Salamanca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSalamanca
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°57′54″N 5°39′51″W / 40.965°N 5.6642°W / 40.965; -5.6642
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneCastilla y León
Cúigí na Spáinnecúige Salamanca Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairCathair Salamanca Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán143,954 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús3,638.88 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla39.56 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceTormes Cuir in eagar ar Wikidata
Airde798 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhJohn of Sahagún (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Salamanca Cuir in eagar ar WikidataCarlos Manuel García Carbayo (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist37001–37009 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód923 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh37274 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinsalamanca.es Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair i gcomhphobal féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Salamanca agus í mar phríomhchathair chúige Salamanca. Tá sí suite in iarthuaisceart na Spáinne lonnaithe i measc roinnt cnoic bruach na habhann Tormes. Tá seanlár na cathrach mar shuíomh Oidhreachta Domhanda UNESCO ón mbliain 1988. Leis an mórcheantar uirbeach san áireamh tá níos mó ná 220,000 ina gcónaí ann mar sin is í an dara chathair is mó sa Chaistíl agus León, i ndiaidh Valladolid (414,000), agus níos mó ná León (187,000) agus Burgos (176,000). Tá sé ar cheann de na cathracha ollscoile is tábhachtach sa tír, 16% de múinteoirí na Spáinnise ag teacht ón áit agus neart mic léinn idirnáisiúnta. Tá sé lonnaithe thart ar 200 ciliméadar siar ón bpríomhchathair Maidrid agus 80 cm soir ón teorainn Phortaingéalach. Bunaíodh Ollscoil Salamanca sa bhliain 1218, an ollscoil is sine sa Spáinn agus and ceathrú ollscoil is sine ar domhain. Rinne Hernán Cortés staidéar ar an ollscoil seo. Le 30,000 mic léinn, tá an ollscoil chomh maith turasóireacht príomh foinse ioncaim do gheilleagar Salamanca. Tá sí suite ar Tóchar de la Plata de Camino de Santiago. Tá nasc láidir ag an gcathair le stair na hÉireann de bharr Coláiste Éireannach Salamanca a bhunaíodh ann sa bhliain 1592 do mhic léinn ó Éire a bhí ag teitheadh géarleanúint na Sasnaigh. Thug an Rí agus clann na nIarlaí (mar shampla Ó Súilleabháin Béarra) tacaíocht agus airgead don choláiste. Bhí Luke Wadding mar dhiagaire agus uachtarán ar an gcoláiste ón mbliain 1617.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thóg na Ceiltigh an chathair roimh theacht na Rómhánaigh mar dún lena dúiche a chosaint in aice na habhann Duero. Chuir Hannibal an chathair faoi léigear sa bhliain 220 RC agus d'éirigh leis é a ghabháil.[1] I ndiaidh turnaimh na gCartagach agus leathnú Impireacht na Róimhe, bhí Salamanca mar mol tábhachtach trádála sa Spáinn Rómhánach de bharr an suíomh buntáisteach ar an Vía de la Plata, sé sin bóthar a cheangal Mérida ódheas go Astorga) ó thuaidh. Tá an droichead rómhánach ón aois seo sa 1ú haois mar chuid den bhóthair seo.

I ndiaidh Turnaimh na Rómhánaigh bhí sé mar chuid de dúiche na Viseagotaigh ach sa bhliain 712 ghéill siad do na Múraigh agus ar feadh na mblianta bhí an réigiúin seo idir na haibhneacha Duero agus Tormes mar phríomh láthair chatha idir na Ríochta Críostaithe agus Al-Andalus. Tháinig meath mar sin ar daonra Salamanca agus ní raibh sé chomh thábhachtah a thuile go dtí athghabháil an réigiúin sa bhliain 1085. Sa bhliain 1218 bhronn Alfonso IX León cairt ríoga ar Ollscoil Salamanca, agus d'éirigh leis an ollscoil bheith mar lár-ionaid foghlamtha tábhachtach san Eoraip.

I rith an 16ú haois, tháinig rath ar an gcathair (thart ar 6,500 mic léinn agus daonra 24,000). Sa tréimhse seo bhí na daoine is cliste ag an am ag freastail ar an ollscoil. D'fhás coincheapanna tábhachtach i leith dlí agus moráltacht san ollscoil seo mar shampla coincheapanna i leith cearta daonna.

I rith Cogadh Saoirse na Spáinne bhí cath tábhachtach ag Salamanca; Bhí lámh in uachtar ag arm Sasanach Anglo-Photaingéileach ar Arm na Fraince 22 Iúil, 1812. Scroisseadh iarthar Salamanca le tine gunna-mhóir. I ndiaidh roinnt huaire a chloig bhí na míte fir básaithe.

Learscáil na Cathrach sa bhliain 1858

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]