Castilla y León

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Chaistíl agus León)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCastilla y León
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41°45′16″N 4°46′55″W / 41.7544°N 4.7819°W / 41.7544; -4.7819
Stát ceannasachAn Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhchathairluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,383,139 (2021) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús25.29 hab./km²
Teanga oifigiúilan Spáinnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla94,223 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTorre Cerredo (en) Aistrigh (2,648 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síLeón (en) Aistrigh agus Old Castile (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1983
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht feidhmiúcháinJunta of Castile and León (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachCortes of Castile and León (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
• President of the Junta of Castile and León (en) Aistrigh Cuir in eagar ar WikidataAlfonso Fernando Fernández Mañueco (2019–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2ES-CL Cuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSES41 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinjcyl.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is comhphobal féinrialaitheach é an Chaistíl agus León (as Spáinnis: Castilla y León) atá suite i lár na Spáinne. Is í Valladolid suíochán an rialtais áitiúla go hoifigiúil cé nach príomhchathair í.

Lá dá raibh san áit atá an Chaistíl agus León anois bhí dhá ríocht ann; ríocht León agus ríocht na Caistíle (Coróin na Caistíle). Ó thaobh achair talún de, is í an Chaistíl agus León an réigiún féinrialaitheach is mó sa Spáinn agus tá sí ar cheann de na réigiúin is mó san Aontas Eorpach. Tá achar 94,223 km² aige le daonra oifigiúil de 2,558,463 (ó dhaonáireamh na bliana 2011).

Tá teorainn ag an chomhphobal le hAsturias agus Cantabria ó thuaidh, le hAragon, agus le Tír na mBascach soir ó thuaidh, La Rioja soir, an comhphobal féinrialaitheach de Maidrid agus an Chaistíl-La Mancha siar ó dheas, Extremadura ó dheas, agus an Phortaingéil agus an Ghailís siar.

Riaracháin an Réigiúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúigí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúigí an Chaistíl agus León

Tá an Chaistíl agus León roinnte idir naoi gcinn de chúigí agus tá ainm gach cúige díreach mar an gcéanna le hainm phríomhchathair an chúige sin.

Cúige Príomchathair Achar (cm2) Daonra (2011) Bardais
Ávila Ávila 8,050.15 171,647 248
Burgos Burgos 14,291.81 372,538 371
León León 15,580.83 493,312 211
Palencia Palencia 8,052.51 170,513 191
Salamanca Salamanca 12,349.95 350,018 362
Segovia Segovia 6,922.75 163,171 209
Soria Soria 10,306.42 94,610 183
Valladolid Valladolid 8,110.49 532,765 225
Zamora Zamora 10,561.26 191,613 248

Daonra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1960í bhí daonra uirbeach an Chaistíl agus León thart ar 20%; sa bhliain 1991 bhí sé ardaithe go 42% agus sa bhliain 1998 43% a thaispeánann ráta bánú na tuaithe sa réigiún.

As na 2,248 bardais tá 1,986 acu le níos lú na 1000 daoine ina gcónaí iontu; tá idir 1001 agus 5000 daoine ina gcónaí in 204 acu; tá 4 bardais le níos mó ná 100 000 daoine ina gcónaí iontu, sé sin Valladolid (306,830), Burgos (177,776), Salamanca (148,042) agus León (129,551). Seachas príomhchathracha na gcúigí tá cathracha mar Miranda de Ebro agus Aranda de Duero in Burgos, Ponferrada agus San Andrés del Rabanedo in León, Béjar in Salamanca agus Medina del Campo agus Laguna de Duero in Valladolid.

Cathracha agus Bailte de réir daonra
Uimh. Cathair Cúigex Daonra Plaza Mayor, Valladolid
Valladolid
Ardeaglais Burgos
Burgos
Salamanca
Salamanca
Ardeaglais León
León
1 Valladolid Valladolid 303,905
2 Burgos Burgos 177,100
3 Salamanca Salamanca 146,438
4 León León 127,817
5 Palencia Palencia 79,595
6 Ponferrada León 66,884
7 Zamora Zamora 63,831
8 Ávila Ávila 58,358
9 Segovia Bizkaia 40,983
10 Soria Soria 39,168


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]




Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne

An Andalúis | Aragón | Asturias | Na hOileáin Bhailéaracha | Tír na mBascach Theas | Cantabria | Castilla-La Mancha | Castilla y León | Na hOileáin Chanáracha | An Chatalóin | Extremadura | An Ghailís | La Rioja | Comhphobal Mhaidrid | Murcia | Navarra | Comhphobal Valencia

Cathracha fhéinrialaitheacha na Spáinne

Ceuta · Melilla