Vitoria-Gasteiz

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilVitoria-Gasteiz
Gasteiz (eu) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 42°50′48″N 2°40′23″W / 42.8467°N 2.6731°W / 42.8467; -2.6731
Stát ceannasachan Spáinn
Comhphobal féinrialaitheach na SpáinneTír na mBascach Theas
Cúigí na SpáinneÁlava (en) Aistrigh
Comarca of Álava (en) AistrighCuadrilla de Vitoria (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de

PríomhchathairGasteiz / Vitoria Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán255,886 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús924.41 hab./km²
Tíreolaíocht
Achar dromchla276.81 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceZadorra Cuir in eagar ar Wikidata
Airde525 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Sancho VI of Navarre (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1181
Eachtra thábhachtach
ÉarlamhOur Lady of the Snows (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraíocht pholaitiúil
• Méara Vitoria-Gasteiz Cuir in eagar ar WikidataMaider Etxebarria (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist01001–01015 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
INE municipality code (en) Aistrigh01059 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvitoria-gasteiz.org Cuir in eagar ar Wikidata

Is príomhchathair comhphobal féinrialaitheach Tír na mBascach í Vitoria-Gasteiz. Tá 235,661 ina gcónaí ann agus í mar phríomhchathathair an chúige Araba i dtuaisceart na Spáinne. Is í Gasteiz an t-ainm Bascais, agus Vitoria as Spáinnis. Tá an bardas ar an mbardas is mó i dtír na mBascach le achar 276.81 cm agus daonra 242,082.

Cuirtear an chathair seo go minic i liosta de 5 chathair is fearr sa Spáinn le bheith ina chónaí ann. Tá an sean-bhaile caomhnaithe go maith le sráideanna meánaoiseacha agus cearnóga deasa. Tá dhá ardeaglais aici agus bíonn go leor féile ann.

Tiomnaigh Beethoven a Opus 91, "Cath Vitoria" nó "Bua Wellington" don chath cáiliúil óna cogaidh Napoléon. I rith cath Vitoria, bhris airm Spáinneach, Portaingéalach agus Sasanach agus an Ginearál Marquess Wellington na Francaigh. Uair na cinniúna ab ea é an cath i gCogadh Saoirse na Spáinne.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 581 bhunaigh rí Viseagotach Liuvigild cathair Victoriacum. Sa bhliain 1813, le linn Chogadh na Leithinse, bhí bua ag Diúc Wellington i gcoinne na bhFrancach i gCath Victoria. Tá séadchomhartha lonnaithe i bpríomhchearnóg na cathrach, Monumento a la Independencia, mar chomóradh ar an gcath.

Ar 20 Bealtaine, 1980, thiontaigh Parlaimint na mBascach ar Vitoria mar phríomhchathair réigiún féinrialaitheach Thír na mBascach.

Eacnamaíocht agus déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá eacnamaíocht ilghnéitheach i Vitoria-Gasteiz, agus tá go leor comhlachtaí déantúsaíochta le oibríochtaí ann, ina measc Mercedes-Benz, Michelin, Gamesa agus Heraclio Fournier, an ceann deireanach lena cheanncheathrú sa chathair. Sa bhliain 2009 rangaíodh an chathair sa dara háit ó thaobh chaighdeán maireachtála de i measc chathracha na Spáinne, agus sa chéad áit maidir le ceantair glasa agus áiteanna cultúracha in aghaidh an duine.

Tá seirbhís aerfoirt lonnaithe gar don chathair in Aerfort Vitoria. Faoi láthair níl ach aon aerlíne amháin ann le seirbhísí rialta, Iberia, á riaradh ag Air Nostrum le eitiltí go Maidrid agus Barcelona.

Cuireadh deireadh le seirbhís Ryanair go Stansted, Londain agus Baile Átha Cliath i nDeireadh Fómhair 2007.

Tá seirbhísí ag an aerlíne feidhmiúcháin NordJet ó Vitoria-Gasteiz.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]