Soria

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilSoria
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 41°46′N 2°28′W / 41.77°N 2.47°W / 41.77; -2.47
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneCastilla y León
Cúigí na Spáinnecúige Soria Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairCathair Soria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán40,096 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús147.52 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla271.8 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceGolmayo River (en) Aistrigh agus Douro Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,063 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeToranzo (en) Aistrigh (1,620.262 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Soria Cuir in eagar ar WikidataCarlos Martínez Mínguez Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist42001–42005 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód975 Cuir in eagar ar Wikidata
INE municipality code (en) Aistrigh42173 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cathair i gcomhphobal féinrialaithe na Caistíle agus León sa Spáinn í Soria agus í mar phríomhchathair chúige Soria. Tá sí súite i lár-oirthuaisceart na tíre, ach ní i bhfad ó Mhaidrid agus in oirthear an réigiúin. Bhí thart ar 38,800 daoine ina gcónaí ann sa bhliain 2017. Tá sí suite taobh na habhann Duero. Agus í 1,063 méadar thuas ó leibhéal na mara, tá Soria ar an dara príomhchathair chúigeach is airde sa Spáinn. Tá achar 271.77km² aici, é seo ag tabhairt di dlús daonra de 144.13 duine do gach ciliméadar cearnóige agus tá 40% de dhaonra iomláin Chúige Soria ina gcónaí sa chathair. Tá sí ar an bpríomhchathair chúige is lú i gCaistíl agus León agus an dara chathair is lú ina dhiaidh Teruel. Tá gnó agraibhia go háirithe tábhachtach sa réigiún agus tá méadú ar na turasóirí atá ag teacht.

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá conspóid ann faoi fhréamhacha an ainm Soria. Tá cuid daoine den tuairim gurb ó ainm na habhann Duero, an abhainn a shruthaíonn tríd an gcathair – Durius sa Laidin – a tháinig sé. Ina ainneoin sin, tá cuid eile a mheasann nach bhfuil an t-ainm níos ársa ná an Mheánaois, agus gur féidir gurb é so + ura ('túr faire' agus 'abhainn' as Gaeilge) as Baiscis is fréamh an ainm. Tá teoiric eile ann a mholann go raibh baile ann ó chionn fhada ar a dtugadh Oria – ón ainm Dorios sa Ghréigis – a thug a ainm don cheantar, cé nach bhfuil ach an-bheag de dhaoine a ghlacann leis an teoiric sin an lá inniu.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thánadar ar roinnt iarsmaí ó am na hIarannaoise agus na Ceiltigh Spáinneacha ach tosaíonn stair na cathrach go fíorannach isir 1109 agus 1114, sé sin Rí na hAragóine Alfonso I Cathaí. Glacadh Soria mar chuid de Chaistíl sa bhliain 1134, i rith réim Alfonso VII. Tháinig meath ar rath na cathrach agus i rith Cogadh Saoirse na Spáinne rinneadh go leor damáiste dó. Mar sin féin tá na ballaí meánaoise fós ann agus páláis na hAthbheochana chomh maith le eaglais Rómhánúil agus iarsmallann Numantine (a thaispeánann iarsmaí na cathrach ceilteach Numantia).