Ryanair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ryanair
Saghas comhlachta Comhlacht poiblí (ISEQ: RYA, LSE: RYA)
Bunaithe 1985
Suíomh Aerfort Bhaile Átha Cliath
Tír (Tíortha) {{{tír}}}
Daoine lárnacha Michael O'Leary (Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin)
Michael Cawley (Príomh-Oifigeach Oibriúcháin)
Méid fostaithe 8,388 (2012)[1]
Tionscail Aerlíne
Láithreán gréasáin Ryanair.com
Ceanncheathrú na haerlíne i Aerfort Bhaile Átha Cliath
Boeing 737-800 de chuid Ryanair

Is aerlíne ísealchostais Éireannach í an Ryanair, agus í ar an aerlíne is mó den chineál sin san Eoraip. Tá dhá chéad go leith d'eitleáin den déanamh Boeing 737-800 á n-oibriú ag an gcomhlacht, agus iad ag freastal ar bhreis is 1,100 aerchúrsa timpeall na hEorpa agus Mharacó ó cheithre aerfort is dhá scór. Is í an Ryanair an aerlíne is mó a iompraíonn paisinéirí san Eoraip agus ar domhan, ach ní hí an ceann is mó a shaothraíonn brabús. Tháinig borradh suntasach ar an Ryanair ó cuireadh ar bun í, nó bhí liobrálú na heitlíochta san Eoraip ón mbliain 1997 i leith ag faobhrú don chomhlacht. Is é Aerfort Stansted i Londain príomh-bhunáit an Ryanair, ach tá ceanncheathrú an chomhlachta lonnaithe in Aerfort Bhaile Átha Cliath in Éirinn.

Stair[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba iad Christopher Ryan, Tony Ryan (óna bhfuair an comhlacht an t-ainm) agus Liam Lonergan a bhunaigh an Ryanair thiar sa bhliain 1985. Bhí Lonergan ag dul le gnó na turasóireachta, nó ba eisean úinéir an bhiúró taistil úd Club Travel. Maidir le Tony Ryan, feidhmeannach de chuid an Aer Lingus a bhí ann agus é páirteach i mbunú an chomhlachta úd Guinness Peat Aviation. Ar dtús, ní raibh ach aon eitleán amháin ag an Ryanair, ceann Brasaíleach den déanamh Embraer Bandeirante. Bhí sí ag eitilt idir Aerfort Gatwick i Londain agus Aerfort Phort Láirge in Éirinn, agus an comhlacht ag iarraidh dé-oplacht (monaplacht dhéroinnte) an Aer Lingus agus na mBritish Airways a bhriseadh sa trácht eitilte idir an Ríocht Aontaithe agus Poblacht na hÉireann.

Sa bhliain 1986, thosaigh an Ryanair ag freastal ar aerchúrsa eile idir an dá stát seo, mar atá, an cúrsa idir Aerfort Idirnáisiúnta Luton agus Aerfort Bhaile Átha Cliath. Faoin am seo, bhí an eitlíocht leathliobrálaithe ag an Aontas Eorpach: go bunúsach, bhí cead agat freastal ar aerchúrsa idir dhá bhallstát má fuair comhlacht faomhadh aon cheann acu. San am seo, ní raibh údaráis na hÉireann sásta cead a thabhairt don Ryanair, ó bhí siad ag iarraidh an tAer Lingus a chosaint ar iomaíocht, ach ón taobh eile de bhí rialtas Margaret Thatcher i gceannas ar an Ríocht Aontaithe, agus saoirse an mhargaidh á chur chun cinn acu ar chúiseanna idé-eolaíochta. Mar sin, cheadaigh an Ríocht Aontaithe don Ryanair cúrsaí nua a eitilt. Nuair a bhí dhá aerchúrsa agus dhá eitleán ann, bhí an comhlacht in ann ochtó is dhá mhíle paisinéir a iompar i rith aon bhliain amháin. Mar sin féin, ní raibh an aerlíne in ann brabús a shaothrú, agus is é an chuma a tháinig ar an scéal sa bhliain 1991 ná go raibh athstruchtúrú ag teastáil.

Ba é Michael O'Leary a cuireadh i mbun na hoibre sin. Is é an cinneadh a ghlac seisean ná go gcaithfí coincheap na haerlíne ísealchostais a chur i bhfeidhm ar an Ryanair. "An drae giúirléidí" - no frills - an mana a bhí aige. Ní bheadh cuid den eitleán curtha in áirithe don lucht gnó, ná béile saor in aisce ar fáil do na paisinéirí. Thairis sin, ní bheadh ach eitleáin d'aon déanamh amháin á n-úsáid ag an aerlíne.

Thug O'Leary cuairt ar na Southwest Airlines sna Stáit Aontaithe, is é sin, an aerlíne ísealchostais is mó sa tír sin, agus é meáite ar an gcoincheap céanna a chur i bhfeidhm ar an Ryanair. San am sin, ba iad na haerlínte náisiúnta a bhí chun tosaigh i ngnó an aerthaistil san Eoraip, agus iad ag fáil fóirdheontais ó na stáit. Bhí an Ryanair ag cloí leis an gcoincheap ísealchostais agus ag baint úsáide as aerfoirt bheaga réigiúnacha, ó bhí na taillí tuirlingthe agus imeachta ní b'ísle ansin ná sna haerfoirt mhóra.

Sa bhliain 1992, cheadaigh dírialú na heitlíochta san AE do na haerlínte a bhí lonnaithe in aon tír Eorpach amháin freastal ar aerchúrsaí idir aerchúrsaí eile go tráthrialta. Ba é sin an t-áiméar mór don Ryanair. Ar dtús d'eisigh an comhlacht scaireanna i stocmhalartáin Bhaile Átha Cliath agus NASDAQ, agus nuair a d'éirigh leis an iarracht seo maoiniú breise a bhaint amach don chomhlacht, bhunaigh an aerlíne seirbhísí nua le freastal ar na haerfoirt i Stócólm, i Sandefjord (breis is céad ciliméadar ó Oslo), i mBeauvais (in aice le Páras) agus i Charleroi (le freastal ar an mBruiséil). Sa bhliain 1998, d'ordaigh an aerlíne cúig cinn is dhá scór d'eitleáin mhóra den déanamh Boeing 737-800. Bhí dhá mhórmhilliún dollar ar na heitleáin seo, ach ó bhí caipiteal nua faighte ag an gcomhlacht, b'acmhainn dó a leithéid a cheannach.

2000[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 2000, chuir an chomhlacht an chéad leathanach idirlín ar fáil. Ar dtús, is é an port a bhí ag an Ryanair nach raibh sna háirithintí idirlín ach cuid bheag gan tábhacht den ríomhoideasra a bhí ag stiúradh an leathanaigh. Tháinig chun solais, áfach, go raibh córas na n-áirithintí ar líne ag cur go maith leis an gcoincheap ísealchostais, nó nuair a bhí na paisinéirí ag ceannach a gcuid ticéad tríd an gcóras idirlín, ní raibh gá le gníomhaireachtaí taistil a ghearrfadh taillí dóibh féin. I ndiaidh an chéad bhliain bhí trí thicéad as gach ceathrar á ndíol ar an ngréasán domhanda. Inniu, ní féidir suíocháin a chur in áirithe ar eitiltí an Ryanair ach tríd an leathanach gréasáin nó trí lárionad glaonna an chomhlachta, Ryanair direct. Is é sin, ní bhíonn na gníomhaireachtaí taistil ag díol ticéad d'eitiltí an Ryanair ar aon nós a thuilleadh.

2001[athraigh | athraigh vicithéacs]

Thosaigh an Ryanair ag oibriú bunáit nua eitilte i Charleroi sa Bheilg sa bhliain 2001. Is é an t-ainm a baisteadh ar an aerfort seo i mbróisiúir an chomhlachta ná "An Bhruiséil Theas", cé go bhfuil Charleroi suite faoi leathchéad ciliméadar den Bhruiséil. Ní ba deireanaí sa bhliain chéanna, d'ordaigh an aerlíne 155 eitleán nua den déanamh Boeing 737-800. Glacadh leis go bhfuair an Ryanair iad ar lacáiste nár bheag, nó i ndiaidh an ionsaí a rinne na sceimhlitheoirí ar an Dá Thúr i Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001, ní raibh ag éirí go maith le déantús na n-eitleán, mar ghnó. Socraíodh go seachadfaí na heitleáin seo don Ryanair i rith na mblianta 2002-2010, agus bhí timpeall ar chéad ceann acu seachadta sa bhliain 2005, cé gur chuir stailc na meaisíneoirí ag an gcomhlacht úd Boeing isteach ar an obair.

2003-2004[athraigh | athraigh vicithéacs]

Sa bhliain 2003, d'fhógair an Ryanair go raibh sí ag ceannach 100 eitleán eile den chineál chéanna ón mBoeing. In Aibreán na bliana céanna, cheannaigh an Ryanair an aerlíne úd Buzz, aerlíne ísealchostais a raibh an gnó ag teip uirthi, ón KLM, an aerlíne Ollannach.

Nuair a bhí an bhliain 2003 ag druidim chun deiridh, bhí an Ryanair ag freastal ar 127 aerchúrsa, agus 60 ceann acu oscailte i rith na bliana céanna. Timpeall ar lár na bliana 2004, bhí 11 bhunáit ag an Ryanair ar fud na hEorpa.

I rith na bliana 2004, thug O'Leary rabhadh go raibh cath deiridh le cur idir aerlínte na hEorpa, agus nach dtiocfadh ach cúpla aerlíne ísealchostais slán as an teagmháil sin - an Ryanair agus an comhlacht úd EasyJet, de réir chosúlachta. Sa dara ráithe den bhliain sin a chaill an comhlacht airgead an chéad uair le fada anuas, - 3.3 milliún euro. Ní raibh mórán ann, áfach, i gcomparáid leis an mbrabús a bhí á dhéanamh ag an gcomhlacht roimhe sin, áfach.

Tháinig an aerlíne slán as an gcruachás seo, agus í ag saothrú brabús maith go gairid ina dhiaidh sin. Ar an 1 Bealtaine 2004, chuaigh tíortha nua san AE mar bhallstáit, rud a chuir ar chumas an Ryanair agus na n-aerlínte ísealchostais eile aerchúrsaí nua a oscailt sna tíortha seo.

2005-2006[athraigh | athraigh vicithéacs]

I bhFeabhra 2005, d'fhógair an Ryanair go raibh 70 eitleán eile den déanamh chéanna ordaithe aici, agus céadrogha aici ar 70 ceann i mbreis orthu sin. San am sin glacadh leis go gcuirfeadh an ceannach seo ar chumas na haerlíne líon na bpaisinéirí a ardú ón 34 mhilliún, a raibh súil leo don bhliain 2005, go 70 milliún sa bhliain 2011. Bheadh cuid de na heitleáin seo lonnaithe sna bunáiteanna Eorpacha, dhá cheann déag acu, a bhí ann cheana féin, agus an chuid eile le lonnú sa deich mbunáit nua a bhí an comhlacht dírithe ar a oscailt i rith an chéad seacht mblian eile.

I Meitheamh 2006, tháinig an teachtaireacht ón gcomhlacht go raibh meán-teacht isteach an ráithe a shroichfeadh a dheireadh ar an 30 Meitheamh 13 % níos airde ná sa ráithe chéanna den bhliain roimhe sin, agus go raibh líon na bpaisinéirí 25 % níos airde, is é sin, go raibh 10.7 milliún paisinéir ann - le fírinne, bhí sé deacair an dá ráithe sin a chur i gcomparáid, áfach, ó bhí an Cháisc sa chéad ráithe den bhliain 2005 agus sa dara ráithe den bhliain 2006. Chuaigh an glanbhrabús 80 % i méadaíocht i rith an ráithe chéanna sa bhliain 2005. Thug lucht bainisteoireachta an chomhlachta le fios go raibh sé incheaptha nach gcloífeadh an aerlíne leis an ráta borrtha céanna a raibh fágtha den bhliain, cé gur tháinig 27 n-eitleán nua in úsáid, agus aerchúrsaí nua á n-oscailt.

An chuid is mó den deich mbliana seo caite chuaigh líon paisinéirí an Ryanair in airde le 26 % in aghaidh na bliana. Sna luathbhlianta ní raibh an aerlíne ag iompar ach 700,000 duine in aghaidh na bliana, nó ní ba lú fós, ach sa bhliain 2003, bhí líon na bpaisinéirí méadaithe go 21.4 milliún. Is é is cúis leis an bhfás millteanach seo ná an dóigh a raibh an Ryanair in ann tuilleadh eitleán a chur ag obair agus aerchúrsaí nua a oscailt. Mar sin, ní raibh n aerlíne i bhfad ag baint amach a háite i measc na gcomhlachtaí aerthaistil is mó san Eoraip. Sa bhliain 2004, d'iompair sí 20 % ní ba mhó paisinéirí ná na British Airways féin.

I rith na sé mhí roimh an 30 Meán Fómhair 2006 shaothraigh an Ryanair brabús 329 milliún euro - curiarracht a bhí ann. I rith na tréimhse céanna, d'fhás líon na bpaisinéirí go 22.1 milliún, arbh ionann é agus fás fiche faoin gcéad nó ní ba mhó, agus shroich an t-ioncam 1.256 mórmhilliún euro, arbh ionann é agus fás tríocha faoin gcéad.

An Clár Faisnéise Dispatches[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ar an 13 Feabhra 2006, chraol an Channel Four clár faisnéise faoin Ryanair mar chuid den tsraith úd Dispatches. Lochtaigh an clár polasaithe traenála an Ryanair chomh maith leis an nós imeachta slándála agus staid an tsláinteachais, agus d'aibhsigh sé an ísle meanman i measc fhoireann oibre an Ryanair. Dhiúltaigh an Ryanair do na líomhaintí a rinneadh ar an gclár faisnéise. Na foilseacháin de chuid an Ryanair a bhí le feiceáil ar an gclár, go háirithe an ceann a thaispeáin grianghraf d'aeróstach ina codladh, d'áitigh an aerlíne gur foilseacháin bhréagacha bhrionnaithe a bhí iontu.

An Tairiscint Táthcheangail ar Aer Lingus[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rinne Ryanair iarracht a dhéanamh chun Aer Lingus a cheannach faoi dhó, i 2006 agus 2008, ach theip orthu an dá uair.

Sa bhliain 2006 rinne an Ryanair tairiscint táthcheangail ar 1.48 mórmhilliún euro ag iarraidh Aer Lingus a cheannach. Dúirt Micheal O'Leary, príomhoifigeach feidhmiúcháin an Ryanair, gur "aiméar gan a leithéid" a bhí ann le gnólacht eitleoireachta Éireannach amháin a chur ar bun a d'iompródh breis agus leathchéad milliún paisinéir in aghaidh na bliana.

Rinne Aer Lingus comhlúthacht ar Stocmhalartán na hÉireann ar an 2 Deireadh Fómhair 2006, i ndiaidh do Rialtas na hÉireann an cinneadh a ghlacadh go ndíolfaí breis is leath den bhun 85.1 % a bhí ag an Stát sa chomhlacht. Choinnigh lucht oibre an chomhlachta an bun a bhí acusan ann, is é sin, 15 %. Ar dtús bhí na scaireanna ag dul €2.20 an ceann, ionas gur luacháladh an comhlacht ar 1.13 mórmhilliún euro ar fad. Chuir an Ryanair in iúl go raibh sé tar éis bun 16 % a cheannach in Aer Lingus, agus go raibh sé ag tairiscint €2.80 an ceann ar na scaireanna a bhí fágtha. Ar an lá céanna, dhiúltaigh Aer Lingus don tairiscint táthcheangail, ó bhí sí ag teacht salach uirthi féin. Bhí 47 % de scaireanna an chomhlachta ag an Stát, ag iontaobhas úinéireachta an lucht oibre agus ag slánaonaid eile nach raibh sásta glacadh le tairiscint an Ryanair. Thairis sin, bhí seilbh ar 4 % eile ag Banc na hÉireann agus ag Bainc-Aontas Éireann, nach raibh an chuma orthu go mbeidís sásta a gcuid a dhíol leis an Ryanair. Mar sin, thit an tóin as an tairiscint táthcheangail.

2007[athraigh | athraigh vicithéacs]

An brabús a bhain an comhlacht amach sa cheathrú ráithe den bhliain 2006, chuaigh sé thar a raibh tuartha ag na hanailiseoirí. Sa tréimhse ó Dheireadh Fómhair 2006 go Feabhra 2007 chuaigh an stoc timpeall ar 50 % i méadaíocht. Thug na nuachtáin le fios go raibh an comhlacht ag díol a chuid eitleán den déanamh 737-800 thar an bpraghas a d'íoc sé féin astu. Tugadh faoi deara freisin go raibh na táillí eitilte ag fás.

I Mí Eanáir 2007, i ndiaidh don BhBC fiosrú a dhéanamh, d'admhaigh an Ryanair nach raibh an comhlacht i ndiaidh a chuid astúchán dé-ocsaíde carbóin a ghearradh síos le 50 %, mar a bhí tugtha le fios aige. Is é an míniúchán a tugadh ná gur "earráid" a bhí i gceist.

Carraeir cianaistir[athraigh | athraigh vicithéacs]

In Aibreán 2007 d'fhógair Michael O'Leary, príomhoifigeach feidhmiúcháin an chomhlachta, go raibh sé meáite ar aerlíne nua cianaistir a thosú timpeall na bliana 2009. Dúirt sé go mbeadh an aerlíne nua neamhspleách ar an Ryanair agus go mbeadh a brandáil féin aici.

Thairgfeadh sí idir aerthaisteal ísealchostais agus seirbhísí grád gnó agus iad i bhfad níos daoire. Ar an dóigh seo bhí O'Leary ag déanamh go bhféadfadh sé dul in iomaíocht le gnólachtaí aerthaistil cosúil le Virgin Atlantic Airways.

Bheadh eitleáin na haerlíne nua ag eitilt ó shean-bhunáiteanna an Ryanair san Eoraip go cúig bhunáit nua san Oileán Úr. Ní bheadh sé ag baint úsáide as na haerfoirt mhóra cosúil le hAerfort John F. Kennedy i Nua-Eabhrac, ach as aerfoirt bheaga taobh amuigh de na cathracha móra.

De réir na bpleananna atá ann - fós inniu (i 2017) - beidh daichead nó caoga eitleán den déanamh Airbus A350XWB nó Boeing 787 Dreamliner ag an aerlíne nua.

Is é Michael O'Leary ceannaire an chomhlachta. Sa bhliain 2009 thosaigh siad ar teicneolaíocht a chur ar fáil do ghutháin phóca ina n-eitleáin. Tugann sé seo cead do phaisinéirí a gcuid fóin a úsáid ar na heitleáin, ach ar chostas níos airde.

Caidreamh poiblí & tionsclaíoch[athraigh | athraigh vicithéacs]

Tá Ryanair ar na comhlachtaí Eorpacha is mó is ábhar conspóide, agus é molta agus cáinte araon go flúirseach.[fíoras?] Is geal le lucht a mholta diongbháilteacht an chomhlachta ar tháillí ísle a thairiscint, chomh maith lena bhainistíocht radacach agus a dhúil le dul i ngleic leis na comhlachtaí agus leis na leasanna atá seanbhunaithe sa tionscail (agus é sin ar nós Southwest Airlines Mheiriceá a bhí ar tús cadhnaíochta i bhforbairt múnla na haerlíne beagchostais).

Ach tá cáineadh searbh tuilte ag Ryanair fosta mar gheall ar a pholasaithe i dtaobh na gceardchumann,[2] agus tá margaíocht mí-ionraic curtha ina leith chomh maith.[3]

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]