarreria | ||||
Daonra | |||||
Reiligiún | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Ríocht Pamplona | ||||
Cruthú | c. 1162 | ||||
Díscaoileadh | 1841 | ||||
Á leanúint ag | Ríocht Navarre trasna na bPiréiní agus Ríocht Navarra (1512–1841) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Ba ríocht í Ríocht Navarre Teimpléad:Lang-eu, Laidin: Regnum Navarrae, Spáinnis: Reino de Navarra,Fraincis: Royaume de Navarre), ar a dtugtar ar dtús Ríocht Phamplona, a bhí lonnaithe ar thailte ar dhá thaobh na bPiréiní, taobh leis an Aigéan Atlantach idir an Fhrainc agus an Spáinn, mar atá siad san am i láthair
Bunaíodh Ríocht Navarre nuair a toghadh nó a dearbhaíodh an taoiseach Bascach Íñigo Arista ina Rí ar Phamplona (go traidisiúnta sa bhliain 824) agus threoraigh sé éirí amach i gcoinne na bhFranc a bhí i réim sa réigiún riaracháin. Chloigh Coróin na Caistíle an chuid ó dheas den ríocht sa bhliain 1512 (go buan sa bhliain 1521), agus comhcheanglaíodh í isteach i Ríocht na Spáinne. D’fhan an chuid ó thuaidh den ríocht neamhspleách, ach chuaigh sí leis an bhFrainc trí aontais phearsanta sa bhliain 1589, nuair a fuair an Rí Anraí III de Navarre ríchathaoir na Fraince mar Anraí IV na Fraince, agus sa bhliain 1620 bhí sé comhcheanglaíodh í isteach i Ríocht na Fraince. Ghlac monarcaí an stáit aontaithe seo leis an teideal "Rí na Fraince agus Navarre" go dtí gur briseadh an rialtas sa bhliain 1792, agus arís i rith Athchóirithe na mBúrbónach ó 1814-1815 / 1815-1830.