An Bhascais
| Euskara | |
|---|---|
| Cineál | teanga bheo agus teanga nádúrtha |
| Úsáid | |
| Cainteoirí dúchais | 750,000 (2016) |
| Dúchasach do | An Bhioscáin, Navarra, Gipuzkoa, Araba, Tír na mBascach agus Tír na mBascach Thuaidh |
| Stáit | an Spáinn agus an Fhrainc |
![]() | |
| Comhordanáidí | 42° 52′ 59″ N, 1° 56′ 08″ O / 42.8831°N,1.9356°W |
| Aicmiú teangeolaíoch | |
| teanga Southern European language (en) | |
| Tréithe | |
| Córas scríbhneoireachta | aibítir na Bascaise agus aibítir Laidineach |
| Institiúid caighdeánaithe | Euskaltzaindia |
| Leibhéal leochaileachta | 2 leochaileach |
| Stair | history of the Basque language (en) |
| Cóid | |
| ISO 639-1 | eu |
| ISO 639-2 | eus |
| ISO 639-3 | eus |
| Glottolog | basq1248 |
| Linguasphere | 40-AAA-a |
| Ethnologue | eus |
| ASCL | 2901 |
| UNESCO | 415 |
| IETF | eu |
Teanga aonraithe—is é sin, teanga nach bhfuil aon cheann eile gaolmhar léi—is ea an Bhascais, agus í á labhairt i dTír na mBascach (Bascais: Euskal Herria nó Euskadi) in oirthuaisceart na Spáinne agus in iardheisceart na Fraince. Ní teanga Ind-Eorpach í ar aon nós, agus ní féidir teacht ar theangacha eile a bheadh gaolmhar léi ach an oiread. Go dtí le déanaí, ní raibh caighdeán ceart ann, agus bhí na scríbhneoirí i dtuilleamaí canúintí scríofa leis an teanga a shaothrú ar aon nós, ach sna 1970idí, shocraigh Acadamh na Bascaise, nó Euskaltzaindia, caighdeán scríofa ar tugadh Euskara Batua, nó an Bhascais Aontaithe, air.
Tá stádas oifigiúil ag an mBascais sa Spáinn. Ní féidir leis na Bascaigh Fhrancacha úsáid oifigiúil a bhaint as a dteanga dhúchais, ach, íorónta go leor, tugann an stát Francach aitheantas áirithe do theanga na mBascach ón Spáinn, toisc gur teanga oifigiúil í sa tír sin, agus conradh idirnáisiúnta sínithe ag na Francaigh is na Spáinnigh faoi chomhaitheantas na dteangacha oifigiúla.
Tá ocht bpríomhchanúint ag an mBascais, mar atá, canúint na Bioscáine, canúint Gipuzkoa, canúint Ard-Nafarroa Thuaidh, canúint Ard-Nafarroa Theas, canúint Lapurdi, canúint Íseal-Nafarroa Thiar, canúint Íseal-Nafarroa Thoir, agus canúint Zuberoa. Tá an caighdeán, an t-euskara batua, bunaithe ar chanúint Gipuzkoa thar aon cheann eile. Cé gurb í an Bhascais chaighdeánaithe seo is mó a chloistear ar an raidió agus a léitear ar na hirisí, maireann na leaganacha caighdeánaithe de na canúintí beo inniu féin, go háirithe caighdeán Lapurdi, a úsáidtear go forleathan i gcúige Zuberoa (Soule) sa Fhrainc.
Cé nach bhfuil gaol ná lúb ghaoil ag an mBascais le haon teanga eile, tá sí breac le hiasachtaí ón Laidin, ar nós bake "síocháin" (ó pax, pacem na Laidine) nó denbora "am, aimsir" (ó tempus, tempora na Laidine). Is follasach go bhfuair sí a lán focal ón Spáinnis agus ón bhFraincis, leis.
Maidir le litriú agus fuaimniú na Bascaise, is iad na litreacha is suntasaí ná x, a fhuaimnítear mar [ʃ] ("sh" an Bhéarla, is é sin, siosach iar-ailbheolach), tx, a fhuaimnítear cosúil le "ch" an Bhéarla, agus an j, a fhuaimnítear go héagsúil sna canúintí éagsúla—mar [j] (y an Bhéarla), mar [x] (ch leathan na Gaeilge, nó j na Spáinnise) nó mar [ʒ] (j na Fraincise), mar shampla. Tá sé tábhachtach cuimhne a choinneáil ar an difríocht idir z agus s na Bascaise, nó ní hionann é agus difríocht an dá litir seo sa Bhéarla. Sa Bhascais, is ionann an litir "s" agus siosach rinnailbheolach, is é sin, ní úsáidtear ach rinn na teanga (an pointe is airde d'uachtar a teanga) san fhuaimniú. An litir "z", arís, seasann sé don tsiosach lannailbheolach, nó baintear úsáid as "lann" go léir na teanga san fhuaimniú.
Scéal eile fós go gcaolaítear na consain sa Bhascais le mánlacht nó beagmhéid a chur in iúl. Mar shampla, is madra beag é txakur, ach is madra mór suaithní é zakur, agus is braoinín beag bídeach é ttantta (seasann an t dúbailte don t chaol), ach is braon réasúnta mór uisce é tanta.

Tá gramadach na Bascaise casta go maith, agus is minic a deirtear go bhfuil sí ar cheann de na teangacha is deacra sa domhan. Is dócha gur áibhéil é seo, áfach. Tá an Bhascais saibhir sna tuisil, agus thar aon rud eile, tá tuiseal oibríoch ann —tuiseal a úsáidtear le hainmní an bhriathair aistrigh a chur in iúl, agus an tuiseal ainmneach teoranta d'ainmní an bhriathair neamhaistrigh agus do chuspóir an bhriathair aistrigh. Dá mbeadh an córas céanna in úsáid sa Ghaeilge, déarfá "ritheann sé" i gcónaí, ach in áit "buaileann sí é", chaithfeá rud éigin a rá cosúil le "buaileann sí-ERG sé"—seasann "sí-ERG" don fhoirm speisialta den fhorainm "sí" a chaithfeá a chur anseo (ERG = ergative, nó tuiseal oibríoch).
Litríocht na Bascaise
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba nós le smaointeoirí agus scríbhneoirí móra Bascacha a gcuid scríbhinní a chur ar pár as Spáinnis nó as Fraincis go dtí le déanaí, agus mar sin, ní féidir a rá go mbeadh litríocht na mBascach ina dteanga dhúchais féin róshaibhir ná ársa. Tá cúpla laoi laochais againn ón séú haois déag a thugann cur síos ar imeachtaí sa Mheánaois.
Ba é an chéad bhunsaothar scríofa as Bascais ná litir a scríobh an tEaspag Juan de Zumárraga ó Mheicsiceo sa bhliain 1537. Ba eisean an chéad Easpag i Meicsiceo riamh, nó ní raibh impireacht choilíneach na Spáinne san Oileán Úr ach ag teacht ar an bhfód faoin am seo.
Saothair thábhachtacha eile ón 16ú haois is ea an bailiúchán dánta a d'fhoilsigh an file Bernard Etxepare sa bhliain 1545—an chéad leabhar a tháinig i gcló sa teanga riamh—an chéad dráma sa teanga le Joan Perez de Lazarraga a cuireadh ar an stáitse an chéad uair sna 1560idí, agus, ar ndóigh, an chéad aistriúchán ar an Tiomna Nua. Ba é Joanes Leizarraga a bhreac síos é, agus is í Bascais Lapurdi an chanúint a bhí aige. Dá réir sin, ba í an chanúint seo an ceann ba thábhachtaí i gcúrsaí scríbhneoireachta agus litríochta sa teanga i bhfad ina dhiaidh sin.
Sa seachtú haois déag a scríobh Pedro Agerre—nó Pedro Axular, mar is fearr a aithnítear é—bailiúchán seanmóirí faoi thionchar smaointí an Fhrithreifirméisin. Foilsíodh an bailiúchán sa bhliain 1643, agus is í Bascais Lapurdi a chleacht a scríbhneoir, cé nach raibh an chanúint seo ó dhúchas aige. Scríobhadh a lán téacsaí reiligiúnda eile sa teanga sa seachtú haois déag, ach thairis sin, chum an file Arnaud de Oihénart dánta Bascaise, agus foilsíodh lámhleabhair sa teanga do mhairnéalaigh agus d'fheirmeoirí.
Inniu, is é Bernardo Atxaga (fíorainm: Joseba Irazu Garmendia) an scríbhneoir is clúití sa teanga.
Gramadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is teanga eirgíoch-absalóideach í an Bhascais. Bíonn ainmní briathair neamhaistrigh sa chás absalóideach (atá gan mharcáil de ghnáth), agus úsáidtear an cás absalóideach le cuspóir díreach an bhriathair aistrigh. Marcáiltear ainmní an bhriathair aistrigh ar dhóigh dhifriúil, leis an gcás eirgíoch (léirítear sé seo leis an iarmhír -k). Dúisíonn sé seo an príomhchomhtheacht agus an comhtheacht cunta leis.
Briathra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Réitíonn an briathar cúnta ar uimhir agus ar phearsa leis an ainmní, leis an gcuspóir díreach agus leis an gcuspóir indíreach. I measc teangacha na hEorpa, aimsítear go sonrach an comhtheacht ilphearsanta sa Bhascais, cúpla teanga Cugasach (teangacha an tSeoirsia go mór mór), teangacha Moirdvíneach, an Ungáiris, agus an Mháltach. Is é comhtheacht annamh an comhtheacht eirgíoch-absalóideach freisin i measc teangacha na hEorpa — ach níl sé annamh ar fud na cruinne.
Ní réimnítear an formhór mór de bhriathra na Bascaise. I measc na seasca briathar a réimníodh tráth, níl ach roinnt díobh fágtha. Mar gheall air sin, cuirtear an chuid is mó briathra in iúl mar chomhcheangal de rangabháil agus de bhriathar cúnta. Cuireann an rangabháil eolas faoin ngné in iúl, agus cuireann an briathar cúnta eolas faoin bpearsan, faoin modh agus faoin aimsir in iúl. [1] Rangaítear réimniú na mbriathra ag brath ar mhéad na n-argóintí atá leis. Úsáidtear an focal "nor" (cé) lena leaganacha díochlaonta chun cur síos a dhéanamh orthu.[2] Is iad:
- Nor - Briathar nach nglacann ach argóint neamhaistreach amháin.
- Nor-Nork - Briathar a ghlacann argóint absalóideach (an cuspóir, nor) agus argóint eirgíoch (an t-ainmní, nork)
- Nor-Nori - Briathar a ghlacann argóint absalóideach agus argóint indíreach (nori)
- Nor-Nori-Nork - Briathar a ghlacann argóintí absalóideacha, neamhdhíreacha, agus eirgíocha.
Is í "izan" phríomhchopail na Bascaise. Nuair a úsáidtear í go haistreach (nuair atá sí ina briathar cúnta d'abairt aistreach, nó chun seilbh a léiriú), déantar anailís uirthi mar an fréamh "ukan".[3]
Táthmhíreanna an Bhriathair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ord na dTáthmhíreanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é sin ord bunúsach táthmhíreanna an bhriathair sa Bhascais [4]:
| Absalóideach | Fréamh (leis an aimsir agus le huimhir an absalóidigh) | Tabhartach | Eirgíoch |
Táthmhíreanna Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é seo a leanas tábla táthmhíreanna pearsanta an bhriathair. Tá idirdhealú idir tháthmhíreanna atá i lár an fhocail agus na cinn atá ar a chríoch: [5]
| Pearsa | Absalóideach | Eirgíoch (Críoch) | Tabharthach (Críoch) | Eirgíoch (Lár) | Tabhartach (Lár) |
|---|---|---|---|---|---|
| Uatha | |||||
| 1ú | n- | -t | -da- | ||
| 2ú Fir. | h- | -k | -a- | ||
| 2ú Bain. | h- | -n | -na- | ||
| 3ú | (Féach thíos) | - | -o | - | -o- |
| Iolra | |||||
| 1ú | g- | -gu(-) | |||
| 2ú (Uat. Foirmiúil) | z- | -zu(-) | |||
| 2ú (Iol.) | z- | -zu(-) | |||
| 3ú | (Féach thíos) | - | -e | - | -e- |
Nuair atá an t-absalóideach iolra, cuirtear mír iolra ann atá ag brath ar an mbriathar. Chomh maith leis an mír seo, sa 2ú pearsa iolra, cuirtear mír iolra breise chun é a idirdhealú ón leagan uatha foirmiúil.[5]
An Argóint Tríú Pearsan
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cé go bhféadtar anailís a dhéanamh ar na réimíreanna ar nós "d-" mar absalóidigh tríú pearsan, molann scoláirí ar nós Karlos Arregi agus Andrew Nevins go mbeadh sé níos fearr a breathnú orthu mar réimír chúnta. Áitíonn siad nach bhféadann fréamh an bhriathair a bheith sa chéad áit sa bhriathar, agus cuirtear réimír ann chun é seo a sheachaint. [6]
Is iad seo a leanas na réimíreanna sin: [7]
| Aimsir Láithreach | d- |
|---|---|
| Aimsir Chaite | z- |
| Modh Neamhrealaíoch | l- |
| Modh Ordaitheach | b- |
Nuair atá absalóideach tríú pearsan agus eirgíoch leis an mbriathar, agus é san aimsir chaite, imíonn an "z-" agus cuirtear an eirgíoch ina áit. Úsáidtear an leagan absalóideach don eirgíoch sa chás seo. Ina theannta sin, cuirtear "-n" ag deireadh an bhriathair mar mharcóir aimsire caite. [7] Mar shampla, is é seo "ukan" san aimsir chaite le eirgíoch 1ú pearsan agus absalóideach 3ú pearsan: [8]
| *z-u-da-n |
| *∅-u-da-n |
| n-u-en |
An tAlocúideach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alocúideach[Nóta 1] agus an t-eirgíoch don dara pearsa neamhfhoirmiúil mar an gcéanna, ach úsáidtear é gach uile uair a bhfuil an neamhfhoirmiúil á úsáid, fiú mura bhfuil an duine neamhfhoirmiúil ina argóint san abairt. Cuirtear é ar an deas nó ar an gclé den mhír eirgíoch sa bhriathar. [9]
Notaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I mBéarla, "allocutive"
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ José Ignacio Hualde, Jon Ortiz de Urbina, José Ignacio Hualde (2011). "A Grammar of Basque" (26). Berlin: De Gruyter.
- ↑ Gómez, R., & Sainz, K. (1995). On the origin of the finite forms of the Basque verb. AMSTERDAM STUDIES IN THE THEORY AND HISTORY OF LINGUISTIC SCIENCE SERIES 4, 235-274.
- ↑ Martin Best Harris, Paolo Ramat (1987). "Historical development of auxiliaries" (35). Berlin: Mouton de Gruyter.
- ↑ Arregi, K., & Nevins, A. (2008). Agreement and clitic restrictions in Basque. Agreement restrictions, 49-86.
- 1 2 Albizu, P. (2002). Basque verbal morphology: Redefining cases. Anuario del Seminario de Filología Vasca" Julio de Urquijo", 1-19.
- ↑ Arregi, K., & Nevins, A. (2008). Agreement and clitic restrictions in Basque. Agreement restrictions, 49-86.
- 1 2 Gómez, R., & Sainz, K. (1995). On the origin of the finite forms of the Basque verb. AMSTERDAM STUDIES IN THE THEORY AND HISTORY OF LINGUISTIC SCIENCE SERIES 4, 235-274.
- ↑ "Euskal Aditz Batua" (1979) (Euskaltzaindia).
- ↑ Haddican, B. (2018). The syntax of Basque allocutive clitics. Glossa: a journal of general linguistics, 3(1).
| Is síol faoi Thír na mBascach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
