Granada

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilGranada
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 37°10′41″N 3°36′03″W / 37.1781°N 3.6008°W / 37.1781; -3.6008
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneAn Andalúis
Cúigí na SpáinneGranada Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Granada (1833–) Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairCathair Granada Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán230,595 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús2,619.8 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deGranada notarial district (en) Aistrigh
Vega de Granada (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla88.02 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceDarro Cuir in eagar ar Wikidata
Airde738 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhCaecilius of Elvira (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Granada Cuir in eagar ar WikidataMarifrán Carazo (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist18001–18015, 18182 agus 18190 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
INE municipality code (en) Aistrigh18087 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingranada.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is í cathair Granada na Spáinne príomhchathair an réigiúin Granada agus í súite i gcomhphobal féinrialaitheach na hAndalúise. Tá sí suite faoi shléibhte Sierra Nevada ag cumar an dá abhainn, Darro agus Genil. Suíonn sí 738 méadar os cionn leibhéal na mara ach uair a chloig tiomáint ón Meánmhuir, an Cósta Tropical. De réir daonáirimh sa bhliain 2005 bhí 236,982 duine sa chathair, agus beagnach leathmhilliún sa cheantar uirbeach.

Is ann atá an Alhambra, daingean agus caisleán de chuid na Múrach, ceann de na hiarsmaí stairiúla is tábhachtaí agus is clúití sa Spáinn a thugann léargas ar chultúr Moslamach, Giúdach agus Críostaí na cathrach. Tugtar Albaicin ar cheantar traidisiúnta Arabach na cathrach agus tá siopai agus gnólachtaí Múracha ann i gcónaí.

Tagann go leor turasóirí go Granada de bharr na foirgnimh suimiúla Múrach, stáisiúin scíál Nevada (áit ar eagraíodh Comórtas Domhnda Scíáil Alpach FIS sa bhliain 1996) agus an cósta atá an-chongarach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí lonnaíocht Ibeirea-Cheilteach ann fadó agus tháinig lonnaitheoirí eile ar a seal ón Chartaig, ón Ghréig agus ón Róimh. Thug na Rómhánaigh Illiberis ar an gcathair agus bhí a mboinn airgid féin aici faoina réimeas. Nuair a thit impireacht na Róimhe rinne na Viseagotaigh ionradh ar leithinis na hIbéire agus ionad tábhachtach riaracháin agus míleata acu sa chathair.

Chuir pobal Giúdach fúthu i bhfobhaile de chuid na cathrach ar ar tugadh 'Gárnata' agus chabhraigh siad le Tariq ibn-Ziyad an chathair a ghabháil do na Múraigh i 711. Thug na Múraigh Ilbira ar an gcathair agus thug na Críostaithe Elvira uirthi. Rinneadh príomhchathair aisti ar Chailifeacht Cordóba. Bhí an-chuid achrainn sa Chailifeacht ar feadh na mblianta agus scroiseadh an chathair i 1010. Nuair a atógadh í, bhí Garnáta ina dlúthchuid den chathair nua agus is as sin a tháinig ainm nua na cathrach. Faoi rítheaghlach Zirid, rinneadh éimireacht neamhspleách de Granada agus d'fhás sí amach thar an Darro go dtí an áit ina bhfuil an Alhambra anois.

Ríocht Granada[cuir in eagar | athraigh foinse]

Armas

I 1228 d'imigh an prionsa Almohad, Idris chun na hAfraice agus bhunaigh Ibn al-Ahmar an rítheaghlach Moslamach b'fhadmharthanaí ar leithinis na hIbéire - na Nasrid. Bhí feachtas láidir ar bun ag ríthe agus uaisle Críostaí chun an Spáinn a athghabháil ó na Múraigh agus tar éis dóibh Córdóba a ghabháil i 1236, chuaigh na Nasrid i gcomhghuaillíocht leis an Rí Ferdinand as Castile. Tugadh Ríocht Granada ar an stát i 1238. Foríthe do ríocht Castile a bhí sa taifa ansin ar feadh 250 bliain. Chabhraigh siad leis na ríthe Críostaí trádáil a dhéanamh leis an Maghreb san Afraic ach de réir a chéile cúngaíodh an ríocht agus faoi 1492 ní raibh inti ach limistéir bheag ar chósta na Meánmhara. Arabais an teanga oifigiúil agus an mháthairtheanga a bhí inti.

Chuir fionnachtana tíreolaíocha na Portaingéile isteach ar an trádáil leis an Afraic agus chuaigh ríocht Granada i léig. Le haontú Ríochta Castile agus Aragon i 1479 chaith na ceannairí Críostaí súile santacha ar an méid a bhí fágtha de shealús na Múrach sa Spáinn. Cuireadh léigear ar Granada agus ghéill an rí deireanach Moslamach, Muhammad XII, nó Boabdil mar a thug na Spáinnigh air, do na 'Ríthe Caitliceacha' ar an 2 Eanáir 1492.

Tugadh cead do na Moslamaigh a gcreideamh a chleachtadh ach faoi 1499 tosaíodh ar ghéarleanúint agus de réir a chéile cuireadh iachall orthu iompú ina gCaitlicigh nó imeacht leo chun na hAfraice. Ina ainneoin sin tá carachtar láidir Múrach ag an chathair i gcónaí agus tugann na sluaite cuairt uirthi dá bharr sin.

Tá an-cháil ar Ollscoil Ghranada agus caitheann na mílte mac léinn as gach cearn den Eoraip seal inti.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]